Pisreoga na Seachtaine
AN DRAOI RUA takes us through some of the popular superstitions of the week, day by day.
Is dócha gur ionad cultúrtha an seachtain ina bhfuil deis ag an phobal struchtúr a chur ar an tsaol. Cinnte, bíonn seans againn ar fad a bheith thuas seal agus thíos seal.
Bhí cead againn riamh sos a ghlacadh ar an Domhnach. Lena chois sin, chuir an eaglais cosc ar obair a dhéanamh ar an lá. Mar sin de, bhí daoine den tuairim nach fiú mórán oibre a dhéanamh ar an lá óir ní bheadh toradh iontach as. Ní amháin sin ach chreid daoine nár chóir an oiread sin a dhéanamh gar don Domhnach - 'buille déanach an tSathairn agus buille luath an Luain.'
Bhí eisceachtaí beaga ann don chosc seo ar an obair. Chreid feirmeoirí i gcónaí gur cheart béithigh a bhogadh go páirceanna eile ar an Domhnach. Bhí daoine den bharúil gur chóir luibheanna a bhailiú ar an Domhnach toisc go mbeadh leigheas níos éifeachtaí iontu dá bharr. Dá mbeadh gá leis, bheadh cead snáth a chur in éadaí ar an Domhnach ach bheadh dualgas ar an té snáth nua a chur sna éadaí céanna ar an lá dár gcionn. Mar aon leis sin, bhí na seandaoine den tuairim go raibh cosaint ar leith ag daoine daonna roimh shíoga ar an Domhnach óir ní thiocfadh leo caint daonna a chloisteáil ar an lá.
Ar fáth éigin, ní raibh mórán áidh bainte leis an Luan. Chreid daoine nár cheart rud ar bith nua a thoiseacht ar an Luan. Dá bhrí sin, sheachain lanúineacha an Luan a roghnú mar lá bainise.(B'fhéidir gur cheart do dhuine éigin seo a chur i gcuimhne do Daniel O Donnell). Dá mbeadh obair ar bith le déanamh ar an Luan, bheadh tús curtha leis roimh ré. Fiú i gcás uaigh a thochailt, bhíodh an chéad fhód bainte ar an Domhnach. Bhí droch-ádh le margadh an Luain agus b'fhearr le daoine gan a dhath a dhíol ná a cheannach ar an lá. Ní dhearnadh an oiread sin glantachán sa teach ar eagla go gcaitheadh ádh amach.
Bhí ádh mór bainte leis an Máirt riamh agus chreideadh gurb é an lá is fearr l'aghaidh pósadh. Ar ndóigh, bhí nós ag neart daoine pósadh Máirt Inide roimh an charghas. B'fhearr i bhfad tús a chur le jab nua ar an lá seo. B'fhearr le daoine fíodóireacht de shaghas éigin a dhéanamh ná im a dhéanamh ar an Mháirt chomh maith.
Is ionann 'aoin' agus 'troscadh'. Dá bhrí sin, bhí an chéad troscadh sa tseachtain Dé Céadaoin agus troscadh eile ar an Aoine. Idir 'dhá aoin', tá 'Déardaoin' againn.
Moltar dúinn earraí a dhíol nó a cheannach Dé Ceadaoin. Deirtear fosta gurb é an lá is fearr le taisteal a dhéanamh nó le bogadh tí. Bhí an oiread sin muinín ag iascairí sa Chéadaoin gurbh fhearr leo gabháil chun na farraige ar an lá seo.
Bhíodh margaidh sna bailte gach Déardaoin fosta ach bhí tábhacht ar leith le cúrsaí leighis ar an lá. B'fhearr le daoine cuairt a thabhairt ar an dochtúir ar an lá agus mar aon leis sin, caitheadh níos mó ama ag ní agus ag glanadh iad féin ar an lá.
Ní amháin go raibh troscadh le déanamh ar an Aoine ach bhí béim curtha ar phaidreacha go ginearálta. Lá eile l'obair nua a thoiseacht atá san Aoine chomh maith. Níorbh hé an lá is fearr l'aghaidh pósadh ach oiread as siocair go raibh barraíocht ceiliúrtha i gceist le linn troscaidh. B'fhearr l'iascairí gan gabháil chun na farraige ar an lá seo toisc baint a bheith ag stoirmeacha leis an Aoine.
Dé Sathairn, bíonn spion iontach ag daoine go bhfuil deireadh na seachtaine leo agus de gnáth bíonn ceiliúradh de shaghas éigin ar siúl. Cé go raibh obair tí agus eile déanta ar an Satharn, seachnaíodh tús a chur l'obair móra mar teach ná bád nua a thógail.
Cé nach bhfuil muintir na tíre chomh tógtha sin le cúrsaí eaglasta a thuilleadh, is dócha go mbíonn tréithe na laethanta seo orainn uilig go fóill.
Seanfhocal na Seachtaine
'Ní théann stoirm thar Dhomhnach ná rabharta thar Chéadaoin.'
Is iontach an rud é go raibh an oiread sin muinín ag iascairí agus ag feirmeoirí i laetha áirithe na seachtaine.