Republican News · Thursday 14 August 2003

[An Phoblacht]

Croí an Phobail i mBéal Feirste


They couldn't keep AN DRAOI RUA away from Féile an Phobail in Belfast which, he writes, had an atmosphere of celebration and struggle.


Cad é an rud is fearr leat fá Fhéile an Phobail? Is dócha go mbeadh freagra ar leith ag gach aon duine a d'fhreastail ar na himeachtaí an tseachtain seo chaite. Cinnte, bhí réimse leathan imeachtaí ar súil le linn an fhéile agus is léir go ndearna an lucht eagraithe a seacht ndícheall freastal ar chách.

Ceiliúradh agus streachailt - is í sin an íomhá atá cruthaithe ag muintir Bhéal Feirste agus an féile seo ar siúl le cúig bhliain déag anois. Níl amhras ar bith ach go bhfuil fás ollmhór tagtha ar an fhéile thar na blianta. Cé go bhfuil feachtas polaitiúil ag gabháil ar aghaidh go fóill, is léir nach gá do phobal na cathrach a bheith faoi ghruaim.

In ainneoin gach rud a d'fhulaing pobal Bhéal Feirste, léiritear go bhfuil spiorad iontach acu ar fad. Bíonn craic ag daoine i mBéal Feirste, ní caitear an t-am ag smaointiú faoina gcruachás. Seo mar atá an tsaol - streachailt agus ceiliúradh.

Bhí clár imeachtaí den chéad scoth eagraithe ag Féile an Phobail agus rinneadh násc idir an cheiliúradh agus an streachailt, ní amháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta chomh maith. Bhí comharthaí ar chúiseanna éagsúla le léamh ar fud na cathrach le linn an Fhéile. Is cosúil go dtuigeann muintir Bhéal Feirste gurb ionann an streachailt agus feachtas cultúrtha. Bhí drochíomhá de mhuintir Bhéal Feirste cruthaithe ag na meáin sna blianta sular eagraíodh 'Féile an Pobail'. D'éirigh leis an fhéile croí an phobail a shoiléiriú mar ba chóir.

B'fhéidir nach bhfuil na círéibeacha is an trioblóid ar siúl anois ach leantar le cogadh cultúrtha le saoirse pholaitiúl a bhaint amach. D'éirigh go maith le muintir Bhéal Féirste iad féin a chur i gcomparáid le comrádaithe i bPalaistín, i dtír na mBáscach san Aifric agus sna Stáit Aontaithe Mheiriceá fiú. Ní amháin go raibh ceol agus bia idirnáisiúnta le blasadh le linn an fhéile ach rinneadh ceangail agus násc le pobal na cruinne faoi smacht.

Cé gur cuireadh cosc ar Dr Mustafa Barghouti an Phalastín a fhágáil, d'éirigh leis labhairt le pobal Bhéal Feirste i gColáiste Mhuire 5 Lúnasa. Labhair sé thar an idirlíon agus scaileán mór le feiceáil ar an bhalla. Mar aon leis sin, chuir Jeremy Hardy síos ar an dóigh a chaith scaifte idirnáisiúnta tréimhse mar cosántóirí daonna sa Phalaistín, iad ag seasamh os comhair tancanna is araile.

Cuireadh cás na hÉireann i gcomparáid le tír na mBascach le linn díospóireacht fá dheireadh an daonlathais sa Spáinn. Is cosúil nach bhfuil rialtas na Spáinne tuilteanach gabháil i mbun cainteanna ar son síochána, b'fhearr i bhfad leo an lámh láidir a úsáid agus daoine a choinneáil faoi smacht.

Chomh maith leis sin, bhí sé saor in aisce Michael Moore a fheiceáil. Is é an t-údar ar Stupid White Men agus stiúrthóir Bowling for Columbine.

D'eagraíodh neart imeachtaí eile ar chúlra agus ar stair Bhéal Feirste, bhí imeachtaí teaghlaigh, taispeántais ealaíona, ocáidí litríochta, turais agus eile. Thar aon rud eile, bhí ceolchoirmeacha éagsúla ar siúl san ollphuball i lár Bhaile Anderson. Bhí pobal sa phuball gach oíche agus ceol de gach saghas ar siúl; ceol traidisiúnta, idirnáisiúnta, rac-cheol, comhaimseartha maraon l'oíche grinn. Cé go raibh an puball lonnaithe cóngarach go leor don reilig, léiríodh go bhfuil neart beocht i muintir Bhéal Feirste ar fad.

Seanfhocal na Seachtaine

'Cuir an ceart roimh an fhéile.'

Ní féidir l'éinne dearmad a dhéanamh fá chearta le linn Fhéile an Phobail i mBéal Feirste ach ní chuirtear isteach ar an cheiliúradh.

Gluais

ceiliúradh celebration

streachailt struggle

feachtas polaitiúil political campaign

in ainneoin in spite of

comharthaí signs

cúiseanna causes

drochíomhá bad image

cruthaithe created

círéibeacha riots

comrádaithe comrades

cosántóirí daonna human shields

stiúrthóir director

taispeántais exhibitions

cóngarach near


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News