Republican News · Thursday 29 August 2002

[An Phoblacht]

Leantar leis an Scrios


This week, AN DRAOI RUA finds fault with the US for its attitude to the Earth Summit conference on world climate being held in Johannesburg. He also expresses support for Greenpeace's call for all of us to boycott Esso

Níorbh é go gcuireann óráidí George W. Bush iontas ar bith orm a thuilleadh ach cuireann sé deistín is fearg orm. Réitigh sé le gairid nach raibh sé riachtanach do Stáit Aontaithe Mheiriceá freastal ar an chruinniú domhanda faoi chúrsaí timpeallachta i Johannesburg.

Is masla úafásach do thíortha uile na cruinne a leithéid de ráiteas a scaoileadh uaidh. Le fírinne, is cuma sa tsioc l'údarás Bush fá chúrsaí timpeallachta.

D'eisigh rialtas Bush plean dá chuid féin faoin timpeallacht i Mí Feabhra seo chaite. Mhol an Teach Bán do chomhlachtaí tionsclaíochta gearradh siar ar an mhéid gáis sceithithe acu más mian leo. Chomh maith leis sin, dúirt siad go mbeidh siad ag spreagadh feirmeoirí a thuilleadh crainn a chur. Dúradh go mbeadh iarrachtaí déanta poncánaigh a threorú le painéil gréine agus gluaisteáin a bhaineann leas éifeachtach as ola a cheannach. I gceann deich mbliana, dúirt siad go mbeidh siad in ann athbhreithniú agus smaointe eile a cheapadh más gá. Ar ndóigh, níor luaigh siad go mbeidh méadú do 29% de ghásanna truaillithe sceithithe ag na Stáit Aontaithe agus an plean seo curtha i gcrích faoin bhliain 2012.

Caithfidh a admháil go léiríonn an ráiteas is déanaí seo i dtaobh chúrsaí timpeallachta nár mhaith le rialtas Mheirícea cur i gcéill anois fiú go bhfuil suim acu i dtodhchaí an domhain.

Le linn do Chonradh Kyoto á bplé i 1997, dúirt saineolaithe go raibh an oiread sin scrios déanta cheana féin go raibh idir 60-80% de gearradh siar ar ghásanna truaillithe de dhíth le maitheas ar bith a dhéanamh. Socraíodh 160 tíortha i Kyoto faoi dheireadh go mbeadh sé de chuspóir acu 5% de ghearradh siar a dhéanamh. Fiú ag an léibhéal seo de 5%, tháinig méadú in ionad laghdú in úsáid na gásanna truaillithe. I ndáiríre, ní raibh i gConradh Kyoto ach iarracht lag dul i dtreo an scrios ar fad a leigheas.

De réir cosúlachta, mothaíonn George W Bush nach bhfuil dualgas ar bith air aire a thabhairt don timpeallacht. Tuigimid, áfach, go bhfuil 4% de dhaonra an domhain ina chónaí sna Stáit Aontaithe a scéitheann breis agus 25% de gháis truaillithe na cruinne agus go bhfuil an truailliú sin ag méadú i rith an ama.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ceangail díreach idir an truailliú agus an tionchar atá ar an aimsir. Ní scéal nua é seo óir tá go leor samplaí den dochar feicthe againn cheana féin. Dá bharr an truailliú, tá teocht na cruinne ardaithe, tá sioc ag leá sa leathsféar thuaidh is theas agus tá léibhéal na farraige ardaithe idir cheathar agus deich n-órlach thar céad bliain. Ní amháin go bhfuil teocht na cruinne ag ardú ach tá tubáistí aimsire millteanacha ag tarlú níos minice. Le déanaí, chonaic muid cuid den doineann is measa riamh sa Rúis, sa Ghearmáin, san Eilvéis agus i bPoblacht na Seice. Aslonnaíodh 50,000 duine i bPrág sa tuile is measa dá raibh riamh ann. Fógraíodh staid éigeandála i mBaváir agus fuair 74 turasóir bás sa Rúis. Tá cúrsaí níos measa san áise le mórthuilte sa Bhainglaidéis agus sna Oileán Fhilipíneacha. Aslonnaíodh breis agus 500,000 duine sa tSín de bharr na mórthuilte ansin. Mar aon leis sin, tá na tréimhsí is troime san India agus san Astráil go bhfuil eacnamaíocht na dtíortha sin go mór i gcontúirt. Tuairiscítear fosta go bhfuil 'ollscamall donn' de dhoimhne 3 km os cionn na háise.

Bhí sé de leithscéal ag an Teach Bán nach féidir leo gearradh siar ar bith a dhéanamh ar ghásanna truaillithe as siocair go mbeidh tionchar ollmhór ar eacnamaíocht na tíre. Tuigtear go bhfuil siad ag brath chomh mór sin ar thacaíocht na comhlachtaí ola, nár mhaith leo cur isteach orthu. A fhad is atá airgead le déanamh acu, leanfar ar aghaidh leis an domhan a scrios. Is cinnte gur cuma le Bush fá thubaistí uafásacha nuair a tharlaíonn siad in áiteanna eile taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.

Ar na mallaibh, d'eisigh Greenpeace ráiteas i dtaobh na tubaistí seo ar fad agus iad ag cur an locht iomlán ar Uachtarán Mheiriceá. Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta gur chuir Bush cosc ar Phrótacal Kyoto toisc go raibh sé i gcomhpháirt leis an chomhlacht ola, Esso. Ba é Esso a chuidigh le toghadh George W. Bush agus a thugann neart airgid don Pháirtí Poblachtach sa Mheiriceá. Saothraíonn Esso brabús $15 billiún in aghaidh na bliana agus iad a rinne an méid is mó nach mbeadh conradh idirnáisiúnta ann i gcomhair athrú clíoma. Molann Greenpeace dúinn ar fad baghcat a dhéanamh i gcoinne Esso.

Cuimhnímid go bhfuil go leor tíortha eile ar fud na cruinne a glacann le Conradh Kyoto go fóill agus gur cheart dóibh uilig brú ollmhór idirnáisiúnta a chur ar na Stáit Aontaithe go dtí go n-athraíonn siad a polasaithe timpeallachta. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil dúshlán mhór ar rialtas na tíre seo agus ar gach tír eile bailithe i Johannesburg polasaithe timpeallachta agus dearcadh Mheiriceá a cháineadh go géar.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is maith an scéalaí an aimsir.'

B'fhéidir gur chóir dúinn a admháil go bhfuil eisceachtaí ann don seanfhocal thuasluaite agus muid i ndiaidh tubaistí aimsire a fheiceáil ar fud an domhain.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News