Republican News · Thursday 31 January 2002

[An Phoblacht]

Rogha eile Fuinnimh


AN DRAOI RUA discusses the renewable energy options that could replace the overdependence on fossil fuels. He says that what is needed is the political will to put them in place.


'Ag doirteadh fola ar son na hola'

Ba ea seo ceann de na manaí a bhí ag 'Gaeil in éadan an Cogaidh' le linn do fhórsaí Mheiriceá a bheith ag ullmhú l'ionsaí a dhéanamh ar mhuintir na hIaráice. Ar an drochuair, níor tugadh mórán airde do lucht na síochána ach leanadh ar aghaidh leis an tír a scrios. Nuair a bhí iarsmalainn, córas uisce, córas leictreachais agus eile millte bhí saighdiúirí SAM le feiceáil ag cosaint páirceanna ola na hIaráice.

Mar is eol dúinn, tá truailliú uafásach déanta don timpeallacht de bharr tionscal na hola. Dóitear timpeall 77 milliún barraille ola gach lá, ábhar atá breis agus 70 milliún bliain d'aois. Tá an talamh truaillithe agus gluaisteáin is eile ag taistil na bóithre, tá uisce na farraige truaillithe agus ola doirte ó longa agus ta an t-aer is an t-atmaisféar féin truaillithe leis an deatach is dé-ocsáid carbóin scaoilte suas sa spéir. Ní amháin go bhfuil dochar ollmhór déanta do thimpeallacht an domhain agus do shláinte muintir na cruinne ach tá tionchar soiléir le feiceáil ar chúrsaí aimsire chomh maith. Cé go bhfuil na foinsí seo ar fad ar eolas againn, méadaítear uimhir na ngluaisteán ar na bóithre agus tá caitheamh na hola ag dul i méad i gcónaí.

Tuigimid go bhfuil i bhfad barraíocht cumhachta ag comhlachtaí ola i dtíortha an Iarthair agus is cosúil go ndéanfadh siad a dhath ar bith ar mhaithe le brabús. Ar ndóigh, creidtear go bhfuil rialtas Mheiriceá faoin órdóg ag na barúin ola agus go bhfuil polasaithe timpeallachta múnlaithe de réir a dtola. Cinnte, is cuma sa tsioc leo fá cúrsaí timpeallachta, sláinte ná aimsire.

Mar sin de, ní raibh mórán déanta i ndiaidh Chonradh Kyoto agus leanadh ar aghaidh leis an truailliú ar fad. Is léir nach mairfidh na toibreacha ola go deo ach shílfeá nach raibh rogha ar bith ag rialtais an Iarthair ach treoir na comhlachtaí ola a leanstan. Tá roghanna eile ann ar ndóigh, agus is iad seo a leanas cuid de na fuinnimh athnuachána ar chóir a fhorbairt:

1.Cumhacht na gréine. Cé nach féidir a bheith cinnte faoin aimsir agus go bhfuil an trealaimh costasach, tuigtear go mbeadh an t-airgead ar ais taobh istigh de chúig bhliain.

2.Hidrigin. Tá hidrigin in úsáid ag NASA ó 1965 ar aghaidh. Is féidir é a usáid in ionad ola agus tagann uisce amach agus é dóite.

3.Cumhacht hidrileictreach. Tá cumhacht faighte ó rothaí uisce ó aimsir na Gréige na cianta ó shin. Fá láthair tá 97% de chumhacht leictreach as fuinnimh athnuachána déanta go hidrileictreach.

4.Fuinnimh na dtonnta. Tá féidireachtaí ollmhóra anseo óir creideann saineolaithe dá dtiocfadh leo seilbh a fháil ar 0.1% den fhuinnimh seo gurb ionann sin agus 20 uair an cumhacht a úsáideann SAM.

5.Cumhacht na Gaoithe. Tá muilinn gaoithe in úsáid le cúpla céad bliain anois ach tógadh an chéad muileann gaoithe le leictreachas a dhéanamh in 1888. Inniu is féidir le muileann gaoithe amháin go leor leictreachas a dhéanamh le fuinneamh a sholáthar do 2,500 teach. Tuigtear go bhfuil feirmeacha gaoithe costasach agus nach féidir iad a lonnadh in áit ar bith ach éireodh siad níos saoire dá mbeadh a thuilleadh acu ann.

6.Fuinneamh ó theas na carraigeacha. Tá a lán staidéir le déanamh go fóill ar an rogha seo. Ní fios go cruinn cén tionchar a bheadh ag a leithéid ar an timpeallacht.

Is léir nach bhfuil na roghanna seo thuasluaite forbartha go iomlán ag rialtais an Iarthair. B'fhiú smaointiú fá na féidireachtaí ar mhaithe le slánú an domhain. B'fhéidir go bhfuil cuid acu costasach le bunú ach faigheann daoine luach a gcuid airgid thar na blianta agus an timpeallacht, an atmaisféar agus sláinte mhuintir na cruinne sabháilte dá bharr. An féidir luach a chur ar na níthe seo cibé? Tá sé thar am do rialtais an Iarthair roghanna eile fuinnimh a úsáid agus deireadh a chur le monaplacht na hola.

Seanfhocal na Seachtaine

'Gnáthamh na hoibre an t-eolas.'

Tá an t-eolas againn cheana féin le roghanna fuinnimh eile a fhorbairt ach tá mé in amhras an bhfuil an toil ag polaiteoirí.

Gluais

iarsmalainn museums

an t-atmaisféar the atmosphere

dé-ocsáid carbóin carbon dioxide

méadaítear it is increased

barúin ola oil barons

múnlaithe are shaped

trealaimh equipment

hidrigin hydrogen

hidrileictreach hydro-electric

monaplacht monopoly


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News