Ceart agus éigean i bpóilíniú Dheisceart Domhain
Is í an deacracht is mó atá ag Mary Robinson agus í ag feidhmiú
mar Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna go
mbreathnaítear uirthi mar iarrthóir na Stát Aontaithe don phost.
Is cinnte gur míbhuntáiste é do dhuine a bheith ina Bhéarlóir
geal agus é ag seanmóireacht le tíortha na hAfraice nó na hAise
faoi chearta daonna. Ní ceart ionadh a bheith ar an Roibíneach
mná faoi sin ó is uirlis bholscaireachta agus pholasaí eachtrach
an chnáimhseáil fhimínteach faoi shárú cearta daonna i ndeisceart
domhain.
Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an t-éileamh cóir ar chearta
daonna (mar atá leagtha amach, mar shampla, san Fhorógra Domhanda
um Chearta Daonna nó sna Choinbhinsin Idirnáisiúnta um Chearta
Sibhialta agus Polaitiúla agus um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta
agus Cultúir) agus tapadóireacht na gcumhachtaí móra agus iad ag
cur a ladar isteach i gcúrsaí tíortha eile.
Fimínteacht ghlan a bhíonn ansin ó sáraítear cearta daonna go
laethúil sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin
agus sa Fhrainc (agus is iad siúd is mó a bhíonn ag cnáimhseáil).
Cheap beirt ollamh Ghearmánacha, Uwe-Jens Heuer (feisire
parlaiminte de chuid an PDS) agus Gregor Schirmer, an téarma
``impiriúlachas cearta daonna'' i bpáipéar a foilsíodh le déanaí.
Is é atá i gceist acu an chaoi a mbaintear leas as cearta daonna
mar ghléas le neamhspleáchas thíortha an tríú domhain a mhaolú.
Ar ndóigh ní rud nua é seo. Baineadh leas ciniciúil as cearta
daonna mar ghléas troda le linn an Chogaidh Fhuair. D'admhaigh
Henry Kissinger é sin ina leabhar The Reason of Nations. Bhí
cearta daonna mar nath cainte úsáideach i reitric Nixon, Ford
agus Carter ach ba uirlis lárnach amach is amach iad in armlann
Ronald Reagan.
On tráth sin i leith tháinig na Stáit Aontaithe agus ECAT/NATO i
dtír ar shárú cearta daonna (nó líomhaintí ar a sárú) mar
leithscéal le dul i mbun gníomhaíochta míleata. Chum
snoídhochtúir éigin an nath ``humane intervention'' ar ócáid
amháin. Is deacair daonnúlacht a shamhlú le teasargan míleata
ach, pé ar bith, bíonn eachtraíocht mar sin ina shárú ar an dlí
idirnáisiúnta (Airteagal 2.4 de Chairt na Náisiún Aontaithe).
Níor chualamar riamh faoi chumhachtaí an Iarthair ag dul i mbun
gníomhaíochta míleata le cearta eacnamaíocha nó sóisialta a
chosaint, agus ní chloisfidh. Arís agus arís eile meabhraítear
dúinn faoi mar atá cearta sibhialta á séanadh san Iaráic - agus
tá, ar an mórchóir - ach tá an ceart chun beatha, an ceart chun
dea-shláinte agus an ceart chun caighdeán maireachtála sibhialta
á séanadh ar na milliúin sa tír sin de dheasca na smachtbhannaí.
Is buncheart é ag duine slí bheatha a bheith aige. Séanann an
caipitealachas an ceart sin ar dhaoine. Tá na sluaite gan áireamh
tar éis bás a fháil sa Rúis le linn uachtaránacht Yeltsin de
dheasca na n-iarrachtaí tuatacha an caipitealachas a athbhunú
ansin. Fuair na daoine sin bás le hocras, le galair agus le
héadóchas (mar is léir ón andúileacht fhorleathan drugaí agus
alcóil). Ní aithnítear an bhrúidiúlacht sin go coitianta mar
shárú ar chearta daonna.
Luann Heuer agus Schirmer eachtra nár poiblíodh i dtíortha an
Bhéarla le linn na géarchéime san Albáin i Márta 1997. Chuaigh
díorma de shaighdiúirí Gearmánacha isteach san Albáin le
saoránaigh Ghearmánacha a thabhairt abhaile. Scaoil siad le
daoine a bhí sa mbealach orthu. Faoi mar a tharla níor maraíodh
aon duine.
Níor thug na Gearmánaigh réamhfhógra do rialtas na hAlbáine (gan
trácht ar a gcead a lorg). Ní dheachaigh siad i gcomhar leis na
Náisiúin Aontaithe fiú. Dúradh ag an am go mbeadh an cur chuige
sin ina ghnáthchleachtas feasta. Tá an Bundeswehr (arm na
Gearmáine) á oiliúint chuige sin. Ní thagann dlí, moráltacht nó
daonlathas i gceist i leagan amach dá leithéid.
Deir an bheirt údar nach móide go bhfeicfear gníomhaíocht
mhíleata ó na póilíní domhanda féincheaptha, in éadan Shasana in
Éirinn, na Rúise in Chechnia nó na Síne sa Tibéid. Tríd is tríd
is iad na tíortha a ionsófar amach anseo tíortha laga a bhíonn
tréigthe ag a gcomhghuaillithe. `Sin an Leagan Amach Domhanda
Nua.
Colm de Faoite
Abajo el bloqueo yanqui!
Níor chuir Fidel Castro fiacail ann an tseachtain seo caite agus
é ag labhairt san Eilvéis. ``Cinedhíothú'' a thug sé ar chur chuige
na Stát Aontaithe maidir le Cúba.
Seoladh an trádbhac Meiriceánach ar Chúba chomh luath le 1960 mar
phionós ar dhíbirt Batista agus an Mhaifia. (Meábhraíodh dúinn le
déanaí agus saolré Frank Sinatra á chomhóradh a ghaire agus a bhí
an Maifia agus an Teach Bán dá chéile sna 1960í.)
Leathnaíodh an trádbhac go bia agus cógais leighis i 1962 agus
cuireadh cosc ar chúnamh Meiriceánach do thír ar bith a bhí i
mbun trádála le Cúba.
Ba thubaisteach an buille é do na Cúbánaigh turnamh Aontas na
Sóivéide. Múchadh 85% de thrádáil eachtrach an oileáin. Bhí titim
50% ina Olltáirgeacht Intíre idir 1989 agus 1993. I dteannta leis
sin bhí titim 75% ar allmhairí, rud a fhágann ganntanas i gcónaí
ar artola, bia, páirteanna spártha, agricheimiceáin agus
treallamh tionsclaíoch.
Tá an easpa breosla ar cheann de na gnéithe is measa den ``ré
speisialta'' mar a thugann muintir Chúba ar an ghéarchéim. Níl an
táirgeacht tionsclaíoch ach de réir 15% dá cumas. Is beag comhrá
a bheadh ag duine le Cúbánach gan chloisteáil faoi na apagones,
ciorruithe fuinnimh a fhágann daoine gan leictreachas ar feadh
tréimhsí fada den lá.
Ní bheadh cúrsaí chomh holc sin marach an trádbhac. Thapaigh
Washington an deis na Cúbánaigh a chur faoi luí na bíse i 1992
nuair a glacadh le hAcht Torricelli a chuir iallach ar
fhochuideachtaí iasachta de ghnólachtaí Meiriceánacha a bheith
páirteach sa trádbhac. Ansin i 1996 achtaíodh Dlí Helms-Burton a
chuir olc ar Cheanada agus ar an Aontas Eorpach ach go háirithe
agus a d'fhéach le daoine nár shaoránaigh Mheiriceánacha iad a
chúisiú as trádáil le Cúba.
Mar sin féin tá níos mó agus níos mó de mhuintir na Stát
Aontaithe ag cur in aghaidh an trádbhaic ar chúiseanna
daonnachtúla agus eitice. I 1988 bhunaigh an tUrr. Lucius Walker
Jr. Pastors for Peace le cúnamh a chur ar fáil do mhuintir Chúba
agus tíortha eile. Ó shin i leith d'eagraigh siad siúd seacht
gcarabhan a thug lastaí de bhia, cógais leighis agus treallamh
míochaine go Cúba. Beidh an t-ochtú carabhan dá gcuid á thiomsú
in Laredo, Texas, go luath agus rachaidh sé thar teorainn go
Meicsiceo ar 20 Iúil ar a bhealach go Cúba.
Tá scata eaglaiseach ar fud na hEorpa ag tacú leis an iarracht
agus beidh toscaireacht uathu ag casadh leis an gcarabhan i
Meicsiceo le dul ar aghaidh go Havana ar 23 Iúil. Is iad na
hurruithe Éireannacha an Déan Victor Griffin, an tUrr. Terence
McCaughey, an tSr. Stanislaus Kennedy, an tSr. Brighid Reynolds
agus na sagairt Austin Flannery, Seán Healy, Brendan Forde, Peter
McVerry agus Michael O'Sullivan.
Ar na hÉireannaigh a bheas ag casadh leis an gcarabhan agus ag
dul ar aghaidh go Cúba leis beidh Bernie Dwyer, ball den choiste
comhordaithe Eorpach agus Michael O'Riordan. Is é an Ríordánach
atá roghnaithe le labhairt thar ceann na nEorpach nuair a
fháilteoidh Fidel Castro rompu. Beidh sé ag tabhairt aitheasc
trítheangach uaidh, idir Ghaeilge, Bhéarla agus Spáinnis.
(Dealraíonn sé nach mbeadh óráid níos gaire sásúil de réir ghnás
na gCúbánach!)
Ocáid ar leith a bheas ann an teacht le chéile den bheirt
réabhlóidí ó tá staraíocht an Ríordánaigh (a bhfuil an ceithre
scór slánaithe aige) inchurtha le frithfhaisistí ar bith. Níor
ghlac sé sos fós ó d'imigh sé isteach i bhFianna Éireann i 1932.
Throid sé in aghaidh an fhaisisteachais sa Spáinn mar ar goineadh
é i gcath an Ebro.
Bhí Michael O'Riordan ina chime sa Churrach ó Fheabhra 1940 go
Nollaig 1943. Ó ba é an Ríordánach an cumannach ba phoiblí in
Éirinn sna 1950í d'fhulaing sé crá agus masla lá i ndiaidh lae.
``Léadh'' ón altóir é ina ainm arís agus arís eile. Ach d'imigh sin
agus tháinig seo, go bhfuil sé roghnaithe mar urlabhrái ag
eaglaisigh lena mbeannacht a chur ar commandante el jefe agus a
mhuintir.
Colm de Faoite