Buille an Bhachaill
Dá gceapfadh aon duinne go mbeadh Cliarlathas na hEaglaise Caitlicí
ag cúlú ina dhiaidh `athmhacnamh' an Ardeaspaig Uí Chonáil an
tseachtain seo, bheadh dearmad á dhéanamh aige.
Nuair a dúirt úrlabhraí na hEaglaise ag an deireadh seachtain seo
chuaigh thart go mbeadh an Oifig Phreasa ag scrúdú impleachtaí na
raice poiblí a lean ar oráid Uí Chonáil i Má Nuad coicís ó shin, ní
raibh ann ach gníomh iarchosanta le teorann a chur ar an damáiste a
rinne an tArdeaspag nuair a cháin sé tuismitheoirí a pleanann breith
a bpáistí.
Dar le hoifig phreasa na hEaglaise, b'í oráid `acadúil' a thug an
ceannaire eaglasta, nach raibh dírithe ar chosmhuintir na hÉireann.
Cheap sé go mbeadh sé de chead aige caint tuairimiúil nó
`speculative' a thabhairt i Má Nuad, agus admhaíonn sé anois nach
raibh aon bhunús leis, ná aon taighde déanta aige roimh réidh ar
ábhar a léachta. Níl aon chruthúnas, mar sin beidh sibh sásta a
chluinsint, gur mhó an grá a faigheann páiste neamhphleanáilte ná a
mhalairt, ná go mothódh páiste pleanáilte cosúil le `tairge' nuair a
thuigfeadh sé nó sí gur de bharr pleanáil teaghlaigh a tugadh saol dó
nó dí.
Mo náire thú a heaglais a ligeann d'Ardeaspag labhairt go poiblí ar
ábhar nach dtuigeann sé.
Tá roinnt ceisteanna a éiríonn as an eachtra seo, agus an masla a
thug an tArdeaspag ar na mílte tuismitheoirí - agus páistí - agus
glúnta - in Éireann lena bhéalscaoileadh phleanáilte. Ar dtús, ar
ndóigh, tá an masla féin ann. Cad a cheap Ó Conáil faoina chuid
fhocal agus é ag scríobh a oráide roimh ré? Nár áirigh sé riamh go
ndéanfadh ráiméis mar sin fearg ar dhaoine, é ina sheasamh ar a
chrannóg ag tabhairt breithiúnais mar sin, gan taighde fiú mar a
admhaíonn sé anois, agus ag iarraidh aicmí éagsúla a dhéanamh de
pháistí neamhúrchóideacha, cuid acu, dar leis, a bheith níos
tábhachtaí ná cinn eile? Dá smaoinfeadh sé ar feadh bomaite,
thuigfeadh sé nach bhfuil aon slat tomhais cruinn ann faoi `ghrá'
cibé scéal é, ach i gcás na bpáistí ach go háirithe. Tá, go deimhin,
easpaig agus sagairt in Éirinn a thug saol do pháistí
`neamhphleanáilte' nár thaispeáin aon ghrá riamh dá síol, rud, nach
mór a rá nach bhfuil aon pioc difriúil ó thaithí an tuaith. Ní
cluintear faoi páistí pleanáilte á thabhairt suas d'altromas.... Ní
féidir a rá go mbeidh níos mó grá ag tuismitheoirí - posta ná
aonaracha - do pháistí neamhphleanáilte thar páistí pleanáilte, rud
ba shoiléir don duine ba dhúire in Éirinn murach é a bheith ina
Ardeaspag.
Chomh maith leis sin, éiríonn an cheist eile má a bhí an tArdeaspag
den tuairim gur chliste a lucht féachána / eisteachta i Má Nuad ná
cosmhuintir na hÉireann? Oráid acadúil, an miniú a thug a úrlabhraí
ina dhiaidh an ruaille buaille. Dá mba sheanmhóir ní bhainfeadh an
tArdeaspag úsáid as na focail céanna. Bí ag caint faoi débhríochas!
Agus is as sin a thagann an tríú ceist... an bhfuil sé ceart go
mbeadh Ardeaspag, nach bhfuil aon tuiscint phearsanta aige, mar a
deir sé féin, ar thuismitheoireacht, in ann léachtanna a thabhairt
agus breithiúnas a dhéanamh ar scileanna tuismitheoireachta? Is fada
an nós seo ag an Eaglais, ag gobadh a srón isteach seomraí codlata an
náisiúin, ag iarraidh rialacha a leagadh síos ar dhaoine faoina
saolta príobháideacha, agus ag caint go húdarásach ar nithe nach
bhfuil aon údar acu ann in aon chor.
Cruinníonn siad i Má Nuad, fir, agus seanfhir don chuid is mó, chun
léachtanna `acadúla' a thabhairt ar rudaí nach dtuigeann siad. Agus
bíonn siad ag súil go mbeidh an pobal - a bhfuil taithí laethúil,
agus tuiscint phraicticiúil acu ar an ábhar faoi chaibidil - ag
geilleadh do tuairimíocht na nEaspag. Tá sé dothuigthe. Bheadh sé
greannmhar ach go bhfuil sé chomh dáirire!
Éilíonn Albanaigh agus Breatnaigh féinrialtas le téagar
Más fíor don bhéadán polaitiúil in Albain d'impigh ceannasaíocht
Pháirtí an Lucht Oibre sa tír sin ar Tony Blair fanacht amach as an
bhfeachtas toghchánaíochta do pharlaimint na hAlban. Chuir sé
gliondar ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban nár éist an Blárach leis an
achainí sin. Gach uair a osclaíonn sé a bhéal in Albain cloistear
gothaí shotal Londan agus macalla de chur chuige uasal le híseal
Major agus Thatcher.
Is amhlaidh i gcás na Breataine Bige mar a chuir an feachtas le
Rhodri Morgan a stopadh ó bheith ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht
Oibre sa tír sin múisiam ar chuid mhór daoine. Fear é Morgan a bhfuil
tacaíocht aige mar ábhar Chéad Rúnaí ó thromlach mór de bhaill a
pháirtí agus a bhfuil meas forleathan air i measc mhuintir na
Breataine Bige trí chéile. Tá na Bláraigh ina choinne ar dhá chuntar,
go bhfuil sé rómhór ar clé dóibh agus go bhfuil sé rónáisiúnaíoch.
Bhí léargas ar leith ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair sa
Bhreatain Bheag i léacht a thug Ieaun Wyn Jones, feisire parlaiminte
do Ynys Mon, i gColáiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, le déanaí.
Is é Wyn Jones stiúrthóir toghchánaíochta Plaid Cymru do thoghchán an
chomhthionóil. Thagair sé do chuspóir fadtéarmach an Chonartha
Cheiltigh, cónaidhm Cheilteach a chur ar bun.
Dúirt sé gurbh fhada ón gclár gnó an fhís sin i 1961 (nuair a
bunaíodh an Conradh Ceilteach) gan trácht ar 1925 (bliain bhunaithe
Plaid Cymru). Ach, dar leis, beidh an Bhreatain Bheag ag glacadh ``the
first tentative step'' sa treo sin leis an toghchán ar 6 Bealtaine
agus seoladh an chomhthionóil ceithre lá níos déanaí. Ní raibh
parlaimint sa Bhreatain Bheag ó thús na 15ú haoise. (Seasann an teach
parlaiminte in Macynlleth i gcónaí.)
Dá ndiúltófaí don chomhthionól sa reifreann anuraidh bheadh an deis
ar athló go ceann glúine, de réir Ieaun Wyn Jones. Ar ndóigh ní
hionann an comhthionól agus an cineál forais le cumhacht a bhí Plaid
Cymru ag éileamh. Tá íomhá nua ann den Bhreatain Bheag mar náisiún a
bhfuil muinín aici aisti féin. Meastar sna healaíona le tamall anuas
gur rud dearfach é a bheith Breatnach, mar shampla.
Dúirt an léachtóir go mbeadh an Bhreatain Bheag thíos leis toisc nach
mbeadh, ar a laghad, parlaimint ar nós na hAlban aici. Cuirfidh an
easpa cumhachta srian mór leis an gcomhthionól. Leanfar le ``Foirmle
Barnet'', gnás a chinntíonn go gcaitear sa Bhreatain Bheag sciar suite
de mhaoiniú reanna rialtais. Fágann sé sin ``síleáil'' de thart faoi £7
billiún ar chaitheamh rialtais sa tír.
Fiú agus an comhthionól ar bun ní bheifear in ann athruithe radacacha
a dhéanamh sa Bhreatain Bheag gan cead ón bparlaimint i Londain. Ach
mheas Ieuan Wyn Jones go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh i dtrí
earnáil, forbairt eacnamaíoch (agus cothromú idir oirthear agus
iarthar na tíre), caidreamh díreach le forais AE agus cur chun cinn
na Breatnaise.
Comhaontas Ceilteach Choláiste na Tríonóide i gcomhar leis an
gConradh Ceilteach a d'eagraigh an léacht. Bhunaigh slua de mhic
léinn an choláiste an Comhaontas ag tús na bliana acadúla agus ba
ábhar spéise é a eolasaí agus a ghéarchúisí is a bhí na ceisteanna a
chuir siad ar an bhFeisire Wyn Jones.