Republican News · Thursday 20 April 2000

[An Phoblacht]

.Gan dabht `chaill' cuid daoine a bhfuil an-aithne agus clú agus cáil orthu a n-áiteanna ar an Ard Chomhairle i mbliana. I dtóghcháin na hArd Chomhairle níl aon buaiteoirí ná caillteoirí de réir na teoirice go bhfuil muid go léir cothrom ach i mbliana áfach bhí caillteoir amháin - mná an pháirtí. Caidé is féidir a dhéanamh faoi? `sin í an cheist.

Ag ceartú éagóra...

Caidé atá muid chun déanamh faoi stadas na mban i Sinn Féin? `Sin í an cheist ar choir a bheith ar bheola achan duine a bhfuil suim aige nó aici ar thódhchaí an pháirtí seo maidir le clár chomhionannais agus chomhchearta amach anseo. Ní féidir torthaí an tóghcháin dírigh don Ard Chomhairle ag Ard Fhéis na bliana seo a mhíniú in aon bhealach eile ach tubaiste don chlár sin.

Nuair a cháintear na torthaí sin ag daoine atá buartha faoi, déantar iarracht iad a chosaint (ag daoine dea-thola) i dtéarmaí deimhneacha. `Daonlathas' a deirfidh duine amháin, ag rá nach féidir locht a chuir ar achan teachta indibhidiúil de bharr torthaí na dteachta ina iomlán. Bíonn saoirse ag gach teachtaí a chuid roghanna féin a thaispeáint ar an pháipéar vótála agus muna cheapann sé nó sí an duine seo nó an duine sin mar a chéad rogha, ní hionann sin agus meon frithmhná.

`Ní féidir locht a chur ar na vótóirí i dtóghchán' a deirfidh duine eile. `Mura bhfuil siad sasta vóta a thabhairt d'iarrthóirí áirithe, ní hionann sin agus seift... caithfidh na hiarrthóirí jab níos fearr a dhéanamh ag cur iad féin os comhair na dteachtaí'.

ois, níl aon easaontas agam leis an tuairim sin ach an oiread agus ní chuirim locht ar vótóirí as ucht torthaí tóghchána ach cuireann sé mé ag smaoineadh faoin chóras féin trína dtóghaímid an naonúr don Ard Chomhairle.

Cén chaoi a chuireann cumainn ar fud na tíre aithne ar iarrthóirí don Ard Chomhairle? Bhuel, ar ndóigh, bíonn ainmneacha móra, aitheanta ina n-iarrthóirí i gcónaí. Cuirim, mar shampla, úrlabhraithe náisiúnta, daoine tófa, iarchimí mór le rá agus araile. Ní bhíonn ar na daoine seo tada breis a dhéanamh chun a n-ainmneacha nó a n-aghaidheanna a dhéanamh níos aitheanta don Ard Fhéis. Maidin Dé Sathairn nuair a scaiptear na páipéir vótála aithnítear na hainmneacha sin ar an toirt agus, má's féidir aon rud a rá go cinnte faoi nadúr an duine/vótóra is féidir seo a rá: téann sé leis an rud a thuigeann sé agus a aithníonn sé.

Tá sé deacair go leor dul sa seans leis an `nua' agus mura bhfuil móran ban tófa cheana, caidé mar is féidir, mar sin, a chinntiú go mbeidh mná tofa an bhliain seo chugainn?

Bhuel, mar céad chéim chuige seo, sílim gur fiú a rá, go hoscailte, nach ionann athrú ar bhallraíocht na hArd Chomhairle agus vóta mímhuinine sna daoine atá ann cheana féin.

Gan dabht `chaill' cuid daoine a bhfuil an-aithne agus clú agus cáil orthu a n-áiteanna ar an Ard Chomhairle i mbliana ach i dtóghcháin na hArd Chomhairle níl aon buaiteoirí ná caillteoirí i ndáirire. Níl ach naoi n-áit ann, agus má tá duine tófa anúraidh nach dtóghtar i mbliana níl ann ach athrú idir na móriarrthóirí. Gan an alt seo a dhéanamh pearsanta, má smaoineann tú ar liosta na ndaoine a tóghadh i mbliana, tcífidh tú nach bhfuil duine acu ann nach bhfuil `profile' de shaghas éigin cheana. Déanta na fírinne, níor athraigh muid polasaí nuair a tógadh cupla aghaidheanna úra ar an Ard Chomhairle. Níor athraigh muid ach na daoine a bheas freagrach as an polasaí a chur i bhfeidhm.

Má thosaíonn muid ag an pointe sin, aontas gur fiú do chách dul san iomaíocht fa' choinne áit ar an Ard Chomhairle agus gur fiú, freisin, gach duine a tóghtar don Ard Chomhairle - is cuma má's duine cáiliúil nó duine gan `stadas' poiblí - ansin táimid ag teacht níos cóngaraí don uair nuair a thóghfar mná don Ard Chomhairle ar an bhonn céanna a's a tóghtar fir i láthair na huaire.

Ach chomh maith leis sin, caithfidh muid na mná atá sásta bheith ina gceannairí, ina gceannródaithe agus ina dtreoraithe don pháirtí seo, caithfimid iad a thabhairt os comhair an pháirtí ag achan seans. Níor chóir, mar shampla, go mbeadh ardán, comóradh, preas ocáid, cruinniú nó imeacht eile ann gan mná a bheith gníomhach san imeacht. Níor chóir go mbeadh fir ina gcathaoirligh ar chruinnithe má tá bean ar an ardán. Níor chóir duinn ligint d'iriseoirí mná a dhúnadh amach ag imeachtaí preasa. Caithfimid stadas agus infheictheacht na mban sa pháirtí seo a mhéadú idir anois agus Ard Fhéis na bliana seo chugainn. Agus ansin, nuair atá mná aitheanta againn i measc ár mbaill féin, caithfimid na cumainn ar fud na tíre a spreagadh leis an beart ceart a dhéanamh agus vótaí a thabhairt do na mná sin.

Mar a dúirt mé, ba thubaiste é nuair a comhaireadh na vótaí i mbliana agus gan bean amháin tófa don Ard Chomhairle ach, má a chuireann sé naire orainn mar pháirtí agus má a ghríosann sé orainn rud a dhéanamh faoi, b'fhiú an chéacht é. Tá obair mór le déanamh ag fir an pháirtí seo sa bhliain seo chugainn chun na sean chustaim a scoir agus clár chomhionannais a thabhairt isteach ina n-áit.

LE EOGHAN Mac CORMAIC


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News