Republican News · Thursday 25 April 2002

[An Phoblacht]

Béalghrá na Scrúduithe Cainte


The Irish Oral examinations mark a time of year when we have about 50,000 extra Irish speakers in the country, but it only lasts about a fortnight. AN DRAOI RUA asks why that is.

Is dócha go bhfuil sé tugtha fá deara ag roinnt daoine go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn méadaithe le linn an ama seo. Cinnte, is dócha go bhfuil idir 50,000 agus 60,000 duine breise ag labhairt i nGaeilge i láthair na huaire. Ar an drochuair, ní mhairfidh an athbheochán seo ar ár dteanga dúchais ach ar feadh coicíse.

Ar ndóigh, tá sé le tuiscint go dtagann forbairt iontach i labhairt na Gaeilge gach bliain i dtaca an séasúir seo agus na scrúduithe cainte ag gabháil ar aghaidh. Is é an trua is mó atá ann ina dtaobh, áfach, ná nach bhfuil suim dá laghad ag formhór na ndaltaí i nGaeilge, gur fuath leo na scrúduithe cainte agus chomh luath is atá siad thart, is beag focal i nGaeilge a bheas le teacht as a mbéal.

Caithfidh muid a admháil go bhfuil teipthe glan ag córas oideachais sna sé chontae is fiche an Ghaeilge a mhúineadh i gceart. I ndiaidh trí bhliana déag ag gabháil don Ghaeilge ar scoil, tá deacrachtaí móra ag daltaí agus iad ag iarraidh cur síos a dhéanamh orthu féin, ar a gceantracha féin, ar a gcuid caitheamh aimsire agus araile.

Tháinig duine chugam ag deireadh na seachtaine agus í ag iarraidh treoracha agus comhairle a fháil don scrúdú cainte. Nuair a d'iarr mé uirthi fán mhéid a bhí ullmhaithe aici cheana, thaispeán sí cóipleabhar lán de nótaí ina raibh óráidí móra breátha breacaithe síos ón chlár dhubh aici.

Nuair a tháinig na mic léinn ar ais ar scoil i ndiaidh na gCásca, dúradh leo go mbeadh na scrúduithe cainte acu roimh dheireadh na míosa agus go raibh sé in am dóibh iad féin a ullmhú fána gcoinne. Insíodh dóibh a gcuid cóipleabhar a thógáil as a málaí agus freagraí na gceisteanna a scríobh síos agus a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Faoin teideal 'teilifís', bhí rud éigin mar seo a leanas le foghlaim:

"Níl an oiread sin ama agam féachaint ar an teilifís anois agus mé i mbun dhianstaidéar l'aghaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta. Is breá liom féachaint ar TG4, áfach, óir creidim go gcuidíonn sé go mór le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Is áis iontach é TG4 do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fad. Is é 'Ros na Rún' an clár teilifíse is fearr liom. Tugann sé léargas den scoth dúinn de shaol na Gaeltachta agus is féidir liom éisteacht leis na canúintí éagsúla ann. Is é Tadhg an t-aisteoir is fearr liom mar is carachtar an-shuimiúil é agus is maith liom an blas cainte atá aige..."

Le fírinne, tugadh bréag i ndiaidh bréige do na daltaí agus tugadh rabhadh dóibh ar fad na freagraí a chur de ghlanmheabhair nó teipfidh orthu. Níor tugadh seans do na mic léinn a gcuid tuairimí féin a nochtadh agus dúradh leo fán dóigh ar chóir dóibh a bheith ag smaointiú fiú. Anois, níl mé ag rá gur seo mar atá an Ghaeilge a mhúineadh i ngach scoil ach is léir go bhfuil cásanna mar atá thuasluaite ann. Cinnte, tá múinteoirí iontacha ann ag déanamh a seacht ndícheall agus iad ag stréachailt leo taobh istigh den chóras.

Is teanga beo í an Ghaeilge agus ní éiríonn riamh l'í a theagasc mar theanga mharbh. Is mór an náire é nach gcuirtear níos mó béime ar an Ghaeilge mar theanga labhartha ón chéad lá ar scoil. Tá a lán rudaí eile i gceist fosta; cúlra na scoile, tuairimí tuismitheoirí agus dearcadh daltaí eile i dtaobh na Gaeilge. Muna dtig le daoine óga fiúntas na Gaeilge a thuiscint, is beag seans a mbeidh suim ar bith acu inti.

Tá ceithre chéim le teanga ar bith a fhoghlaim:

1. Tuiscint. (Is féidir le leanbh bliain go leith d'aois beagnach gach rud a thuiscint, cé gur beag is féidir a rá)

2. Labhairt. (De réir a chéile a thagann na focail chuig an leanbh)

3. Léamh.

4. Scríobh. (Tuigtear go féidir léamh roimh scríobh)

Cé go bhfuil na céimeanna foghlamtha le tuiscint againn ar fad, is minic a thosaíonn rang teagaisc leis an fhrása seo a leanas: "Anois, scríobhaigí síos an méid seo ón chlár dhubh agus cuirigí de ghlanmheabhair!"(i mBéarla)

Ní féidir linn brath ar an chóras oideachais l'athbheochán na Gaeilge a bhrú chun cinn ach tá dearcadh úrnua de dhíth i dteagasc an teanga. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó béime ar labhairt na Gaeilge i dtimpeallacht na scoile. Ar ndóigh, dá mbeadh pobal na hÉireann ar fad báúil leis an Ghaeilge, bheadh sé i bhfad níos fusa dearcadh dearfach ina taobh a chothú i measc daltaí i scoileanna. Gan amhras, ní leor neamhaird a dhéanamh de labhairt na Gaeilge go dtí coicís roimh na scrúduithe cainte agus ansin insint do dhaltaí go bhfuil sé tábhachtach dóibh méid áirithe a fhoghlaim toisc go bhfuil 25% de na marcanna ag brath air.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is binn béal ina thost.'

Is dócha go mbeadh a lán daltaí scoile ar aon intinn leis an seanfhocal thuasluaite ach ní dóigh liom go mbeadh na scrúdaitheoirí ró-shásta.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News