Dúshlán Mór roimh Ghaelscoileanna
This week, AN DRAOI RUA discusses how Gaelscoileanna are now facing one of their greatest challenges in the development and encouragement of secondary level schools through the medium of Irish.
Bhí Comhdháil bhliaintiúil ag Gaelscoileanna in Órán Mór, Co. na Gaillimhe ar na mallaibh. Feictear go bhfuil fás iontach tagtha ar líon na mbunscoileanna agus ar mhéid na ndaltaí ag an bhunleibhéal a bhfuil oideachas trí Ghaeilge curtha ar fáil dóibh. Tuigtear go bhfuil 144 bunscoil agus 23,000 páiste ag freastal orthu taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é an rud atá ann, áfach, ná nach bhfuil ach 35 meánscoil lán-Gaeilge agus 5,000 ag freastal orthu siúd. Mar sin de, níl ach 25% de pháistí bunscoileanna ag gabháil ar aghaidh l'oideachas lán-Gaeilge.
Ar ndóigh, tá na sonraí seo tugtha fá deara ag Gaelscoileanna agus é ar intinn acu gabháil i ngleic leo. Adhmhaíonn an eagraíocht gur chaitheadh cuid mhaith ama ag díriú ar fhorbairt agus ar dheacrachtaí na mbunscoileanna. Tuigeann siad go bhfuil dualgas práinneach orthu freastal ar an iar-bhunscolaíocht.
Le cúpla bliain anuas, tá iarrachtaí móra déanta ag Gaelscoileanna aghaidh a thabhairt ar fhorbairt na meánscoileanna lán-Gaeilge. D'éirigh leo an córas marcála a choinneáil sa dóigh is go mbeidh pointí cúitimh ag daltaí Ardteiste a dhéanann na scrúdaithe trí mheán na Gaeilge. Mar aon leis sin, rinneadh freastal ar na riachtanais inseirbhíse do mhúinteoirí ag an dara leibhéal. Cinnte, níl thuasluaite ach cuid den fheachtas.
Is é an dúshlán atá roimh Ghaelscoileanna anois ná daltaí bunscoile lán-Gaeilge a mhealladh chuig meánscoileanna atá ag feidhmniú trí mheán na Gaeilge. Mar chuid den fhadhb seo, aithnítear nach bhfuil go leor meánscoileanna lán-Gaeilge sa tír agus nach bhfuil an seirbhís ar fáil do gach páiste bunscoile. Deir Dónal Ó hAinniFéin, Uachtarán Ghaelscoileanna, go gcreideann sé go bhfuil sé deich n-uaire níos deacra meánscoil lán-Gaeilge a bhunadh ná bunscoil lán-Gaeilge.
Fiú sna ceantracha ina bhfuil bunscoil agus meánscoil lán-Ghaelach ag feidhmniú congárach dá chéile, níl an oiread sin daltaí ag gabháil ar aghaidh l'oideachas lán-Gaeilge. Feictear gur chóir níos mó bolscaireacht a scaipeadh i dtaobh buntáistí na meánscoileanna lán-Gaeilge. Mar thoradh ar seo, tá físeán scaipithe i measc cuid mhór de na scoileanna ag moladh do dhaltaí agus do thuismitheoirí smaoineamh ar an dara leibhéal trí mheán na Gaeilge. Lena chois sin, tá taighde déanta ag an eagraíocht ar na buntáistí a bhaineann l'oideachas i meánscoil lán-Gaeilge. Ina theannta sin, seoladh an saothar 'Lámhleabhar Margaíochta Iarbhunoideachais' le linn na Comhdháile in Órán Mór. Ba cheart go mbeidh na treoracha agus na foinsí eolais ar fad an-úsáideach d'éinne atá ag iarraidh freastal ar mheánscoileanna lán-Gaeilge a spreagadh.
Creidim Féin go bhfuil tacaíocht de dhíth ag Gaelscoileanna a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích. Tuigimid nach fiú do pháistí scoile a bheith báite leis an Ghaeilge i suíomh ranga amháin. Caithfidh a thuiscint gur teanga nadúrtha í an Ghaeilge agus muna bhfuil sí le cloisteáil, le feiceáil is le léamh sa timpeallacht máguaird is beag seans go mbeidh an Ghaeilge le labhairt ag daltaí taobh amuigh den scoil. Cuimhnítear go ndeachaigh na glúnta romhainn trí oideachas lán-Gaeilge ach nár bhain siad úsáid aisti chomh luath agus a d'fhág siad na meánscoileanna. Faraor, tá dearmad ar fad, déanta acu siúd ar a gcuid Gaeilge.
Seanfhocal na Seachtaine
'As an obair a bhfaightear an fhoghlaim.'
Is dócha go bhfuil neart le foghlaim againn ar fad de réir mar a leanann muid ar aghaidh ag streachailt lenár gcuid oibre agus táithí againn dá bharr.