Republican News · Thursday 11 September 2003

[An Phoblacht]

Balla Sharon

Is deacair a chreidbheáil go bhfuil meas idirnáisiúnta ar bith ag rialtas Iosrael, ach feictear go dtugann rialtas SAM cluas le héisteacht do lucht Sharon i gcónaí.

Tá cur i gcéill uafásach ar siúl i rith an ama ag rialtas Iosrael agus smacht ar fad acu ar na meáin chomh maith. Cuirtear scéalta oifigiúla amach agus ní bhíonn an deis ag tuairisceoirí neamhspléacha a gcuid tuairimí a nochtadh fiú. Tá le feiceáil go bhfuil sé ag iarraidh níos deacra do dhaoine ón taobh amuigh cuairt a thabhairt ar an Bhruach Thiar.

Níl fáilte ar bith roimh cuairteoirí agus is cosúil go bhfuil gach iarracht déanta iad a ruaigeadh ón tír in ionad ligint dóibh léargas eile ar an scéal a nochtú.

Mar aon leis an smacht seo, bíonn tagairtí don ``peace process'' do ``road map for peace'' agus don ``security fence''. Leis an fhírinne a admháil níl san fhoclaíocht seo ach bolscaireacht atá ag iarraidh an fhírinne a cheilt. Feictear don domhan idirnáisiúnta go bhfuil rialtas Iosrael ag déanamh a dhícheall muintir na Pailistíne a chur go hiomlán faoi chos. Leoga, is scanrúil na radharcanna a bhíonn le feiceáil de na tancanna is d'armlón Iosrael. Caitheann an rialtas a

chuid ama ag cur ina luí ar an domhan mhór go bhfuil na lochtanna ar fad ar na Pailistínigh agus go bhfuil sé de cheart is de chóir acu iad a chur faoi dhiansmacht. Faraor, níl an armlón céanna ag na Pailistínigh. Tá cúrsaí ag dul in olcas agus is beag beocht atá le feiceáil sa phroiséas síochánta. An féidir a rá go bhfuil síochán ar bith le sonrú i ``léarscáil ar bhóthar na síochána''? Anois cad é go díreach an aidhm atá taobh thiar don ``Claí Slándála''.

Admhaím go gcuireann téarmaíocht mar ``Claí Slándála'' isteach go mór orm agus iarracht déanta cuspóirí claonta a cheilt. Cad chuige a bhfuil sé ar intinn ag Sharon balla 370 míle ar fhad a thógáil? De réir pleananna Sharon, bheadh balla timpeall ar fhormhór mhuintir na Pailistíne. Bheadh an chuid is mó de na Pailistínigh coinnithe taobh istigh de leathchuid an Bhruaigh Thiar.

Cosnaíonn an balla milliún punt sterling ar gach míle atá tógtha. Thosaigh conraitheoirí ar an bhalla a thógáil i mí an Mheithimh anuraidh. Fá láthair, tá an chéad chuid den bhalla tógtha agus é 76 míle ar fhad.

Is beag teagmháil a bhí déanta le muintir na Pailistíne i dtaobh na pleananna le balla a thógáil. Cuireadh fógra in airde ar chrann lá amháin, agus ansin, tháinig tochailteoirí isteach leis an talamh a lomadh lá eile. Feictear go mbeidh an balla le tógáil thart ar an talamh is saibhre fosta ar mhaithe le daonra 220,000 Giúdaígh `a chosaint'.

Tá bailte anois scartha óna feirmeacha féin, tá teaghlaigh scartha óna gaolta féin agus tá daoine scoilte óna gcuid oibre, óna scoileanna agus fágtha ar an imeall. Tá pobal na Pailistíne chomh mór sin i gcruachás go bhfuil fonn orthu an tír a fhágáil - ach seans gur sin atá i gceist ag na hIosraelaigh. Tá tionchar ag an chéad chuid den bhalla ar 250,000 Pailistínigh i 70 sráidbhailte cheana féin. Ar nós géarleanúint na giúdaigh i rith réim Hitler, tá rialtas Sharon ag iarraidh coimhthíos a chothú le muintir na Pailistíne agus, go dearfa, an ruaig a chuir orthu.

Mar shampla, i mbaile amháin ina bhfuil 43,000 ina gcónaí, tá cead taistil ag 13 duine le aire a thabhairt dá bhfeirmeacha. Tá turasaí ollmhóra i gceist do dhaoine a bheas ag iarraidh cuairt a chur ar ghaolta fosta.

Shílfeá go raibh a fhios ag an pobal mór nach n-oibríonn bailte idir dhaoine. Nach mór an ceiliúradh a bhí ann ar fud na cruinne nuair a leagadh balla Berlin? Tuigimid féin in Éirinn cén dóigh a scriosann teorann bréagach saolta daoine.

In ionad na milliúin punt a chaitheamh ar ballaí a thógáil, armlón ollmhóra a fháil agus tancanna a cheannach le pobal amháin a chur faoi dhiansmacht, thiocfadh an fuinneamh agus an t-airgead céanna a úsáid le fíor-phroiseas síochána a thógáil.

Seanfhocal na Seachtaine

`Is é an scéimhlitheoir an duine leis an gunna is lú.'

Creidim gurb é Brendan Behan a chum an seanfhocal seo, ach oireann sé go maith do chás na Pailistíne inniú.

Gluais

cur i gcéill ... pretence

tuairisceoirí neamhspléacha ... independent reporters

bolscaireacht ... propaganda

diansmacht ... severe control

`claí slándála'... `security fence'

cuspóirí claonta ... biased objectives

conraitheoirí ... contractors

tochailteoirí ... diggers

i gcruachás ... in hardship

géarleanúint...persecution


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News