Teachtaí ceannasacha SAM in Eirinn
LE MICK NAUGHTON
|
Tá súil agam amach anseo go mbeidh na cainteanna seo
cuimsitheach, agus gach páirtí atá mar ionadaíthe ag muintir na
hEireann i láthair.
Teachta Comhdhála Ben Gilman,
Cathaoirleach an Choiste Teach na dTeachtaí ar Chaidreamh
Idirnáisiúnta.
|
Tháinig teachtaí ceannasacha ó Chomhdháil Stát Aontaithe Mheirceá
go Béal Feirste ar an Aoine 14 Feabhra. Bhuail siad le Uachtarán
Sinn Féin Gerry Adams agus Leas-Uachtarán an pháirtí Pat Doherty.
Dúirt na teachtaí gur thachaigh siad leis an pháirt a ghlac Sinn
Féin sa phroiséas síochána. Ghlac na teachtaí d'aon guth leis an
ghá le cainteanna uile-pháirtí agus dúirt siad gur chóir go
mbeadh Sinn Féin ann.
Ag seasamh in aice le Adams agus Doherty dúirt an teachta
comhdhála Ben Gilman, cathaoirleach an Choiste Teach na dTeachtaí
ar Chaidreamh Idirnáisiúnta, gur ghlac sé bona fides cheannairí
Sinn Féin. Dúirt Ben Gilman gur thacaigh sé le athnuachan do
víosa Gerry Adams chun dul isteach sna Stáit Aontaithe.
In Ostán Dunadry i mBéal Feirste a bhuail Sinn Féin leis na
teachtaí. Bhí cainteanna acu chomh maith le ionadaithe ón UUP,
SDLP, DUP, UDP agus PUP.
Ag labhairt tar éis an chruinniú chuir Adams polasaí rialtas na
Breataine le polasaí Mheirceá. Tá ``doras oscailte'' ag polaiteoirí
sna Stáit Aontaithe ach tá ``meon dúnta'' ag rialtas na Breataine.
Lean Adams:
``Tháinig na daoine seo ó SAM agus labhair siad le chuile pháirtí.
Níl rialtas na Breataine sásta é sin a dhéanamh. Níl siad sásta
fiú cruinnithe idir oifigigh rialtias agus Sinn Féin a ligint. Tá
gá le polasaí cuimsitheach. Níl sé sin ag rialtas na Breataine.''
Nuair a labhair na meáin cumarsáide le Ben Gilman d'iarr iriseoir
amháin air an raibh dul amú ar rialtas na Breataine nuair nár lig
siad Sinn Féin isteach sna cainteanna. Dúirt Gilman:
``Tá súil agam amach anseo go mbeidh na cainteanna seo
cuimsitheach, agus gach páirtí atá mar ionadaíthe ag muintir na
hEireann i láthair.''
D'aontaigh an Teachta Comhdhála ó Nua Eabhrac Peter King leis an
méid sin agus dúirt gur chóir do rialtas na Breataine geallúint a
thabhairt go ligfear Sinn Féin isteach i fíor-cainteanna uile
pháirtí. Déanfadh sé seo éascaíocht do sos chogaidh nua ag
Oglaigh na hEireann.
Bhí 17 teachta sa toscaireacht, ina measc James Walsh
Cathaoirleach nua-cheaptha ar Chairde na hEireann sa Chomhdháil,
agus Peter King, Comh-Cathaoirleach ar Choiste Ad Hoc na
Comhdhála ar Chúrsaí Eireannacha.
Tháinig an grúpa díreach go Béal Feirste ó Washington. B'shin an
chéad stop i sraith chruinnithe i dtíortha éagsúla san Eorap ar
chúrsaí idirnásiúnta.
Bhuail na Meirceánaigh leis an Taoiseach John Bruton agus le
ceannaire Fhianna Fáil John Bruton. Chuaigh siad go Londain ar an
16 Feabhra chun bualadh le Leas-Príomh-Aire na Breataine Michael
Heseltine agus an Grúpa Phairliminte Angla-Eireannach.
Bhuail na teachtaí leis na príomh-airí i ngach tír a thug siad
cuairt air, ach amháin sa Bhreatain. Dúirt urlabhraí John Major
nach raibh sé ar fáil.
Eist leis an Macalla
LE EOGHAN MacCORMAIC
Is minic a bhíonn drogall ar an ghnathléitheoir leabhar acadúil -
nó leabhar a cheaptar a bheith acadúil - a phiocadh suas ar an
ábhar nach `léamh' ach `staidéar' a bheadh mar churam ar intinn
an leitheora bhoicht. Agus is minic a bheadh an ceart ag an
ghnathleabhar... ach ní i gcónaí a bhíonn an scéal amhalaidh.
Uaireanta, foilsítear leabhar, nó leabhrán, acadúil atá lán
d'ábhar leitheoireachta spéisiúla, nach bhfuil túr ná tirim, agus
a bhainfeadh duine ar bith tairbhe as: taighde don scoláire,
eolas nua ar sean-téamaí do leitheoirí eile. Cuirim, sa chás seo,
leabhar mar Dhúchas, mar shampla, a foilsíodh tá ceithre nó cúig
bhliain ó shin i dTiobrad Arann - agus a mbeadh fáilte is fiche
roimh eagrán eile den tsraith i gconaí; agus anois, cuirim san
áireamh chomh maith Macalla 1996-97 a foilsíodh agus a sheoladh
an tseachtain seo chuaigh thart i nGaillimh.
`Sé an Cumann Éigse agus Seanchais i gColáiste na hOllscoile,
Gaillimh, is údar don leabhar seo agus is é Brian O Conchubhair
eagarthóir an eagráin. Tá stair Macalla ag dul siar breis agus
fiche bliain, ach mar a admhaíonn O Conchubhair bhí bearna beag
de bhlianta - deich gcinn acu, déanta na fírinne - ó foilsíodh an
t-eagrán deireannach den iris. Ach b'fhiú an mhoill nó tá eagrán
den scoth ann anois le réimse leathan d'ábhar a gcuirfeadh
scoláire agus gnáthléitheoir araon spéis ann.
Mic léinn is mó a scríobh agus a rinne taighde de na haltanna atá
i Macalla ach tá aistí ó údair eile ann chomh maith. Tá aiste
cuimsitheach, 12000 focal, ag Proinsias Mac Aonghusa, ar shaol
Mháirtín Uí Chadhain, mar shampla, atá mar phríomhalt na hirise
agus is cinnte go dtumfaidh daoine isteach in alt den chaighdeán
sin arís agus arís eile nuair atá eolas ar an Chadhnach ag
teastail amach anseo.
Máirtín O Cadhain: Poblachtánach agus Soisialach teidéal na
haiste sin, agus mar a bheifeá ag dual le halt ó Mac Aonghusa,
seachnaítear aon `athscríobh' agus léirítear an Cadhnach dúinn
mar a bhí: idéalaí poblachtanach agus soisialach a chur beart le
briathar, agus a chaith tamall fada faoi ghlas mar gheall ar a
idéalachas. Tabharfaidh aiste Phroinsias Mhic Aonghusa deis do
mhic léinn gné eile de shaol an fhir phinn a fheiceáil - gné, is
cinnte, nach ndéantar móran tagairt doimhin dó nuair a múintear
scríbhínní Mháirtín Uí Chadhain sna coláistí.
Tá léargas ar intinn an fhile ann, i bhfoirm agallaimh le Cathal
O Searcaigh, agus is agallamh fada doimhin é gur fiú léamh.
Ach is iad na mic léinn agus saothar na scoláirí a thugann anáil
do cholainn liteartha na hOllscoile, agus san eagrán seo níl aon
easpa údair nua. Tá aistí ann ar Bhrendan O hEithir le Labhrs O
Finneadha, ar Bhéaloideas le Mícheál O Domhnaill, ar
Bhanfhilíocht na hAlban le Deirdre Learmont agus aiste leis an
eagarthóir féin a scrúdaíonn an cheangail idir Joseph Conrad agus
Pádraig O Conaire. Tá altanna eile ann a phléann stadas na
Gaeilge agus an Bhunreácht, agus alt a amharcann siar ar shaol
Somhairle Mac Gillean a fuair bás anúraidh.
Tá Macalla 1996-97 ar fáil ón Cumann Éigse agus Seanchais, COG,
Gaillimh. £3.00 an cóip.