Go hifreann nó Antigua!
Maireann Charles Trevelyan in Whitehall i gcónaí. Is léir sin ón
gcaoi a bhfuil Londain ag caitheamh le haothú Montserrat. Tá sé
spéisiúil mar a d'imigh an focal ar Clare Short nuair a dúirt sí:
``It will be golden elephants next'' agus í ag tagairt d'éileamh
mhuintir Montserrat go n-íocfaí cúiteamh réadúil leo agus iad ag
teicheadh ó bhrúchadh Bholcán Chnoic Soufiere. Is deacair dom a
chreidiúint gur ó Nic an Gheairr féin a tháinig an rá díspeagúil
sin sa chéad áit. Tá blas macalla comhairleora ar an nath: ``Yes
Minister, these chappies are such ingrates.''
Tá tromlach na chappies míbhuíocha seo ina gcónaí le seachtainí
anuas in áitribh phlódaithe éigeandála. Scriosadh a dtithe agus
d'imigh pé fostaíocht a bhí acu le fáb. Teastaíonn ón Oifig
Ghnóthaí Eachtracha i Londain go dtréigfidis an t-oileán. Tá an
chuma ar an scéal go mb'fhearr lena máistrí nach bhfillfidis go
deo. ``Go hifreann nó Antigua,'' d'fhéadfá a rá. Is comhartha sóirt
é ar pholasaí Whitehall na suimeanna suaracha aslonnaithe atáthar
á dtairiscint do na daoine.
Níl aon bhealach go bhféadfadh teaghlaigh nó daoine aonair iad
féin a chothú go ceann leathbhliana taobh amu8igh den oileán agus
ansin filleadh ar na stipinní tanaí úd. Agus bhí sé d'éadan ag
Oifig Ghnóthaí Eachtracha Shasana cosaint a dhéanamh ar a suaraí
agus atá na deontais ar an mbonn go raibh siad bunaithe ar
chaighdeán maireachtála Montserrat.
Go dtí an deireadh seachtaine ní raibh ach £41m (stg) caite ag
rialtas Shasana ar obair fhóirthinte in Montserrat. Cuir é sin i
gcomparáid leis an £700 miliún (stg) (luach stairiúil) a
caitheadh i 1982 ar Chogadh na Malvinas ar mhaithe le glóir
Thatcher. Ní hamháin sin ach tá an chuid is mó den £41m á
chaitheamh ar chúrsaí riaracháin agus iostas do na riarthóirí.
Ní haon ionadh é nach raibh ach dornán beag daoine sásta imeacht
ón oileán ar an HMS Liverpool a chuir na Sasanaigh ar fáil leis
na daoine a aslonnú. Go deimhin bhí níos mó daoine ar an mbád
farantóireachta tráchtála go hAntigua gach lá an tseachtain seo
caite ná mar a d'imigh saor in aisce ar an long chogaidh. Is
léiriú é sin ar an ndrochmheas atá ag Montserraigh ar an gcéapar
gurbh fhearr leo a dtáillí féin a íoc.
Tá níos mó ná fearg faoi shuarrachas na liúntas i gceist sa
drogall atá ar na hoileániagh bogadh. Teastaíonn uathu greim a
choinneáil ar a dtír bheag féin. I gcás go mbeadh orthu imeacht
ba mhaith leo barántas a fháil go bhféadfaidis filleadh nuair a
bheas an t-aothú thart. Tugadh a sinsir, idir Eireannaigh agus
Afracaigh, go Monserrat ina ndaoir an chéad lá. Ba in aimsir
Chromail a seoladh na daoir Eirenanacha siar go Muir Chairib.
B'in an t-aon uair sa nua-stair, go bhfios dom, a rinneadh daoir
airnéise d'Eireannagh (seachas dornán a ghabh foghlaithe mara
faoi mar a tharla i gcás fhoireann an Ouzel). Sin is cúis leis an
líon mór de shloinnte Eirennacha i measc na n-oileánach agus na
logainmneacha ar nós Kinsale, sráidbhaile atá anois faoi
luaithreamhán an bholcáin.
Tá muintir an oileáin ar an eolas go maith faoina n-oidhreacht
Eireannach. Is í an tseomróg sainchomhartha Montserrat i gcónaí
agus is é Lá Féile Pádraig an lá saoirse náisiúnta. B'in toisc
gur éirigh na daoir amach in éadan na dtiarnaí talún ar an lá sin
tráth san 18ú haois.
Tá an dá thuairim ann i measc mhaorlaithe Whitehall faoi iarsmaí
beaga den impireacht ar nós Montserrat. Táthar ann i gcónaí a
dtaitníonn an mór is fiú Giolbartach leo (gobharnóirí faoi
chleithí ostraise etc) ach tá siad faoi bhrú ó na nua-aimsearóirí
a shíleann nach fiú an trioblóid a thuilleadh na spleáchríocha
céanna. (Ná ceap gur idirnáisiúnachas nó flosc mór chun
fuascailte atá á ngriogadh siúd!) Sin atá taobh thiar den
athbhreithniú atá ordaithe ag Robin Cook ar stádas na gcríocha
sin.
B'fhéidir go dtiocfaidh maitheas éigin fós as an tubaiste atá á
fulaingt ag ár muintir ghaoil in Montserrat.
Le Colm de Faoite