Republican News · Thursday 08 March 2001

[An Phoblacht]

Gearáin Gaelacha


Tá moltaí ar leith ag AN DRAOI RUA l'aghaidh Seachtain na Gaeilge i mbliana.


Tá gach uile rud curtha ar ceal de thairbhe go bhfuil muintir na tíre buartha fá ghalar na crúibe is béil. Cinnte, i measc na himeachtaí éagsúla atá le cur ar ceal ná go bhfuil bagairt mhór ann nach mbeidh seachtain na Gaeilge ar siúl ag Conradh na Gaeilge i mbliana. An mbeidh ar gach ball de Chonradh na Gaeilge Béarla a labhairt i rith na seachtaine 11-17 Márta ar mhaithe leis an tír a shlánú ón ghalar uafásach seo?

Ar ndóigh, ní thig le Gaeilgeoirí a bheith amuigh ag scaipeadh an ghalair is iad ag Gaeilgeoireacht leo. Tá a fhios ag gach mac máthair go mbíonn i bhfad barraíocht truailliú ó Ghaeilgeoirí de ghnáth agus gur chóir cosc a chur leo ag teacht le chéile agus ag meascadh le daoine breátha eile cibé.

Tá céilithe ar fud na tíre curtha ar ceal agus nach maith an rud é i lár an Charghais. Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le mo Dhaideo agus é ag scéalaíocht leis, ag insint dúinn fá seanlaethanta fadó. Ní raibh cead acu freastal ar dhamhsaí choíche i rith an Charghais. Níor ghlac siad le bainne riamh ina gcuid tae, ní fiú trácht ar shiúcra, ní fhaca siad a leithéid in am ar bith. Leoga, níorbh fhéidir le lánúin pósadh ná ní thiocfadh siúl amach le bean ag an tréimhseseo ach oiread, ach creidim go raibh dóigheanna thart ar sin acu.

Gan amhras, tá a lán croíthe gaelacha briste brúite toisc nach féidir leanstan ar aghaidh le gaelú na tíre ar feadh seachtaine agus gan cead taistil acu. Bhí mé den bharúil gur chóir dom roinnt moltaí a bhreacadh síos agus mo ráiteas speisialta gaelacha féin a eisiúint in am don fhéile mhór chultúrtha seo. Shocraigh mé ar an phlean oibre seo dom féin ach tá mé sásta é a roinnt le mo chairde Gaeil. Maise, tá neart rudaí gaelacha a dtig le Gaeilgeoirí a dhéanamh ar son na cúise agus iad ina suí sa bhaile fiú.

Go simplí, tá sé ar intinn agam gearáin gaelacha oifigiúla a dhéanamh ar feadh na seachtaine seo chugainn. Ba mhaith liom cur isteach ar an chóras gallda thart orm chomh minic agus is féidir. Is iad na gléasanna troda a bheas agam ná mo ghuth bhreá gaelach, mo cluasa, mo shúile, mo guthán, mo pheann is mo phaipéar agus mo mhéara ar mo mhéarchlár ríomhaireachta. Leoga, beidh mé gnoitheach ag béiceáil ar an ghuthán, ag scríobh litreacha, ag cur facsanna agus dá mbeadh ríomhphost agam, ag baint tairbhe as sin leis.

Ar dtús, creidim go mbeidh sé de dhualgas ar gach Gael cluas l'éisteacht a thabhairt do Raidió na Gaeltachta ó mhaidin go hoíche. Má cluintear meancóga gramadaí, Béarlachas, ná tionchar gallda d'aon saghas, ba cheart gabháil i mbun feachtas gearáin láithreach.

Agus RnaG sa chúlra ag Gael, ba chóir dó súil géar a choinneáil ar TG4 fosta. Seans go mbeidh i bhfad níos meo gearáin gaelacha le déanamh ag Gaeilgeoir faoin teilifís ná faoin raidió. Feictear go bhfuil truailliú gallda millteanach le sonrú ar na pictiúirí atá craolta idir scannáin, cláracha éagsúla agus fógraí teilifíse.

sin, is féidir le Gaeil toiseacht ar gearáin a dhéanamh leis na meáin cumarsáide ar fad agus an easpa Gaeilge atá le foilsiú i measc nuachtáin, irisí, is an easpa teanga dúchais atá craolta ar an raidió is teilifís ina gcoitinne.

Mar aon leis an mhéad thuasluaite, beidh Gaeilgeoirí gnoitheach lena ngearáin gaelacha oifigiúla le rannóga stáit ar fud na tíre a thugann neamhaird ar an Ghaeilge. Cinnte, ba cheart go mbeidh institiúidí eaglasta, comhlachtaí éagsúla agus lucht gnó faoi ionsaí chomh maith.

Seá, beidh seirbhísí trí Ghaeilge agus an tír ar fad faoi smacht ag Gaeilgeoirí i ndiaidh feachtas seachtaine. Ní ghá stopadh ansin, ach ba cheart leanstan ar aghaidh le gearáin gaelacha a dhéanamh i nGaeilge blasta binn go hidirnáisiúnta agus leis an Chomhphobal Eorpach go háirithe. Má théann Gaeilgeoirí i mbun gníomhaíochta i gceart, beidh Seachtain na Gaeilge sen scoth againn. Nach iontach an rud é ach ní bheidh ar Ghaeil taistil agus crúb is béal a scaipeadh leo.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News