I gCuimhne Phádraic
AN DRAOI RUA remembers the most famous Irish language writer, well known among those that do not speak Gaeilge, Pádraic Ó Conaire (1883-1928), as Conradh na Gaeilge commemorates the 75th anniversary of his death.
Caithfidh mé a rá gur cuireadh iontas orm nuair a léigh mé an méid thuasluaite i dtaobh Phádraic Ó Conaire. Creidim gurb é 'Mac Giolla Bhríde' (An Tiarna Ashbourne) a bhí ina Uachtarán ar an Chonradh nuair a d'éag Pádraic Ó Conaire. Seans nár réitigh muintir an Chonartha lena tuairimí polaitíochta nó nach raibh mórán dúil acu sa dearcadh sóisialach a léirigh sé go minic. Tuigtear gur thacaigh Ó Conaire le fórsaí an Saorstáit, rud nach maith le poblachtánaithe a chuimhneamh ach oiread.
ois tá Conradh na Gaeilge ag eagrú comóradh ar bhás Phádraic, 75 bliain ró-mhall a deir tú, b'fhéidir. Más mall is mithid is dócha.
Bhí Pádraig Ó Conaire iontach díograiseach le Conradh na Gaeilge cé gur chreid an eagraíocht céanna go raibh sé ró-conspóideach dóibh in amanta. Bhí dearcadh sóisialach agus réalach le sonrú ina chuid scríbhneoireachta ina raibh idir daonnacht agus greann le fáil ann. Sheachain sé an stíl rómánsach a bhí á chleachtadh ag a chomhaimsirigh. Léirigh sé an t-olc, an gránnacht chomh maith leis na maitheasaí a bhí le fáil i saol na hÉireann. Bhí táithí aige ar shaol na tuaithe agus ar shaol na cathrach agus thuig sé an bochtanas agus fadhb an óil fosta.
Is dócha gurb é Pádraic Ó Conaire ar an chéad scríbhneoir gairmiúil a tháinig chun tosaigh le linn Athbheochán na Gaeilge ag tús an chéid seo chaite. Bhí a chroí sa litríocht seachas rudaí eile. Bhí daoine eile sa Chonradh tógtha le cúrsaí oideachais, cúrsaí polaitíochta agus araile. Chum sé roinnt drámaí, leathdhosaen cnuasach de ghearrscéalta agus úrscéal amháin 'Deoraíocht'. Céim mór chun tosaigh a bhí san úrscéal seo ina bhris sé na sean-nósanna litríochta a bhí faoi réim agus é ag réitiú an bealach nua liteartha a bhí le teacht. Cuirtear síos ar dheoraí ó Éirinn ina chónaí i Londain san úrscéal seo agus mar atá leis an chuid is mó dá shaothar, is fiú agus is oiriúnach é a léamh inniu go fóill.
|
Bhí Pádraic abhus fá Bhaile Átha Cliath nuair a tháinig an bás air. Cuireadh isteach i leaba i seomra na mbocht é sa Richmond Hospital. I ndiaidh gach clódóir a rinne airgead air, ní raibh aon duine le cuidiú leis.
...Bhí muid ag dúil go mbeadh an tórramh maith féin. Ach ní raibh. Ní thearn Conradh na Gaeilge dada. An chéad chruinniú a bhí acu i ndiaidh a bháis, tráchtadh ar a ainm, rinneadh moladh mairbh air nach raibh leath chomh filiúnta agus ba chóir dó a bheith, agus ansin báitheadh a chuimhne sna miontuairiscí. Ní thearn aon duine taobh amuigh den Chonradh a dhath ach an oiread....
- Seosamh Mac Grianna
|
Tá mé cinnte gurb fhearr le Pádraic Ó Conaire go mbeadh tuiscint ag muintir na hÉireann ar a chuid scríbhneoireachta ná fios a bheith acu go raibh dealbh ann in ónóir dó i gcathair na Gaillimhe. Cúisíodh tríúr as Contae Ard Mhacha i gCúirt na Gaillimhe as damáiste a dhéanamh de dhealbh Phádraig Uí Chonaire roinnt blianta ó shin. Bhain siad an cloigeann de agus ghearradh fíneáil de roinnt míle punt ar an tríúr.
Rinneadh cúis magaidh de Phádraic de thairbhe an eachtra seo. Ós rud é nach raibh deis ag Comhairle Chontae na Gaillimhe an dealbh a dheisiú láithreach, tharla go raibh suíomh iontach ag turasóirí griangrafanna a ghlacadh i lár an Fháiche Mhór i gcroílár na Gaillimhe. Bhíodh nós ag Gaeil agus Gaill a gcloigne féin a chur san áit a ba chóir ceann Phádraig a bheith.
Is cosúil anois go athlonnófar Dealbh Uí Chonaire in Iarsmalann Chathartha na Gaillimhe ar ball. Níl tús curtha le obair tógála na iarsmalainne go fóill, ach deirtear go bhfuil na tógálaithe le toiseacht i Mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Cibé uair a bheas an obair curtha i gcrích agus an an dealbh bogtha, is cinnte go mbeidh praghas le íoc ag an doras. Ní dóigh liom go mbeadh an sóisialach Ó Conaire ag dúil go mbeadh luach ar a chloigeann mar seo do ghnáthphobal na cruinne.
Má tá éinne ag iarraidh aithne níos fearr a chur ar an scríbhneoir uasal seo, áfach, molaim an t-úrscéal 'Deoraíocht' a léamh.
Seanfhocal na Seachtaine
'Ní mhaireann na bréaga ach tamall.'
Cé nár tugadh mórán aitheantas do Phádraic Ó Conaire ag uair a bháis, b'fhéidir go bhfuil dearmad déanta fán drochchlú a bhí air ina measc.
Gluais
tórramh funeral
miontuairiscí minutes (of meeting)
díograiseach hard working
conspóideach controversal
daonnacht humanity
gairmiúil professional
dealbh statue
athlonnófar relocate
iarsmalann museum