A major protest against the erosion of the Irish language and the rights of Irish speakers takes place at 2pm later today [Saturday] at the Garden of Remembrance in Dublin. An article on ‘Lá Mór na Gaeilge’ by Tomaí Ó Conghaile, editor of NÓS
Mothaím é. Mothaíonn tusa é. Tá fathach, a bhí ina shuan le fada, á mhúscailt faoi dheireadh.
Ar fud na tíre faoi láthair tá pobal i mbun gnímh. Tá páistí scoile ag dearadh póstaer. Tá mná óga ag socrú busanna. Tá fir mheánaosta ag ceannach painseónna dearga. Tá peint á triomú ar mheirgí. Agus tá na meáin shóisialta á mbualadh le tweetanna, tráchtanna, físeáin, íomhánna agus dóchas.
Tá misneach le mothú san aer.
Le blianta anuas tá ceisteanna á gcur againne, Gaeil, faoi cén treo ar cheart dúinn dul mar phobal, faoi na céimeanna ar chóir dúinn glacadh chun teacht amach as an tsáinn ina bhfuil muid.
Agus is sáinn í gan amhras.
Tá ár dteanga, modh maireachtála pobail atá beo ar an oileán seo leis na mílte bliain, faoi bhrú mór ó fhórsaí inmheánacha agus seachtracha.
Tá ár bpobail Ghaeltachta faoi léigear agus cuirtear dúshlán leanúnach roimh aon Ghael eile, in aon chuid den tír, a roghnaíonn a theanga nó a teanga féin a úsáid sa ghnáth-shaol laethúil.
Tuigeann muid ar fad – nó ba cheart dúinn a thuiscint – go bhfuil ár dtodhchaí mar phobal beo teanga idir dhá cheann na meá.
Níl na freagraí uilig againn fós ar ndóigh ach Dé Sathairn seo i mBaile Átha Cliath cuirfear go mór lenár seansanna chun teacht orthu.
Mar, go dtí go dtagann daoine le chéile, ní athróidh faic.
Daoine a bhfuil an fhís chéanna acu, daoine a bhfuil an dóchas céanna ina gcroíthe acu, daoine atá dearfach diongbháilte gur gá cor a chur ina gcinniúint, gur gá seasamh a ghlacadh anois chun a dtodhchaí féin, todhchaí a bpáistí agus todhchaí a gcultúir a chinntiú.
Agus pobal na Gaeilge ag teacht le chéile ar shráideanna ár bpríomhchathrach den chéad uair le deich mbliana, ag bualadh le sean-chomrádaithe agus ag déanamh cairde nua, tuigfidh muid gur líonmhaire sinn ná mar a cheaptar go minic.
Tabharfaidh an Lá Mór seo ardú meanman dúinn, ardú meanman atá ag teastáil go géar ó bhaill dár bpobail, thuaidh agus theas, thoir agus thiar.
Spreagfaidh sé muid chun na freagraí cuí a aimsiú, chun dul chun tosaigh le chéile, le dóchas as an úr gur féidir linn an saol seo a dhéanamh níos fearr, ní amháin dár bpobal teanga féin, ach dár dtír ar fad.
Caithfear tógáil ar an tonn fuinnimh ar a bhfuil muid faoi láthair agus é a thiontú ina rabhartha dostoptha, ina phobal bródúil, aontaithe, oscailte, lán dlúthpháirtíochta, grá agus spraoi.
Agus is chun tosaigh a rachaidh muid.
Roinnt mílte ag seasamh le chéile i mbliana. 10,000 ar an bhliain seo chugainn. 20,000 in 2016… agus ar aghaidh.
Déanaimis é, le chéile. Mise, tusa agus gach Gael eile. Níl aon duine eile ag dul a dhéanamh ar ár son.
Feicfidh mé Dé Sathairn sibh.