Oícheanta Áirneáil
AN DRAOI RUA this week recalls some of the evening pastimes that kept people occupied before television took over. It seems there were plenty of games, stories, poetry and music to entertain at all sorts of occasions.
"Cad é a rinne tú aréir?"
Ba cheart go mbíodh i bhfad níos mó ná 'bhí me ag féachaint ar an teilifís' mar fhreagra ag ár sinsear.
Níl amhras ar bith ann gurb é an scéalaíocht an caitheamh aimsire a ba choitianta a bhí á chleachtadh. Tuigimid go bhfuil réimse leathan ábhar le fáil sa tseanchas a bhí ag daoine; finscéalta, scéalta stairiúla agus eile. Ní amháin sin ach bhíodh an fhilíocht le cloisteáil i dtithe áirneáil. Bhíodh an fhilíocht riamh mar cheird póiblí. Níor scríobhadh dánta ar mhaithe leis an fhile amháin ach bhíodh véarsaí léite os ard don phobal i gcoitinne. Bhíodh 'guth an phobail' le cloisteáil ón fhile. Bhí an tóir ar an 'chrosánacht' go háirithe, ina raibh siamsaíocht agus greann ar leith.
Bhíodh imeartas focal idir dhaoine chomh maith. Is cosúil go an suim ag daoine sna seanfhocail, i dtomhaiseanna agus i gcluichí focal go háirithe. m.s: Ní fuil ná feoil ná cnámh é ach as fuil is feoil a d'fhás sé? - cleite.
Cuir Gaeilge ar an Bhéarla:
"Take the twist moist of the moist middle and leaveit on the jig-wall of the house."
"Tóg an cas-úr den úr-lár agus leag ar phort-bhalla an tí é."
Bhí cluichí eile coitianta go leor. Bhí ficheall á imirt ag laochra na finscéalta fiú. Bhí cluiche tábla eile 'bran dubh' ag daoine fosta agus ansin bhí táiplis ann chomh maith. Glactar leis gur cluichí iad seo a chleacht uaisleaicme na hÉireann. Is leis na Sasanaigh a tháinig 'cártaí' i dtír agus níor ghlac sé i bhfad go dtí go raibh drochnósanna an chearrbhachais á chleachtadh ag Gaeil - tá roinnt scéalta ann ag cur síos ar dhaoine ag cur a gcuid éadaí agus cuideanna dá gcorp mar gheallanna.
Ní thiocfadh trácht ar oícheanta áirneáil gan cúrsái ceoil a lua. Ar ndóigh, tá sé deacair amanta difríocht a aithint idir an fhilíocht agus an amhránaíocht. Is iomaí dán a bhí scríofa ar mheadaracht áirithe agus iad ag gabháil le fonn ceoil. Maidir leis na ceoltóirí, creideadh go raibh na ceoltóirí is fearr in ann trí chinéal ceoil draíochta a bhualadh - geantraí, goltraí agus suantraí. Cuireann geantraí spion maith ar dhaoine, bíonn daoine ag caoineadh ag éisteacht le goltraí agus titeann daoine a codladh faoi dhraíocht 'suantraí'. Creidtear go raibh an 'cruit' nó an 'cláirseach' coitianta go lear in Éirinn fadó ach bhí uirlis sreangach eile darbh ainm 'tiompán' ag ceoltóirí fosta. Lena chois sin bhíodh 'feadán' ag ceoltóirí chomh maith; uirlis píobach de shaghas éigin a bhí ann. Níor tháinig an fidil go hÉireann go dtí an 17ú haois, ná an bosca ceoil go dtí an 19ú haois ach tuigtear gur cuireadh fáilte roimh gach uirlis ceoil de réir mar a tháinig siad i dtír. Feictear go bhfuil réimse ollmhór uirlisí ceoil ag séisiúin an lae inniu.
De réir mar a thuigimid, chreid ár sinsear gur cheart trí chuid a dhéanamh den oíche; cuid ag ól, cuid i mbun ceoil agus an cuid eile i do chodladh.
Seanfhocal na Seachtaine
'Má thréigtear an seanfhocal, ní bréag é.'
B'fhéidir gur thréigeadh i bhfad níos mó ná seanfhocail, ní hé sin le rá gur cur amú ama a bhí ag ár sinsear.
Gluais
réimse range
imeartas focal play of words
ficheall chess
táiplis draughts
cearrbhachas gambling
geallanna bets
meadaracht metre (of poem)
uirlis sreangach stringed instrument