Seachtaine Oidhreachta
Is dócha nár thug an oiread sin daoine faoi deara ach tá
Seachtaine Oidreachta Náisúnta in ainm is a bhieth ar siúl 2-8
Meán Fómhar. Ar ndóigh, ba cheart go mbeidh gach duine in Éirinn
ag tabhairt níos mó airde agus cúram do shuíomhanna oidreachta ar
fud na tire cibé. Le fírinne, ní chóir go mbeadh `Seachtain
Oidreachta'de dhíth orainn ar chor ar bith ach is léir go bhfuil
neart daoine tuillteanach ár gcúltúr a mhilleadh ar mhaithe le
foirgnimh agus eile a thógáil.
Is é seo an tríú bhliain a raibh Seachtain Oidreachta ar siúl in
Éirinn ach is cosúil go bhfuil suíomhanna oidreachta níos mó i
gcontúirt anois ná riamh. Feictear go bhfuil obair tógála ar siúl
i ngach aon baile mór is beag ar fud na tire agus níl cuma ar
bith ar an scéal go bhfuil údarás sa tír ag iarraidh smacht dá
laghad a choinneáil ar an obair atá ar siúl. Ligtear do na
tógálaithe leanstan ar aghaidh lena gcuid oibre gan ceist.
Is dócha gurb iad na seanfhoirgnimh ar na suíomhanna is soiléire
atá scriosta ar mhaithe le `forbairt' ach scriostar tírdhreach
agus timpeallacht na tíre gan smaoineamh ar bith. Glactar leis go
bhfuil bóithre móra de dhith ag muintir na tire agus cuirtear
pleananna móra le chéile leis na príomhbóithre a thógáil ar
chosta £6 milliún punt ar gach ciliméadar caithfidh a thuigbhéail
go bhfuil cnoic leagtha le bóthar a chur síos agus leagtar cnioc
ar an bhealach chomh maith.
Is beag cosaint atá ann do shuíomhanna oidreachta sa tír seo ar
chor ar bith. Tá gach cosúlacht gur féidir le úinéir nó tógálaí a
rogha rud a dhéanamh a fhad is a bhfuil an t-airgead is an
tochailteoir aige.
Mar institiúid stáit, is náireach an dream iad `dúchas'. Tá siad
sásta go leor bolscaireacht a dhéanamh le turasóiri ag teacht I
dtír ach is beag iarracht a dhéanann siad lenár suíomhanna
seandálaíocht is saibhre a chosaint.
Cluintear go minic fá chás ar leith ar na mallaibh ina raibh
muintir na háite eagraithe leis an lios a chosaint. D'iarr Dúchas
leo nár chréid siad go raibh an oiread sin tábhacht ag baint leis
an lios toisc nach raibh fáisnéis seandálaíochta riamh tógtha ón
suíomh ná nach ndearna tochailt seandálaíochta ag an aít. Nuair a
iarradh ar dúchas tochailt a eagrú ag an suíomh, dúirt siad nár
shíl siad gurb fhiú mar níor chreid siad go raibh an méid sin
tábhacht leis an lios. Bhuel, ní raibh dóigh ar bith go mbeadh
muintir na háite ábalta argóint mar sin a bhuachaint.
Cad é mar a dtiocfadh leo tábhacht seandálaíochta na háite a
mheas gan tochailt a eagrú.
Tá gach cuma go bhfuil Dúchas tuillteanach glacadh le dearcadh an
rachmais ar mhaithe le fobairt bréagach a dhéanamh. I ndáiríre,
tá muintir na hÉireann tréigthe go minic an dream céanna agus
tuairim acu nár chóir dúinn a bheith beo san aimsir chaite nuair
is féidir brabús a dhéanamh. Leantar leis an cur I gcéill ag
Dúchas agus scriostar na suíomhanna arsa I rith an ama. De réir
na seaneolaithe, má leantar ar aghaidh ar an ráta céanna scrios
beidh suíomh arsa scriosta in Éirinn taobh istigh de chéad
bliain.
AN DRAOI RUA
Seanfhocal na Seachtaine
``Is dóigh le fear na díchéille gurb
é féin fear na céille.''
Nach bhfuil táithí againn ar fad a bheith ag éisteacht l'amadáin
agus iad lán gaoth. Ar an drochuair, ní féidir linn iad a
sheachaint i gcónaí.