Republican News · Thursday 26 September 2002

[An Phoblacht]

www.craiceailte.com

 
Deirtear linn go bhfuil sé mar aidhm acu siamsaíocht agus pleisiúr a chur ar fáil do Ghaeil craiceáilte na cruinne
Níl ríomhaire ag gach Gael agus íomhá an bhochtanais orainn go fóill, ach má tá deis agat breathnú ar an idirlíon, áfach, seans go mbeidh suim agat i www.craiceailte.com. Seoladh an suíomh idirghreasáin úr go sealadach le linn an cláir 'Cúl a' Tí' ar Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 20 Meán Fómhair. Tá sé cineál 'rúnda' go fóill óir níl sé le seoladh go hoifigiúil go dtí Mí na Samhna. Is ionann 'rúnda' agus 'níl muid go hiomlán réidh go fóill'. Cibé ar bith, caithfidh tú a bheith rud beag craiceáilte le suim a chur ins sa suíomh seo.

Is ar éigean a dtig le duine ar bith bainte leis an suíomh comhrá dáiríre a bheith acu agus cuspóirí s'acusan a mhíniú go soiléir. Deirtear linn go bhfuil sé mar aidhm acu siamsaíocht agus pleisiúr a chur ar fáil do Ghaeil craiceáilte na cruinne. Seans go bhfuil teagmháil acu le Gaeil nach mbaineann leis an domhan seo fosta.

Beidh siopa earraí ina bhfuil rudaí éagsúla ar díol: t-léinte, e-cártaí, gimící agus araile. B'fhéidir, áfach, gur chóir an 'araile' a sheachaint! Rachaidh an brabús ar fad ar son na cúise, cibé cúis atá i gceist, ní fios! Maise, beidh cuid den airgead curtha ar leataobh ar son na drúise fosta.

Tá scéalta beaga agus móra na nGael craiceáilte ar fáil ag an suíomh ar an láithreán nuachta. Ní ghá do 'Lá' ná 'Foinse' a bheith buartha go bhfuil an suíomh idirghréasáin mar bhagairt do mhargadh s'acusan. Coinnífear muid ar an eolas fá ghníomhartha na nGael craiceáilte maraon le cúrsaí ceoil agus eile.

Maraon leis an mhéid thuasluaite, beidh deis ag daoine násc a dhéanamh le cláracha raidió agus físeáin áirithe chomh maith. Beidh na Gaeil craiceáilte an-eolach ar chúrsaí ealaíne fosta.

Beidh an suíomh idirghréasáin ábalta seoladh ríomh-phost a chruthú do gach uile Gaeil craiceáilte ar an láithreán. Deirtear linn go mbeidh seoltaí go hiomlán i nGaeilge ar fáil ach cuimhnítear nach féidir sínte fada a úsáid. [Cé chomh gaelach is a bheas seoltaí gan sínte fada?]

Is dócha gurb é an rud is nua-aoiseacha atá ar fáil ar an láithreán idirghréasáin seo ná 'seomraí cainte'. Beidh na Gaeil ábálta a bheith ag rámhaille leo, ag plé cúrsaí na réabhlóide agus eile. Ar an drochuair, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh duine ar bith eile sa seomra comhrá ach amháin le linn 'Cúl a' Tí' a chraoltar ar RnaG idir 3.00 agus 4.00 i.n. gach Aoine.

De réir an bhéaloideas, bunaíodh an ciorcal craiceáilte i 1993 agus d'eagraíodh an Fhéile Craiceáilte i Rath Cairn Samhain 1993. Níl a fhios agam ar éirigh le Gaeil craiceáilte mórán eile a éagrú ó shin, ach is cinnte gur céim mhór chun tosaigh dóibh a bheith beo ar an idirlíon.

Mar a deirim, seolfar an suíomh seo go hoifigiúil an Samhain seo chugainn. Go dtí sin, tá gach sórt ábhair craiceáilte á ullmhú ag na Gaeil díograiseach seo. guím rath na ndéithe ar an obair mire.

Draoi Rua.

Seanfhocal na Seachtaine

'Faigheann iarraidh iarraidh eile.'

Chomh luath agus a théann duine ar lorg rud éigin ar an idirlíon, ní fios cad é a bheas le fáil.


LオRMHEAS/REVIEW

Cén Dochar

LオRMHEAS/REVIEW: Dráma

Caithfidh a rá go bhfuil ardmholadh tuillte ag Maeve Ingoldsby as an reiviú nua faoi shochaí na tíre seo a scríobh. D'éirigh léi an greann a thabhairt léi sna cnuasach sceitseanna agus ba léir go raibh an fhoireann ar fad an-gnóthach agus seasca carachtar le roinnt idir cúigear acu: Peadar Ó Treasaigh, Maggie O Sullivan, Siobhán Ní Cheallaigh, Eoin Geoghegan agus Niall Mac Donnachadha agus iad faoi stiúir ag Lara Ní Chathmhaoil.

Bhí an deis agam féin a bheith ag an réamhléiriú i dTaibhdhearc na Gaillimhe 23 Meán Fómhair agus bhain mé ard-taitneamh as an seó. Tá cíoradh iontach déanta ar scéalta comhaimseartha na tíre agus creidim go n-éiríonn le 'Cén Dochar' an fhírinne a nochtadh le greann agus le ceol. Maise, cuireadh iontas orm fán dóigh a raibh an oiread sin amhráin scríofa fá na hábhair éagsúla ar fad.

Tá féith an ghrinn sna sceitseanna go cinnte. Bhí geamaireacht iontach ann fá Bhrionglóid Bhertie inar chuireadh síos ar a dhul chun chinn sa tsaol polaitíochta. Is iad Charlie Haughey, Albert Reynolds agus Mary Harney na 'baddies' sa gheamaireacht seo. ナríonn go maith le Bertie i measc na caoirigh eile de chuid Fianna Fáil. Nuair a scaoileann Albert, an buachaill bó, é féin sa chos, tá brionglóid bainte amach aige a bheith mar thaoiseach. Cuireann an chailleach Harney deireadh le brionglóid eile fán 'Bertie Bowl' agus insítear dúinn ar ball go dtig le muintir na hナreann brionglóid Nice s'aigesean a scriosadh le 'níl' a vótáil sa reifreann.

Caithtear súil géar ar chúrsaí Sellafield ina insítear dúinn go bhfuil an monarchán núicleach chomh slán l'eacnamaíocht na hナreann. Tá magadh maith déanta sa sraitheanna seo fá na cúrsaí tromchúiseacha. Neamhaird Bhlair agus bréaga shaineolaithe léirithe agus éiríonn leis an Aire Breandán Mac Giolla Blathar eolas eisiach amaideach a scaoileadh uaidh le linn agallamh ar TG4.

Feictear go bhfuil Teachtaí Dála Fine Gael i mbaol mar species agus cé go bhfuil James Bond fostaithe ar mhisean dodhéanta, is beag dóchais atá ann dóibh. Tugtar léargas greannmhar dúinn fosta ar ghníomhartha na mbinsí fiosrúcháin ina bhfuil dianscrúdú déanta ar chás chíceáil Chorn Mhag Uidhir i sráideanna Thuam na Gaillimhe. [Bhuel, is dócha go mbeidh níos mó measa ag Mhuintir Ard Mhacha ar an Chorn céanna.] Tá dualgas ar an bhreitheamh éisteacht le faisnéis ó dlíodóirí ar son an Cumann Lúthchleas Gaeil, mhuintir Tuama, Sam Mhag Uidhir..... agus a lán eile.

Bhain mé ard-sult as an léargas a rinneadh ar an chultúr bhréagach cruthaithe ag Louis Walsh thar na blianta. Léiríodh na tuairimí seafóideacha atá brúite chun cinn aige sna popghrúpaí nach bhfuil bun na brí iontu. Feictear 'Cúigear', an popghrúpa is úire sa tíre, agus iad ag gabháil do dhamhsaí is amhráin amaideacha. Tuigtear nach bhfuil tuairimí dá gcuid féin acu agus tarlaíonn scoilt i ndiaidh scoilte go dtí go bhfuil dearmad déanta orthu ar fad.

Tá léargas tugtha dúinn ar choimhlintí idir Roy Keane, Mick McCarthy, Eamonn Dunphy, agus an FAI i rith na bliana. Creidim go raibh barraíocht béime curtha ar an scéal áirithe seo agus formhór an dara chuid bainte leis. B'fhéidir, áfach, go léiríonn a leithéid an tionchar a bhí ag na héachtraí sacair ar phobal na tíre. Is mór an trua fosta nach raibh tagairtí ar bith déanta do pholaitíocht na sé chontae. Seans gur sin reiviú eile!

Ní fios an bhfuil sé ar intinn taisteal leis an reiviú nua 'Cén Dochar' ach is fiú go mór é a fheiceáil. Déanaigí deifir óir críochnaíonn an seó i dTaibhdhearc na Gaillimhe(091 563600) Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair. Anois, sin leithscéal daoibh cuairt a thabhairt ar Ghaillimh!

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News