Republican News · Thursday 28 September 2000

[An Phoblacht]

Cad é a d'fhoghlaim tú inniu?

Tá an córas oideachais faoi scrúdú ag an Draoi Rua an seactain seo.

 
Mo bhrón, ach ní chothaítear an oiread sin `fíor-fhoghlaim' ar scoil agus daltaí spreagtha le ceisteanna a chur ar chúrsaí
Faoin am seo, ba chóir go mbeadh an scoilbhliain tosaithe i gceart do gach uile duine ó na daoine beaga atá ag toiseacht amach sna réamhscoileanna go mic léinn ollscoile. Leoga, tá cúis gearáin acu uilig.

Is minic é ráite gur ceart é an t-oideachas chan príbhléid, ach is léir anois gur príbhléid níos mó do dhream shaibhir go háirithe.

Ar ndóigh, níl gach aon páiste in ann freastal ar naíonrá agus costas mór ag baint lena leithéid de scolaíocht. Bíonn ar roinnt mhaith linbh fanacht le toiseacht ar an bhunscoil.

Fiú, agus an bunscoil sroichte ag páiste, tá mí-bhuntáistí ag neart acu. Ní amháin nach raibh deis ag cuid acu freastal ar réamhscoil lena cumasaí éagsúla a chothú ach muna bhfuil an t-airgead acu, bíonn fadhbanna eile ann chomh maith. Mar aon leis na bunchostasaí mar éide scoile, leabharthaí agus araile, seans maith nach mbeidh dream acu in ann ceachtanna ceoil, snámha agus eile a dheanamh ná bheith in ann gabháil ar thuras scoile toisc nach bhfuil an t-airgead ar fáil sa bhaile.

Feictear fosta nach bhfuil na háiseanna ar fáil de ghnáth do pháistí ag a bhfuil deacrachtaí foghlamtha nó do pháistí ardchumasacha sna scoileanna áitiúla de ghnáth. Dá bhrí sin, bíonn a leithéid scartha go minic ó dhaltaí eile. Mothaíonn na páistí seo `difriúil' dá bharr agus is beag tuiscint a bhíonn ag páistí eile orthu ach oiread. Cinnte, fanann na tuairaimí céanna leo i rith a saoil.

De réir cosúlachta, éiríonn na fadhbanna níos measa agus níos costasaí agus an dalta ag éirí níos sine. Tá méid ollmhór daltaí meánscoile ag freastal ar cheachtanna príobháideacha, rud a léiríonn go bhfuil an córas oideachais ag teipeadh orainn go mór. Ní bheadh gá le ceachtanna breise, dá mbeadh na meánscoileanna ag feidhmniú mar bá chóir. Cinnte, is iad na daltaí is saibhre ag a bhfuil seans i bhfad is fearr gábhail ar agahaidh chun na hollscoile agus ceachtanna príobháideacha breise íoctha acu.

Cad chuige a bhfuil teipthe ag an chóras meánscoile? Bhuel, is dócha go bhfuil réimse leathan d'fháthanna éagsúla ann. Creidim féin nach gcuidíonn le méid na ranganna óir is minic a mbíonn suas le tríocha dalta le láimhseáil ag múinteoir amháin. Taobh istigh dena leithéid de rang, ní bhíonn deis ag daltaí aonaracha forbairt de réir mar is mian leo agus gach duine acu ag iarraidh fanacht taobh istigh den ghnáthchaighdeán. Éiríonn fadhbanna smachta chun cinn i gcásanna mar seo. Ni bhíonn deis ag a lán múinteoirí mórán teagaisc a dhéanamh agus iad i mbun smachtú agus tuigtear go n-éiríonn cuid mhór acu as a bpostanna leis. Tá ganntanas múinteoirí ann fá láthair, ach dá mbeadh na coinníollacha oibre feabhasaithe, dearfainn go mbeadh siad tuillteanach pilleadh. Ba chóir dúinn a bheith ag smaointiú ar a leithéid d'fhadhbanna a leigheas sa dóigh is go mbeadh deis ag múinteoirí a bheith ag múineadh.

Is léir dúinn na deacrachtaí a bhíonn ag mic léinn tríú léibhéal sna sé chontae agus sna sé chontae is fiche. Níl go leor áiteanna curtha ar fáil dóibh agus éiríonn comórtas níos measa gach bliain dá bharr. Tá táillí l'íoc ag cuid ag a bhfuil an t-airgead, agus tá gach cuma go bhfuil na deontaisí suaracha ag gábháil in éag ar fad agus córas iasachtaí ag teacht i bhfeidhm. Ní amháin go mbíonn ar chuid mhór mic léinn cónaí in arasáin fuara salacha ach bíonn orthu postanna beaga páirt-aimseartha a fhulaingt chomh maith sa dóigh is go mbeidh siad in ann íoc as a gcíos agus a gcuid leabharthaí a cheannach. Ar ndóigh, ní bheadh an t-am céanna acu le bheith ag staidéar mar atá ag an scaifte is saibhre.

Is ait an rud é ach nach mór an trua nach bhfuil a thuilleadh le foghlaim ag páistí ó thosaíonn siad amach ar scoil. Go formhór, tá oideachas aon-teanga, aon-chreidmheach agus aon-dearcadh tugtha do tromlach lucht léinn ar fud na tíre. Ba cheart toiseacht ar mhúineadh teangacha chomh hóg agus is féidir, cad chuige nach gcuirtear a thuilleadh béime ar theangacha sna bunscoileanna?

Mo bhrón, ach ní chothaítear an oiread sin `fíor-fhoghlaim' ar scoil agus daltaí spreagtha le ceisteanna a chur ar chúrsaí. Is dócha gurb fhearr leis an chóras an Stadas Quo a choinneáil mar atá agus ligint do pháistí sonraí éagsúla a chur de ghlanmheabhair agus a bheith in ann na sonraí céanna a scríobh síos ar phár sa scrúdú. Go fírinne, sin bunús na fealsúnachta atá ag cuid mhór de na scoileanna.

Ba ghnách do m'athair ceist a chur orm i ndiaidh lá scoile: ``Bhuel, cad é a d'fhoghlaim tú inniu a mhic?'' Uaireanta, bhíodh scéal éigin l'inse agam fá eachtra ar leith a tharla i rith an lae ach in amanta ní bhíodh le rá agam ach: ``Rud ar bith, Daidí''. Cinnte, b'fhearr leis scéal a cluinstin, ach nuair a chuala sé nach raibh a dhath foghlamtha agam bheadh an oráid céanna aige: ``Níl a fhios agam cen saghas scoile í sin nuair nach dtig leat faic a fhoghlaim ann, b'fhéidir nárbh fhiú duit a bheith ag gábhail ann ar chor ar bith...?''

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News