Republican News · Thursday 19 April 2001

[An Phoblacht]

Éileamh ar an Bhia Cheart

Rinneadh suirbhé le déanaí ar fhirmeoireacht orgánach sna sé chontae is fiche. Feictear go bhfuil éileamh mór sa tír l'aghaidh a leithéid ach is léir nach bhfuil go leor feirmeoirí ag freastal ar an éileamh seo.

Cé go bhfuil breis agus 140,000 feirmeoirí sa tír, níl ach míle acu siúd ag iarraidh táirgí orgánacha a sholáthar. Creidtear go gceannaíonn 28 fán gcéad den daonra sa tír bia orgánach uair amháin sa mhí ar a laghad. Tuigtear, áfach, gur earraí thar tír isteach atá i 70 fán gcéad den bhia céanna.

Is cinnte gur mhaith le daoine bia sláintiúil folláin a ithe agus go bhfuil cuid mhór acu siúd breá sásta íoc as chomh maith. Ar an drochuair, níl fíor-iarracht á dhéanamh sa tír freastal ar an éileamh l'aghaidh bia orgánach a chur ar fáil agus sin an fáth a bhfuil luach árd ar a leithéid. Déarfainn dá mbeadh an rogha ag daoine ar an phraghas chéanna, go mbeadh cách tuillteanach an bia orgánach a cheannach.

Tá mé féin den bharúil gur cheart deontaisí a chur ar fáil do fheirmeoirí atá ag obair le bia orgánach a sholáthar. Faigheann feirmeoirí de gach saghas eile deontaisí flaithiúla ón Eoraipagus araile, rud a chuidíonn go mór leo a gcuid táirgí a chur ar fáil ar luach níos saoire.

Feictear domsa go bhfuil talamhaíocht na tíre seo faoi ordóg na hEorpa. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an tír ar fad ag brath barraíocht ar fheirmeoireacht le béithigh, agus ag cur leis na sléibhte íme is leis na sléibhte feola fosta. Lena chois sin, ní amháin go bhfuil 70 fán gcéad den bhia orgánach tógtha thar tír isteach ach ceannaítear níos mó ná £4000,000 de luach gnáth-glasraí ó thíortha thar lear gach bliain freisin.

Mar aon leis sin, ní fheicim ciall ar bith leis an chostas taistil ach oiread. Cad chuige ar chóir dúinn meacáin dearga, oinniúin agus eile a cheannach ón Spáinn nuair is féidir iad a fhás sa tír seo? (tuigtear sa sampla seo nach bhfuil a dhath ar bith agam i gcoinne na Spáinnigh) Cad é mar is féidir leo a bheith níos saoire, go háirithe nuair a smaoinítear fán mhéid taistil atá le déanamh thar thír agus thar mhuir? Níl seans ar bith go dtig a leithéid a dhéanamh gan tacaíocht ná ndeontaisí.

ois go bhfuil contúirtí mar BSE agus an galar crúibe is béil go mór sa nuacht ar fud na hEorpa, seans go dtabharfaidh sé deis dúinn uilig athsmaointiú a dhéanamh ar fhorbairt na talamhaíochta.

Níl ghá go mbeadh an oiread sin oibre i gceist le bia orgánach a sholáthar ar fud na hEorpa. Tá dul chun cinn íontach déanta i gcúrsaí teicneolaíochta go bhfuil inneal ann le gach uile jab beag is mór, beagnach. Cosúil lena lán rudaí eile, níl a dhath de dhíth ach an toil cheart le gabháil i mbun oibre. 'Ní neart go chur le chéile!'

Draoi Rua.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News