Republican News · Thursday 29 January 1998

[An Phoblacht]

Meánscoil Feirste ar an scoil fearr

Le Marcas Mac Ruairí

TA ceiliúradh ar siúl i measc Gaeilgeoirí Béal Feirste le foilsiú torthaí táblaí oideachais.

Le beaga anuas tá an Roinn Oideachais sa tuaisceart ag foilsiú na dtáblaí seo a léiríonn cén scoileanna atá ag fáil na dtorthaí is fearr. Agus is é Meánscoil Feirste a d'éirigh barr an tábla a bhaint amach do na scoileanna neamh-graiméar.

Fuair 73 faoin chéad de na daltaí cúig nó níos mó GCSEanna a bhaint amach idir grádanna A agus E in aghaidh 30 faoin chéad an meán do na Sé Chontae.

Fuair céad faoin chéad i Meánscoil Feirste grádanna idir A agus G.

Ag cur fáilte roimh an nuacht, dúirt Leas Priomh-Oide na Scoile go raibh lúcháir ar achan duine bainte léi.

``Is éacht mór é na torthaí seo agus an chéad áit a fháil i measc meánscoileanna sa tuaisceart.

``Creidimid gurb é cúis na nuachta seo ná go bhfuil bród mór ar na daltaí féin agus iad an chéad grúpa le teacht fríd choras s'againne. Tá siad tugtha don scoil, agus dona múinteoirí.''

Lean an tUasal ar aghaidh, ``Ag cuidiú leis seo ar ndóigh, tá caighdéan múinteoireachta agus meid na ranganna.''

Ag moladh an scoil as an torthaí, dúirt Cathaoirleach Sinn Féin sna Sé Chontae, Gearóid O hEara, ``Is léiriú é seo ar an obair atá déanta ag na daltaí, múinteoirí is tuismitheoirí uile. Tá cúis oideachas trí mheán na Gaeilge níos dochloíte mar gheall ar an éacht atá déanta acu.''

D'oscail Meánscoil Feirste i 1994, Tá sí le bogadh go láthair nua i mbliana go dtí an sean otharlann i mBeechmount. Beidh sí ag glacadh 60 dalta eile isteach teacht Meán Fómhair.


Grúpaí cearta daonna le chuairt a thabhairt ar Éireann

Le Marcas Mac Ruairí

TA grupaí cearta daonne ó na Stát Aontaithe le cuairt a thabhairt ar Éireann an mhí seo chugainn.

Beidh an US Voice for Human Rights agus Lawyers Alliance for Justice in Ireland anseo ón Luain seo chugainn, 2 Feabhra, go dtí an 23 Feabhra ar mhisean le heolas a bhailiú.

Cuirfidh siad cuairt ar an Cheis Fhada, áit a chainteoidh siad leis na cimí poblachtánach Joe Doherty agus Christopher Walsh. Buailfidh siad le Kevin Winters, dlíodóir leis an chomhlacht Béal Feirste, Madden agus Finucane.

Beidh cruinniú acu le Rosemary Nelson agus Colin Duffy i Lurgain agus le náisiúntóirí i bPort an Dúnáin le clipeadh an phobail sin ón CRU agus ó dílseoirí.

Mar pháirt den chruinniú sin, fiosróidh siad ghríomhaíochtaí agus straitéis is féidir a dhéanamh le tacaíocht a thabhairt do chlann Robert hamill a dúnmharaíodh anuaraidh. Tá sé de rún ag a chlann ionchúiseadh príobhaideach a ghlacadh.

Tá súil ag na grúpaí an cás seo a soiléiriú i Meiriceá.

In amanna a chuaigh thart d'oibrigh an US Voice in éineacht le Rosemary Nelson le saoirse a bhaint amach do Colin Duffy.

Chuidigh siad le cásanna eile inár bhain Damien Sullivan agus Christopher Sheals, beirt a tá anois saor agus lena gclanna..


Cáineann an Pápa péindlíthe in aghaidh Chúba

By Colm de Faoite

Muna bhfuil dada eile de thoradh ar chuairt an Phápa ar Chúba, tá sí tar éis aird a tharraingt ar an trádbhac atá na Stáit Aontaithe ag imirt ar an tír bheag sa Mhuir Chairib.

Ní thaitníonn caint an Phápa in éadan an trádbhaic le bunaíocht mhíleata-thionsclaíoch Mheiriceá Thuaidh. Téann sé go feirc iontu go bhfuil pobal beag ar leic an dorais acu ag tabhairt a ndúshláin.

O d'fhuascail muintir Chúba iad féin ó dheachtóireacht Batista tharraing siad fearg na gcaipitealaithe orthu féin. Chomh luath le Márta 1960 ghlac Dwight Eisenhower le seift le loitiméaracht eacnamaíoch a imirt ar Chúba, chomh maith le sabaitéireacht faoi choim in aghaidh rialtas nua Fidel Castro.

I nDeireadh Fómhair na bliana céanna cuireadh cosc dlí ar easpórtáil ó na Stáit Aontaithe go Cúba. An bhliain dar gcionn, agus John F. Kennedy ina uachtarán, d'eagraigh an CIA ionradh Baia de Cochinos i gcomhar leis an Mafia.

sin i bhFeabhra 1962, chuir na Stáit Aontaithe cosc ar iompórtáil earraí ó thír ar bith i gcás gur d'ábhar Cúbánach iad. Bliain níos déanaí cuireadh Cúba faoi luí na bíse níos mó fós nuair a shocraigh Washington nach mbeadh cead ag comhlachtaí Meiriceánacha longa a fhostú le lastaí a iompar i gcás go raibh na longa céanna tar éis cuairt a thabhairt ar chalafort Cúbánach.

Maolaíodh cuid de na péindlíthe seo in éadan mhuintir Chúba le linn uachtaránacht Jimmy Carter ach géaraíodh orthu arís nuair a tháinig Ronald Reagan i gcumhacht.

Dá bhliain ó shin d'éirigh le stocairí na heite deise tabhairt ar chomhdháil na Stát glacadh le hAcht Helms-Burton, ceann de na píosaí reachtaíochta is nimhní a tugadh isteach ar Chnoc an Capitol riamh.

Ní haon ionadh é gur chuir an dlí seo olc ar thíortha eile agus ar an Aontas Eorpach go háirithe mar cuimsíodh ann smachtbhannaí in éadan cuideachtaí agus daoine nach comhlachtaí nó saoránaigh Meiriceánacha iad i gcás go mbeadh baint acu le sealús a bhíodh i seilbh Meiriceánach (lucht an Mafia cuid mhór acu) roimh an réabhlóid.

Dealraíonn sé go bhfuil saorthrádáil ina bhunphrionsabal sa chaipitealachas fad is nach saorthrádáil le Cúba a bhíonn inti. Rud eile a dhéanann Acht Helms-Burton go gcuireann sé ceangal ar uachtarán na Stát Aontaithe féin gan síocháin a dhéanamh le Cúba ach faoi thosca a oireann don eite dheis.

Pápa polaitiúil go smior é an Pápa Eoin Pól II. Ní fear réabhlóide é beag nó mór. Tá sé de dhlúth agus d'inneach ann taobhú leis an eite dheis beagnach i gcónaí.

Bhí cuid dá chuid cainte i gCúba an tseachtain seo caite ar an dul sin. Ach rinne sé cion fir ar son na moráltachta poiblí nuair a cháin sé an trádbhac ar Chúba agus an cosc ar bhia agus cógais leighis ach go háirithe.

Ní rud sláintiúil é fonn díoltais. Tar éis tamaill tiontaíonn sé ina niúróis agus dallaíonn sé gach bua breithiúnais. Sin atá tar éis tarlú do eite dheis Mheiriceá Thuaidh i gcás Chúba. Níl de bhrí sa trádbhac anois ach fuath míréasúnta do na Cúbánaigh. Is geall le hiarracht um chinedhíothú an cosc ar bhia agus cógais leighis.

Fiú tá Cúbánaigh den eite dheis in Florida ina choinne sin agus, in ainneoin na bolscaireachta frith-Chúbánaí, tá níos mó agus níos mó Meiriceánach amhrasach faoin trádbhac ar bhonn daonnacht?il.

Sa deireadh thiar thall ní sóisialachas nó rialtas Castro atá i gceist ach an ceart a bheith ag tír bheag a chúrsaí féin a riaradh, smacht a bheith aici ar a hacmhainní féin agus a polasaí eachtrach féin a leanúint.

Agóid sa Ghaillaimh

EAGRAIODH picéad i bhFiacha Mhór sa Ghallaimh Dé Domhnaigh le agóid a dhéanamh in aghaidh dúnmharú Caitliceach ag dílseoirí sna Sé Chontae.

Ag léiriú buaireamh faoin suíomh, cheistigh úrlabhraí Sinn Féin sa chathair, Mike Egan, cá bhfuil na ribíní bhána, móshiúlta síochána agus an cáineadh.

``An bhfuil siad ag fanacht ar bhás ball de forsaí na Breataine nó cealú rás capaill i Sasana sula labhraíonn siad focal cáinte.''


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News