Alternatives to Pylons march
Tá Grúpa Alternatives to Pylons (ATP) ag eagrú siúlóid ar an Domhnach, an 24ú Mean Fomhair ag 5in.
Beidh an tsiúlóid ag tosnú ag Óstan na Cúirte i Min Doire Dhamh agus ag dul fríd na mbailte fearainn Min Dore Dhamh, Gaoth Dobhair, Árd Donn, Dobhar Uachtarach agus ag criochnadh i gCroithshlí.
Tá an tsiúlóid seo á eagrú le aird an phobail a tharraingt ar an fhadhb atá againn leis an suíomh atá i gceist ag an Bord Soláthair Leictreachais Fo-Stáisiún 110Kv a thógáil air.
Má tá suim agat i gcaomhnú na timpeallachta agus i sláinte an phobail, taispeán do thacaíocht tré a bheith páirteach linn sa tsiúloid. Beidh céad míle fáilte romhat.
There will be a march along part of the proposed route, meeting at An Chúirt Hotel at 5pm on 24 September, 2000.
For further information or offers of support, please contact the ATP at info@dun-na-ngall.com
If you wish to help by making a donation to the Appeal fund you can send a cheque or postal order to: ATP GROUP, Account No. 82529441, Bank of Ireland, Dungloe, County Donegal.
Ceistíonn an Draoi Rua an luach atá ar bhraon ola i gcomparáid le braon fola.
Ola ná Fola
Is cuimhin liom nuair a thosaigh na poncánaigh ag caitheamh buamaí ar an Iaráic agus cogadh ar siúl idir an sean George Bush is Saddam Hussein gur rith an smaoineamh liom gur argóint mór a bhí ann le seilbh a fháil ar an ola sa cheantar. Le fírinne, níl a fhios againn go fóill cé mhéad duine ón tír úd a fuair bás ar mhaithe le cúis na hola agus ar son lucht an rachmais. Dá bhrí sin, shíl mé go mbeadh sé níos ionraice iarraidh ar dhaoine a bhí ag cur aertóla ina ngluaisteáin cúpla Iaráicigh a mharú in ionad deich bpunt a íoc dá gcuid.
Ós rud é go bhfuil praghas na hola ardaithe chomh mór sin le bliain anuas, is léir go bhfuil deacrachtaí ag teacht chun cinn sa lá inniu. Feictear anois go bhfuil fadhb ollmhór ag forbairt ar fud na hEorpa agus rialtais ag déanamh a ndícheall smacht a choinneáil ar an mhéid airgid atá ag teacht ina dtreo. Lena chois sin, tá na ceardchumainn lorraithe éagsúla míshásta go bhfuil an oiread sin cánacha l'íoc acu agus ag tógáil raic dá bharr.
I ndairíre, ní chóir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith againn. Nach bhfuil a fhios againn leis na cianta nach mairfidh ola na cruinne go deo. Mar aon leis sin, níl amhras ar bith ormsa go bhfuil praghas na hola ardaithe go mór ag scailte saibhir santach.
Cé go dtuigtear nach mbeidh ola linn go deo, tá níos mó díthe dóite ar ráta níos gaiste gach uile lá agus leantar ar aghaidh ag cothú na tine leis an ábhar céanna i rith an ama. Ar ndóigh, tá sé i ndán dúinn go mbeidhe ganntanas ola forleathan taobh istigh de roinnt blianta. De réir saineolaithe áirithe, gach seans nach mbeidh oiread agus braon ola le fáil sa domhan timpeall na bliana 2025 muna gcuirtear cosc ar an mhéid ola a dóitear timpeall na cruinne.
Ar an drochuai, tá gach cosúlacht ar an scéal nár mhaith le lucht an rachmais ligint d'athraithe ar bith teacht i bhfeidhm ar an chóras lofa seo. B'fhearr leo scriosadh na cruinne a fheiceáil is iad ag déanamh brabúis as ná ligint d'fhorbairt teicneolaíochta úra a dtiocfaidh ár timpeallacht a chaomhnú. Tuigtear go bhfuil an teicneolaíocht ann cheana féin le gluaisteáin a rith ar hidrigin, ar leictreachas, ar ola shíol ráibe agus ar phoitín fiú. Cuireadh an teicneolaíocht sin uilig faoi chos sa dóigh is go mbeadh monaplacht ag na comhlachtaí ola.
In Éireann, feictear an sampla go bhfuil an-chumhacht ag na comhlachtaí gluaisteáin. Tá neamhaird tugtha d'fhorbairt chóras iompar poiblí. I measc na tíortha sa `chéad domhan', is í Éire an tír a caitheann an méid is lú airgid ar chóras iompar poiblí. Tá staid na mbusanna is na dtraenacha chomh holc sin go bhfuil dearcadh cothaithe i measc daonra na tíre go bhfuil gluaisteáin de dhíth ag gach uile duine fásta i ngach uile teaghlach.
Cinnte, blianta ó shin, bhí córas traenach éifeachtach i bhfeidhm ar fud fad na tíre agus stáisiún traenach le fáil i ngach uile baile mór is beag. Ligeadh do na bóithre traenacha sin titim ó mhaith ar mhaithe leis na milliúin punt a chaitheamh ar bóithre gach uile bliain agus a thilleadh tráchta a chur ar na óithre sin fosta. Ní amháin go bhfuil i bhfad níos mó ola dóite leis an fhás tráchta seo ach tá i bhfad níos mó timpistí bóithre ann chomh maith.
Iorónta go leor ach tá lucht turasóireachta i dTír Chonaill ag iarraidh £50 milliúin a chaitheamh ar bhóthar traenach a athoscailt idir Bhaile Dhún na nGall agus Doire. Is mór an trua nach raibh daoine den tuairim na bóithre uilig a choinneáil ar oscailt agus na milliúin punt a shábhailt agus córas éifeachtach a chruthú.
B'fhéidir go mbeidh orainn pileadh ar chóras traenach go fóill nó fiú úsáid a bhaint as na báid mar a rinne ár sinsear fadó. Ar ndóigh, tá réimse leathan féidearachtaí a chruthú i dteicneolaíocht comhaimseartha ach an scaoilfear amach an bobailín choíche?
Creidim nár tugadh rogha riamh do mhuintir na tíre seo maidir l'ábhair fuinnimh agus féidearachtaí eile a fhorbairt. Ní amháin sin ach ní thugtar rogha dúinn ola ná a dhath eile a shábhailt i gceart ach oiread. Tá sé riachtanach go mbeidh an glún seo tuillteanach cúrsaí a athrú do na glúnta atá le teacht.
Leoga, bheinn féin ar aon tuaraim le dream dúchasacha sa Mheiriceá Theas a chreideann gurb é gual croí na cruinne agus gurb í ola fuil na cruinne. Nuair a doitear croí agus fuil duine, faigheann sé bás. Nach amhlaidh atá sé leis an domhan?