Republican News · Thursday 13 March 2003

[An Phoblacht]

Impiriúlachas Coca-Cola


This week AN DRAOI RUA discusses 'Coca-cola imperialism', the slave mentality to multinational companies and the fact that we owe them nothing


Is dócha gurb é ceann de na hargóintí is measa atá cloiste agam i dtaobh tacú leis na Meiriceánaigh l'ionsaí a dhéanamh ar mhuintir na hIaráice ná gur cairde móra dár gcuid atá iontu agus gur cheart dúinn uilig a bheith buíoch dóibh as an mhéid a rinne siad ar son na hÉireann.

Caithfidh mé a rá nuair a chuala mé an tuairim seo don chéad uair, cuireadh an scannán 'The Life of Brian' i gcuimhne dom. In eachtra amháin den scannán, tá réabhlóidigh ag plé impiriúlachas na Rómhánach ina dtír dúchais. Cuireadh an cheist: "Cad é a rinne na Rómhánaigh ar ár son?" Tugadh liosta mór fadálach mar fhreagra, "....thóg siad na bóithre, .....bhunaigh siad córas sláinte, ....córas oideachais ..... agus an t-Uiscrian, ar ndóigh.

Le fírinne, níl fáth ar bith gur chóir dúinn a bheith buíoch do na Meiriceánaigh as na monarcháin ilnáisiúnta atá lonnaithe acu in Éirinn thar na blianta. Tuigtear gur éirigh leis na comhlachtaí éagsúla neart airgid a dhéanamh le linn dóibh bheith in Éirinn. Chomh luath agus a bhí an brabús ar fad déanta, d'imigh siad leo.

Is minic a chuirtear 'impiriúlachas Coca-Cola' ar an chinéal caipitleachas a ligeann do na comhlachtaí ilnáisiúnta a rogha rud a dhéanamh ar fud na cruinne. Dá bhrí sin, shíl mé gurb fhiú Coca-Cola a ghlacadh mar shampla agus gur chóir dom roinnt fíricí ina dtaobh a léiriú anseo.

Is comhlacht ilnáisiúnta ollchumhachtach iad Coca-Cola a tháinig chun na hEorpa ar dtús i rith an chéad chogadh domhanda. Chreid siad gur cheart dóibh an deis a thapú roinnt margaíochta a dhéanamh le linn do mhuintir na hEorpa bheith ag fulaingt.

Tuigimid go bhfuil bua na margaíochta ag Coca-Cola. Nárbh iadsan a chruthaigh 'Daidí na Nollag' agus é gléasta dearg agus bán sna tríochaidí. D'éirigh chomh maith sin leis an fheachtas bholscaireachta seo go bhfuil 'Santa Coca-cola' aitheanta go forleathan ar fud na cruinne go fóill.

Tá neart samplaí fán dóigh a bhfuil neamhaird tugtha do chearta daonna ag an comhlacht ilnáisiúnta seo. San India, mar shampla, ghlac siad seilbh ar thalamh feirmeoireachta i 1998 agus thosaigh siad ag baint úsáid as mar shuíomh tionsclaíochta, ag briseadh dlíthe na tíre. Tamall i ndiaidh dóibh a bheith lonnaithe ansin, tugadh fá deara go raibh uisce sa timpeallacht laghdaithe agus truaillithe. Tá ábhar dramhaíola a thagann as na monarchána de bharr na ceimící atá in úsáid le buidéil a ghlanadh. San áit seo san India, dhíol an comhlacht an t-ábhar lofa mar 'leasú' do fheirmeoirí an cheantar. Ansin, rinne siad rud margaíochta as agus iad ag bronnadh na dramhaíola ar na feirmeoirí. I ndiaidh tamaill, tugadh fá deara go raibh timpeallacht na tíre truaillithe chan leasaithe leis an dramhaíl.

Is beag measa atá ag coca-cola ar chearta a gcuid oibrithe. B'fhéidir go bhfuil an sampla is measa le fáil sa Cholóim. Tuigtear go raibh breis agus 1,500 ceardchumannaí éagsúla maraithe sa tír seo thar thréimhse deich mbliain. Tá fiosrúcháin ar siúl i láthair na huaire fán násc atá ag Coca-Cola le cásanna áirithe.

Tá coinníollacha oibre dian ag na comhlachta ilnáisiúnta ar fad. Níl a dhath ar bith acu orainn.

Seanfhocal na Seachtaine

'Togh do chuideachta sula dtéann tú ag ól.'

Ní amháin gur chóir dúinn a bheith ar an airdeall maidir leis an chuideachta atá againn agus muid ag ól ach ba cheart dúinn tuiscint níos fearr a bheith againn ar na táirgí ilnáisiúnta ag a bhfuilimid ag tacú.

Gluais

impiriúlachas imperialism

réabhlóidigh revolutionaries

an t-Uiscrian the Aqueduct

lonnaithe sited

comhlachtaí companies

caipitleachas capitalism

fíricí facts

ollchumhachtach very powerful

an chéad chogadh domhanda World War One

bua na margaíochta the gift of marketing

feachtas bolscaireachta propaganda campaign

suíomh tionsclaíochta industrial location

ábhar dramhaíola waste material

leasú fertiliser

ceardchumannaí trade unionists

fiosrúcháin investigations

coinníollacha oibre working conditions


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News