Republican News · Thursday 31 August 2000

[An Phoblacht]

Nósanna an Fhómhair

Draoi Rua

Caithfidh a adhmháil gur tréimhse thar a bheith tábhachtach an fhómhair. Is dócha, áfach gur thuig ár muintir cé comh tábhacht is a bhí sé is saol na ndaoine ag brath ar an mhéid a bhí tógtha i rith an séasúir seo.

Bhí nósanna áirithe agus pisreoga éagsúla bainte leis an fhómhair. Gan amhras, bhí an teaghlach is a chomharsana páirteach inti. Baineadh an Fhómhair agus iad ag cloí leis na nósanna mar a bhí déanta roimhe ar eagla na heagla go mbeadh tubaiste úafásach ann. Chreid daoine go raibh dualgas orthu na rudaí seo a chomhlíonadh díreach mar a rinne a sinsear nó teipfeadh ar an Fhómhair agus bheadh siad i gcruachás agus ocrach thar an gheimhreadh.

Is íontach an rud é ach feictear go raibh na traidisiúin céanna le fáil ins sna tíortha Ceilteacha ar fad i dtaobh bailiú arbhair. Ní thig liom sainmhíniú a thabhairt ar cad chuige a raibh na nósanna céanna acu sa Bhriotain go hAlban ach amháin le rá gur Ceiltigh iad uilig. Ar ndóigh, is cinnte gurb é an t-arbhair an planda is mó agus is coitianta a d'fhásadh sna tíortha seo. Ní amháin sin ach bhrath siad ar Fhómhair an arbhair beagnach go hiomlán óir ní raibh an réimse céanna glasraí acu agus atá ar fáil sa lá atá inniú ann.

Bhí duine ar leith roghnaithe leis an chéad phunann arbhair a bhaint ach creidtear go raibh i bhfad níos mó tábhacht ag baint leis an phunann deireannach sa pháirc. Deirtear go raibh ádh ar leith bainte leis an obair agus diasanna arbhair á chaitheamh ag daoine ina gcuid hátaí nó ina gcriosanna. Lena chois sin, ba dheas an rud é `bail ó Dhia ar an obair!' a chluinstin ó thaistealaithe ar an bhóthar. Leoga, le linn d'oibrithe a bheith ag baint an Fhómhair, dá mbeadh ainmhí aonair ná éan áirithe le feiceáil ag teitheadh, creidfear gurb í spiorad na páirce ag imeacht as.

Bhí spiorad arbhair féin le fáil ins sa phunann dheireannach. Cuireadh `cailleach' uirthi de ghnáth. Toghadh an duine is sine nó an girseach is óige leis an chuid seo a bhaint. Ós rud é go raibh spiorad arbhair inti ar fad, ní raibh cead ligint don phunann seo titim go talamh riamh. Maise, dá mbeadh duine ag iarraidh drochádh a tharraingt ar dhuine caitheamh an phunann seo ar thalamh s'aigesen.

Chomh luath agus a bhí an `cailleach' bainte, thosaigh an céiliúradh. Bhíodh rogha gach bí is togtha gach dí ar fáil agus bhíodh an suíochán is fearr ar fáil don té a bhain an `cailleach'.

Tá sé thuasluaite agam nach raibh cead ligint don `cailleach' titim go talamh. Caitheadh uisce ar an `chailleach' agus tógadh isteach í. In áiteanna áirithe rinneadh babóg di agus d'fhanadh sí sa teach thar an Gheimhreadh. Ag brath ar an cheantar, rinneadh rudaí áirithe san Earrach:-

1. Cuiredh an `cailleach' leis an síol agus páirceanna á chur

2. Tugadh an `cailleach' mar bhia don chapall Lá Fhéile Bhríde nó nuair a bhí an talamh le treabh

3. Tugadh an babóg do bhean óg a bhí le pósadh an bhliain sin

4. Rinneadh suaitheantais tórthúlachta den `chailleach'

B'í an rud a bhí ann ná gur chreid na daoine go raibh sé riachtanach go mbeadh deis ag spiorad an arbhair filleadh ar ais chuig an talaimh ar dhóigh éigin nó go dtugfar tórthúlacht éigin ar ais don phobal.

Níl amhras ar bith ann ná go bhfuil tionchar mhór phágántachta le sonrú sna traidisúin seo rud a léiríonn chomh ársa is atá siad. Ar ndóigh, maireann na nósanna agus na pisreoga seo i gcuimhne daoine amháin sa lá inniu agus an oiread sin `forbairt teicneolaíochta' déanta. Creidim féin go raibh i bhfad níos mó measa ag daoine ar a gcuid nuair a bhí sé le baint acu féin, ach nuair is féidir rogha fairsing a fháil go flúirseach san ollmhargadh cailltear an násc leis an dúlra.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News