Tuairisc Tubaisteach Eile faoin Timpeallacht
Special Branch strategy is simple enough, writes LAURA FRIEL. Scupper reform by marginalising Sinn Féin politically and by demonising the IRA. Create McCarthy-type hysteria with allegations of republicans under the bed, or in the office of the First and Deputy First Minister, and carry out a witch hunt against Catholic civil servants
Is cosúil nach bhfuil mórán ceachtanna foghlamtha ag muintir na tíre seo fá chúrsaí timpeallachta go fóill. Tuigtear go leantar leis an scrios ar an dúlra in ainneoin go bhfuil neart damáiste déanta cheana féin.
Nocht an t-Uasal Paddy Matthews, oifigeach pleanála an Chomhairle Oidhreachta, firící uafásacha le linn Comhdháil ag deireadh na seachtaine seo chaite.
De réir na tuairisce, scriostar suas le míle ciliméadar de fhálta na tíre seo gach bliain. Déantar a leithéid de bharr thógáil bóithre is tithe maraon l'athraithe ar thalamh talmhaíochta. Shílfeá gurb ionann forbairt agus scrios! Ar ndóigh níl mórán fálta le feiceáil ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste le roinnt blianta ach oiread.
Caithfidh gur beag tuiscint atá ag muintir na tíre ar an timpeallacht go fóill go leantar ar aghaidh leis an scrios ó bhliain go bliain. Is mór an tionchar atá ag an scrios seo ar na fálta ar éanacha dúchasacha na tíre chomh maith. Tuairiscítear anois go bhfuil an 'gealóg bhuachair'(corn bunting), éan beag tuaithe, imithe in éag an oiread sin nach féidir pórú in éirinn anois. Ná déanfaimid dearmad go bhfuil an traonach go mór i mbaol fosta.
Cuireann an t-Uasal Matthews cuid mhór den locht ar an dóigh a dtig le feirmeoirí na tíre páirceanna tuaithe a dhíol mar shuíomhanna tógála. Deir sé gur dhíol duine as gach seachtar feirmeoir láithreán tí anuraidh. Níl cuma ar an scéal go bhfuil smacht a choinneáil ar an fhorbairt tógála sa tír.
Mar atá a fhios againn, níl ach 3% de chrainn dúchasacha ag fás ar thalamh na héireann i láthair na huaire. Ba chóir go mbeadh breis agus míle ciliméadar de chrainn dúchasacha curtha in ionad iad gearrtha gach bliain. Síleann muid go bhfuil i bhfad níos mó tuiscint againn faoi chúrsaí timpeallachta sa lá atá inniu ann ach faraor níl beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.
'Only our rivers run free' a deir an t-amhrán ach léiríodh sa tuairisc céanna go bhfuil 42% de scéimeanna uisce príobháideacha truaillithe ar fud na sé chontae is fiche.
Lena chois sin, dúradh go bhfuil 34% de leachta náisiúnta caillte ar fad ó 1830. Leoga, cailleadh an chuid is mó de na leachta náisiúnta seo le déanaí. Is cosúil nach gcuirtear mórán srian ar na tochailteoirí agus iad i mbun scrios.
De réir mar a leantar ar aghaidh l'obair tógála, ba cheart go mbeadh cosc ar an scrios seo ar fad. Cad is fiú teach a thógáil i gceantar beag tuaithe má tá an dúlra ina thimpeall le milleadh. Mar aon leis sin, nár cheart dúinn na línte traenacha a forbairt ar fud na tíre in ionad a bheith ag brath an iomarca ar phríomhbhóithre nua. Blianta ó shin, bhí córas traenach breá fairsing ar fud na tíre ach druideadh formhór na línte. Ní amháin nach mbeadh an oiread sin fálta leagtha l'athoscailt na línte traenacha, bheadh trácht agus timpistí ar na bóithre lagdaithe. Maidir le feirmeoirí na tíre, shílfeá go dtiocfadh leo a bheith níos tuisceanaí faoin dúlra agus iad ag brath ar an timpeallacht ina slíte beatha. Maise, tá i bhfad níos mó i gcontúirt báis ná na crainn i Sráid Uí Chonaill i mBaile átha Cliath.
Seanfhocal na Seachtaine
'Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmaid, tá coillte na héireann ar lár.'
Ní féidir linn an locht a chur ar na Sasanaigh as an scrios ollmhór atá a dhéanamh ar crainn dúchasacha inniu.