Republican News · Thursday 22 August 2002

[An Phoblacht]

Chailleach Bhéarra


Many people have been described as being 'as old as the Cailleach Bhéarra'. This week, AN DROAI RUA takes a better look at this mystical woman.

Mise Éire:
Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.
Mór mo ghlóir:
Mé a rug Cú Chulainn cróga.
Mór mo náire:
Mo chlann féin a dhíol a máthair.
Mór mo phian:
Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.
Mór mo bhrón:
D'éag an dream inar chuireas dóchas.
Mise Éire:
Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.

Is dócha go bhfuil aithne ag gach uile Gael ar na líntí filíochta thuasluaite a chum Pádraig Mac Piarais. Caithfidh mé féin a admháil nach raibh an oiread sin tuiscint agam féin ar an Chailleach Bhéarra nuair a chuala mé an dán seo don chéad uair. Ar ndóigh, tuigtear gur seanbhean uaigneach atá inti ón mhéad atá scríofa ag Mac Piarais.

'Boí' an t-ainm atá ar an bhandia seo a raibh lonnaithe i leathinis Béarra in iarthar Corcaigh. Bandia an talaimh atá inti sa chomharsanacht sin a raibh baint ar léith aici le ba. Tá clú agus cáil uirthi i mbéaloideas na hAlban chomh maith agus í mar spiorad an fhásaigh agus mar chosantóir na n-ainmhíthe.

Bhíodh na filí i gcumarsáid leis an bhandia seo measartha minic. Crónaíonn sé a óige i véarsaí a scríobhadh sa 9ú haois agus cur síos déanta ar an dóigh a ba ghnách léi a bheith ag ceiliúradh i gcuideachta na ríthe. Ag an phointe seo, mothaíonn sí mar seanbhean chaite gan mhaith. Cuirtear síos ar chaidreamh grá a bhí aici i bhfilíocht an 10ú haois. Tuigtear as lámhscríbhinní na meánaoise gur chaith sí seacht dtréimhsí d'óige i rith a saoil, gur phós sí fear óg gach uair a bhfuair fear chéile bás le seanaois agus go raibh na glúnta de pháistí, de gharpháistí agus na glúnta eile faoina cúram.

Cinnte, tá béaloideas iontach taobh thiar den chailleach áirithe seo. Deirtear go bhfuil radharc súile den scoth aici. Anois is arís, scairtíodh sí ar chailleach eile a mhair ar leathinis eile l'inse di go rud béitheach ag ithe roinnt coirce in aice leis an teach. Insítear dúinn go raibh breis agus fiche míle idir an bheirt chailleach. Bhuel, ní amháin go raibh radharc ar fheabhas aici ach caithfidh go raibh béic oll-challánach aici fosta agus í le cloisteáil thar fiche míle.

Creidtear go raibh an Chailleach Bhéarra sláintiúil i gcónaí. Bhí nós aici gan creafóg a iompar ar a cosa Ó áit go háit. Ní chaitheadh sí uisce salach amach go dtí go raibh uisce glan tógtha isteach aici roimh ré. Ní fios riamh, áfach, cá háit a mbíodh an t-uisce salach caite aici.

Deirtear fosta go raibh tarbh ollmhór aici darbh ainm 'Tarbh Conraidh'. Bhí torthúlacht iontach ag an tarbh áirithe seo. De rÉir an tseanchais, bhí lao ag gach bó taobh istigh de bhliain i ndiaidh dóibh búireann a chloisteáil uaidh. Lá amháin, chuaigh an Tarbh Conraidh ag snámh trasna na farraige agus é sa tóir ar bhó ar leith. D'éirigh an Chailleach Bhéarra feargach leis agus bhuail sí é lena mhaide agus rinneadh carraig dó, carraig atá le feiceáil san fharraige go fóill ar chósta iarthar Chorcaigh. Ar ndóigh, tá leaca seasta le feiceáil breacaithe ar fud na tíre agus tá seanchaithe ann a deir gur daoine daonna na clocha seo tráth go dtí gur chuir siad isteach ar an Chailleach Bhéarra fadó.

Tá traidisiúin an fhómhair bainte leis an Chailleach Bhéarra chomh maith. Cuireadh 'cailleach' ar an phunann choirce dheireannach atá le baint i ngort. Leoga, uaireanta bhíodh spiorad cailligh le feiceáil ag éalú ón pháirc agus í i gcruth ghiorria. Ní bheidh a fhios againn cá huair a bheas sí le feiceáil againn arís.

Tuigtear gur cuireadh ceist uirthi uair amháin an mbeadh sí sásta scaoileadh lena rúin i dtaobh a fadsaoil atá aici. B'í an fhreagra ón Chailleach Bhéarra ná:

1.Nach bhfaca barr a cloiginn an t-aer riamh.

2.Nár leagadh bunanna a cosa ar talamh lom choíche.

3.Níor ith sí riamh ach amháin nuair a bhí ocras uirthi.

4.Nár fhan sí sa leaba am ar bith i ndiaidh múscailte.

Bhuel, sin comhairle daoibh anois!

Seanfhocal na Seachtaine

'Tá cailleach ina ghoile le hocras.'

Tuigtear go mbeadh ocras an domhain ar an té bhocht thuasluaite.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News