Ciníochas sa Toghachán
Cuireadh díoma orm a léamh go bhfuil grúpa frith-imirce,
'Immigration Control Platform' (ICP) l'ionadaithe a chur chun
tosaigh sa toghachán ginearálta sna sé chontae is fiche. Mar a
tharlaíonn sé ní bheidh ach beirt ionadaithe acu ach creidim gur
barraíocht an bheirt. Beidh Áine Ní Chonaill ag seasamh i mBaile
Átha Cliath agus Tom Neville i gCorcaigh.
Ar ndóigh, níl ach ábhar amháin le cur os comhair an phobail agus
baineann sé leis na teifigh in Éirinn. Tá siad den tuairim gur
chóir do rialtas Theach Laighin tarraingt siar óna thacaíocht ar
son Chonradh Geneva a leagann amach rialacha le cearta teifigh a
chosaint. Creideann siad nár cheart go mbeadh aitheantas
sibhialtaigh tugtha do pháistí eachtrannaigh a saolaítear sa tír.
Maidir leis na daoine a chuireann isteach iarratas ar lorg
tearmann agus a theipeann, síleann siad gur chóir an dream bocht
seo a dhíbirt as an tír i bhfad níos gaiste.
Níl ach tuairimí faisistíoch le moladh acu. Le linn preas ócáid
agus í ag seoladh a bhfeachtas toghacháin, dúirt Áine Ní Chonaill
go raibh sé de cheart aici a tír dúchais a chosaint ó imircigh a
thagann gan cuireadh díreach mar a dhéanfadh sí cosaint ar a
teach féin. Dúirt sí fosta gur mhothaigh sí go raibh bardas
máithreachais déanta d'Éirinn ag muintir Iarthar na hAfraice.
De réir an mhéid a bhí le rá ag Ted Neville, shíl sé go raibh an
iomarca airgid caite ag íocóirí cáin ar son teifigh. Tá sé den
bharúil go bhfuil cultúr na hÉireann maolaithe ag na teifigh agus
go raibh ár gcultúr riachtanach dúinn turasóirí a mhealladh. Sea,
níl mórán céille aigesean ach oiread.
Nuair a léitear a leithéid de bharúlacha, ní chuireann sé iontas
orm go bhfuil ionsaithe ciníocha ag méadú. Le fírinne, shílfeá
nach dtiocfadh le duine ar bith a bheith chomh holc sin agus
seasamh ciníoch a ghlacadh i bhfeachtas toghacháin. Is cinnte go
bhfuil muid inár gcónaí i sochaí nach bhfuil tuisceanach ar chás
na dteifigh agus atá ciníoch go leor. Tá sé ró-fhurasta do
dhaoine an milleán a chur ar dhream stráinséirí laga agus is
cosúil go bhfuil cuid mhór de mhuintir na hÉireann ag glacadh
leis na bréaga atá scaipithe i dtaobh na teifigh.
Is í an bhréag is mó a chluintear ná go bhfuil na teifigh uilig
anseo l'airgead a ghoid ón Roinn Leasa Sóisialta agus go bhfuil
siad ag cur postanna agus eacnamaíocht na tíre i mbaol. Ní
dhéantar mórán iarracht an fhírinne a thuiscint, gur ruaigeadh na
daoine as a dtíortha dúchais agus go bhfuil lucht an rachmais ag
déanamh brabúis as a gcruachás.
Ar a laghad, rinneadh iarracht seasamh a ghlacadh i gcoinne an
ciníochas agus na bréaga a chur i gceart le linn Comhdháil a
bunaíodh i Halla na gCathrach i gCorcaigh 22 Feabhra. I meas na
daoine a bhí ar an ardán bhí: Sean Love, Amnesty International,
ionadaithe ó na lucht siúil agus ó NASC(grúpa tacaíochta na
dteifigh) maraon le polaiteoirí áitiúla agus eile. Léiríodh ag an
chruinniú nach raibh go leor déanta ag an rialtas ar son na
dteifigh, gur chóir níos mó nascanna a chothú le stráinséirí a
thagann i dtír agus feachtas láidir a bhunadh le gabháil i
gcoinne an chiníochais in Éirinn.
Ba shuimiúil an méid a bhí le rá ag Pat Cox, Uachtarán
Pharlaimint na hEorpa, ná nach bhfuil an locht ar teifigh as
fadhbanna bochtanais in Éirinn agus nár cheart an milleán a chur
ar dhream beag daoine amháin. Léirigh sé nach bhfuil ach 0.27%
den GDP caite ar teifigh sna sé chontae is fiche.
Maise, ní féidir cosc a chur ar ionadaithe an ICP sa toghachán
ach ba cheart go ndéanfaidh cách a ndícheall le déanamh cinnte
nach bhfaighidh an bheirt seo ach dhá vóta.
AN DRAOI RUA
Seanfhocal na Seachtaine
'Is fearr muinín mhaith ná droch-aigne.'
Caithfimid uilig a bheith dóchasach ár ndeacrachtaí éagsúla a
réiteach gan an locht a chur ar dhaoine eile.