Republican News · Thursday 27 February 2002

[An Phoblacht]

Óráid Gearóid Mac Adhaimh Slógadh Shinn Féin 2003


Gerry Adams is pictured with Davy Hyland and Conor Murphy at the Poc Fada competition

"Is cúis áthais mhóir dom bheith ar ais ag Slógadh Shinn Féin. Ba mhaith liom fáilte croíúíl a chur romhaibh uilig. Agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an luacht eagraithe - go háitiúil anseo in Ard Mhacha Theas agus ag leibhéal náisiúnta Shinn Féin. Daoine iontach gnóthach ar fad iad a thug suas a gcuid fhuinnimh agus sáineolais leis an deireadh seachtaine seo a reachtáil.

Tá a fhios agam go mbeidh na díospóireachtaí suimiúil, spreagúil, tábhachtach. Agus tá sé sin tábhachtach. Is fríd díospóireacht agus plé den chineál sin a fhorbraítear agus a neartaítear ár gcuid smaointí. Ar an chúis sin ba mhaith liom fáilte speisialta a thabhairt do na daoine sin nach baill de Shinn Féin iad agus a thainig anseo inniu. Tá mé buíoch dóibh as teacht.

Cuirfidh inchur s'agaibhse le saibhreas na díospóireachtaí agus tá súil agam go n-aimseoidh sibh go leor ábhar spreagtha anseo inniu agus amárach. Is é taithí s'agamsa go bhfuil an phlé neamh-fhoirmeálta chomh tairbheach aus atá díopóireacht foirmeálta agus is sa phlé sin a aimseofar saibhreas agus tábhacht an tSlógaidh.

Sin an tuige go bhfuil an Slógadh tábhachtach; tugann sé deis do Ghaeilgeoirí teacht le chéile agus na ceisteanna móra a bhaineann linn a phlé; ceisteanna ginearálta ar an pholaitíocht agus níos tábhachtaí arís, ceisteanna ar an teanga.

Chuir Sinn Féin tábhacht lárnach ar an Ghaeilge le fada an lá agus thar na blianta bhí poblachtánaigh gníomhach á cur chun cinn. Maise, mar gheall ar an obair atá déanta againn, táthar ann, daoine iad nach ndearna tada ar son na Gaeilge, a chuireann inár leith go ciniciúil gur fhuadaíomar an teanga agus gur pholaitíomar í.

Go pearsanta, mar dhuine a bhfuil grá aige don teanga, níor mhiste liom dá ndéanfadh lucht ár gcáinte iarracht muid a shárú. A fhad liomsa de, dá mhéid grúpaí atá ag obair ar son na Gaeilge is amhlaidh is fearr.

Agus maidir le polaitiú na teanga - polaitíodh an teanga i bhfad ó shin, i bhfad sular tháinig Sinn Féin ar an tsaol fiú. Ba iad na daoine sin a rinne iarracht an Ghaeilge a scriosadh, le go mbeadh siad féin ábalta smacht choilíneach níos tréine a fháil ar ár dtír, ba iadsan a pholaitigh an teanga.

Ní sheasann éire ina haonar sa chomhthéacs seo, is amhlaidh an scéal ar fud an domhain, nuair a rinne cumhachtaí coilíneacha iarracht daoine a chur faoi chois, rinne siad iarracht an teanga dhúchais a scriosadh agus na daoine a chur labhairt teanga an aintiarna. Tá "coilíniú an mheoin", staid nuair a ghlacann lucht-faoi-chois lena gcoilíniú féin agus, mar chomhthoradh, le stádas an aintiarna, níos éifeachtaí ná coilíniú fad téarma le harm agus anfhorlann. Tá scriosadh na teanga dhúchais agus glacadh leis an teanga coilínithe lárnach sa phróiseas seo.

Ag rá seo, aithním go bhfuil tairbhe dearfach le baint as foghlaim theanga ghallda. Maise, tá dátheangachas agus uiletheangachas ina mhian fhíuntach agus ina rud nadúrtha fud fad an domhain - ach sin díospóireacht fá choinne lá eile!

Tuigeann Sinn Féin go bhfuil tábhacht lárnach ag baint leis an Ghaeilge agus déanaimid iarracht í a chur chun cinn ag gach leibhéal gur féidir linn. Bíonn baill s'againne gníomhach ar an talamh, taobh istigh de Ghluaiseacht na Gaeilge agus ar ár gconlán féin ag eagrú ranganna Gaeilge, ag tacú le bunú gaelscoileanna, ag feachtasaíocht ar son cearta Gaeilgeoirí agus ag labhairt na Ghaeilge ag fóraim phoiblí nuair a bhíonn deis ann.

Sna príosúin bhí an Ghaeilge lárnach i saol laethúil na gcimí poblachtánach, cuimhnímid go háirithe na laetha dorcha agóide nuair a bhí an Ghaeilge ar cheann de na beagáin rudaí a thug misneach do na gcimí in aghaidh an t-uafas a bhí tarlú thart orthu. Chuidigh an Ghaeilge leo troid in aghaidh an leatrom míthrocaireach a d'fhulaing siad. Inniu féin, tá an Ghaeilge lárnach inár dtogra polaitiúil go fóill. Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh sna cainteanna leanúnach eadrainn féin agus Rialtas na Breataine.

Nuair a bhí Martin McGuinness ina Aire Oideachais ó thuaidh, thug sé isteach reachtaíocht agus bhunaigh sé Comhairle na Gaelscoilíochta agus Iontaobhas na Gaelscoilíochta le todhchaí an gael-oideachas ó thuaidh a chinntiú. Chinntigh Bairbre de Brún, Gaeilgeoir aitheanta, nuair a bhí sí ina Aire Sláinte go raibh infheictheacht agus stádas na Gaeilge ardaithe ina rannóg. Chuir sí dá theangachas chun cinn i bhfoilseacháin a rannóg.

Sa Dáil agus sa Tionól ó Thuaidh agus sna comhairlí áitiúla agus forais phoiblí eile, baineann baill s'againne úsáid as Gaeilge chomh minic agus is féidir leo de réir a n-ábaltacht.

Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag cur na Gaeilge chun cinn mar chuid lárnach dár dtogra polaitiúil. I suirbhé tar éis suirbhé, léiríonn muintir na héireann a n-ard-mheas ar an teanga. Tá fás ghluaiseacht na gaelscolaíochta ina chruthú sóiléir ar seo. Ainneoin na blianta nuair a theip ar pholasaithe rialtas Bhaile átha Cliath maidir leis an teanga agus ainneoin an naimhdeas iomlán a bhí ag rialtais ó thuaidh; ainneoin iarrachtaí gan deireadh an Ghaeilge a imeallú, tá grá ag muintir na héireann di go fóill. Is é dushlán s'againne é seo athrú go tacaíocht gníomhach agus úsáid gníomhach den teanga.

Ciallaíonn sé seo gurb é an phríoracht is tábhachtaí é ná cumhachtú agus spreagadh daoine chun an Ghaeilge a labhairt. Ciallaíonn sé ranganna Gaeilge, cúrsaí Gaeilge agus Gaelscoileana in achan áit gurbh fhéidir.

Taobh chúl de na hargóintí faoi mhaoiniú agus chearta agus áiseanna agus chomhionannas don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge, tá fírinne bunúsach nár choir dúinn dearmad a dhéanamh air. Is é sin gur le muintir na héireann an Ghaeilge, muintir na héireann uile. Is cuma faoi aicme, creideamh ná cúlra. Is é príoracht s'againne an Ghaeilge a thabhairt ar ais do mhuintir na héireann, lenár dteanga féin a athfhoghlaim, agus leis an teanga sin a chur ar ais i mbéil na ndaoine."


Demilitarisation protest in South Armagh during the Sinn Féin Slógadh


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News