Republican News · Thursday 27 February 2002

[An Phoblacht]

Art Mac Cumhaigh


After the abuse the soul of the 18th century poet 'Art Mac Cumhaigh' suffered during the Slógadh, An DRAOI RUA attempts to redeem some credibility for the man's charachter so that he may rest in peace again.

Le linn 'Slógadh Shinn Féin' ag deireadh na seachtaine, creidtear gur éirigh Art Mac Cumhaigh ó na marbh toisc go raibh an oiread sin fearg air ag éisteacht le 'séisiún amhránaíochta'. Ach maraíodh é arís is arís eile le leaganacha éagsúla d'Úirchill an Chreagáin. Tuigtear do 'An Phoblacht' go bhfuil a anam agus a chnámha ar ais ar shlí na fírinne arís ach seans gur éalaigh sé le spéirbhean eile.

"Ag Úirchill an Chreagáin a chodail mé aréir faoi bhrón,
is le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póg;
bhí gríos-ghrua ghartha aici agus loinnir ina céibh mar ór
's gurb é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghain óig.
'A fhialfhir charthanaigh, ná caitear thusa i ndealramh bróin
ach éirigh go tapaigh agus aistrigh liom siar sa ród
go tír dheas na meala nach bhfuair Galla innti réim go fóill
'gus gheobhfá aoibhneas ar hallaí do do mhealladhsa le siansa ceoil."

Ní féidir le scoláirí a bheith ar aon intinn fán dáta a shaolaíodh an file, Art Mac Cumhaigh. Deirtear gur rugadh é am éigin idir 1715 agus 1738. Creidtear go bhfuair sé bás den ól sa bhliain 1773.

Chónaigh sé i ndeisceart Ard Mhacha agus tá sé luaite go minic i mbéaloideas an cheantair. Feirmeoirí ba ea a mhuintir agus chaith sé fein cuid mhór dá shaol ag sclábhaíocht do dhaoine eile sa chomharsanacht. Ní amháin go raibh léann dúchais na héireann ar a thoil aige ach bhí Béarla aige maraon l'eolas maith aige ar litríocht chlasaiceach na Laidine agus na Gréigise.

Ar ndóigh, bhí traidisiún láidir filíochta sa tréimhse seo. B'iad an triúr filí is mó a raibh cáil orthu san am ná: Art Mac Cumhaigh féin, Séamas Dall Mac Cuarta (1650-1733) agus Peadar Ó Doirnín (c.1700-1769).

Tuigtear go raibh Art Mac Cumhaigh i ngleic leis an Eaglais Chaitliceach. Chuir sagart paróiste an Chreagáin an ruaig air agus chónaigh sé ar feadh tréimhse i mBinn éadair, Baile átha Cliath. Níor thaitin an áit leis agus d'fhill sé abhaile roimh i bhfad. Ní féidir a bheith cinnte cén fáth ar ruaig an sagart é, ach tá dhá teoiric ann: gur scríobh sé aoir, 'Máire Chaoch', ar dheirfiúr an tsagairt céanna toisc gur chuir sí iachall air bláthach a ól sa chistin in ionad é a chur isteach sa pharlús. Is é an dara tuairim ná gur phós sé sa séipéal Protastúnach cé gur Caitliceach é. Cibé cúis a bhí leis, cuireadh faoi choinnealbha é.

I ndiaidh do bhriseadh ar Shéamas II ag Cath na Bóinne i 1690 agus an ár a rinneadh ar a lucht leanúna in Eachroim, Co. na Gaillimhe, tháinig Liam Oráiste i réim i Sasana. Is dócha go dtiocfadh a rá go raibh cogadh gallda ar siúl in éirinn idir an dhá rí ach níl amhras ann ach go raibh tionchar mhór ag na cathanna thuasluaite ar mhuitir na tíre.

Tháinig réim na Nua-Ghaill i bhfeidhm in éirinn faoi cheannasaíocht Liam Oráiste. Cuireadh na Péindlíthe ar bun agus díbríobh na taoisigh, idir shean-Ghaill agus Ghaeil, a throid i gcoinne Rí Liam. Dá bhrí sin, fágadh na filí gan a bpátrúin traidisiúnta.

Bhí muintir Uí Néill mar thaoisigh ar chuid mhaith de Chúige Uladh roimh chéim síos na nGael. Molann Art Mac Cumhaigh Niallaigh an Fheadha sa dán 'Úirchill an Chreagáin'. Tá ceantar an Fheadha i ndeisceart Ard Mhacha, an ceantar céanna arbh as an file. Cé go raibh na Niallaigh ar lár roimh aimsir Mhic Chumhaigh, d'fhéach sé siar chuig a réimeas mar ré órga sa cheantar.

Tá an aisling 'Úirchill an Chreagáin' go mór i mbéal na n-Ultach go fóill agus is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na hamhráin is breátha dar cumadh san 18ú haois. D'éirigh le Mac Cumhaigh foirmle traidisiúnta na haislinge a mhúnlú lena séala féin a ghreamú uirthi. Is léir an cion daingean a bhí aige ar a áit dúchais agus an dílseacht do na taoisigh a lonnaíodh ann tráth.

Cuireadh muintir Uí Néill sa reilig seo i gCreagán, in aice le Crois Mhic Lionnain. Tá lusca faoin talamh ann agus díon cloiche air: chuirtí na blaoscanna ar fad ar sheilfeanna ann.

Deir seanchas na háite go raibh an file ar a sheachnadh sa reilig nuair a chum sé an dán seo. De ghnáth, tagann éire ina spéirbhean chuig an file san aisling ach in 'Úirchill an Chreagáin' tagann síog chuig Art Mac Cumhaigh. Is beag sólás a thugann an spéirbhean don fhile agus í ag cur in iúl nach mbeidh faoiseamh ar bith i ndán dó nó go n-imíonn sé léi. Tá an file iontach éadóchasach i dtaobh a thíre agus i dtaobh é féin mar fhile. I ndeireadh na dála deir Mac Cumhaigh go mbeidh sé tuillteanach imeacht leis an tsíog a thugann sí gealltanas dó, cibé áit ina fhaigheann sé bás, "gurab i gCill chumhra an Chreagáin a leagfar (m)é i gcré faoi fhód."

Seanfhocal na Seachtaine

'Bíonn cóir an dáin déanta go maith ar dtús ach is iomaí fear millte a thagann air.'

Is dócha go dtig le gasch duine againn samplaí comhaimseartha a thabhairt ar an sheanfhocal seo.

Gluais

séisiún amhránaíochta singing session

leaganacha éagsúla different versions

sclábhaíocht slaving

comharsanacht neighbourhood

litríocht chlasaiceach classical literature

teoiric theory

iachall compell

bláthach buttermilk

coinnealbha excommunication

cathanna battles

ceannasaíocht leadership

péindlíthe penal laws

dílseacht loyalty

lusca tomb

blaoscanna skulls

ar a sheachnadh on the run

faoiseamh rest

éadóchasach despairing

comhaimseartha modern


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News