Republican News · Thursday 12 October 2000

[An Phoblacht]

Tá na Cluichí Oilimpeacha faoi scrúdú ag an Draoi Rua an seachtain seo.

Moltaí l'aghaidh Athens 2004

I ndiaidh siamsaíocht Sydney, beidh muid ag dúil go mór leis na Cluichí Oilimpeacha a fheiceáil sa Ghréig ina mbeidh iománaíocht, peil Gaelach, camógaíocht, snámh i bpoill portaigh agus rásaí curracha i measc na himeachtaí ann. Bhuel, sin má éiríonn le lucht spóirt na tíre seo a dtoil ar mhaithe le boinn óir a fháil.

Creidim go bhfuil bualadh bos mór tuillte ag gach aon Éirannach a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha. Ar an drochuair, tá an tromlach acu cáinte go mór ag na meáin sa tír seo agus ní dóigh liom go bhfuil cothrom na féinne tugtha dóibh.

Ba cheart dúinn a chur san áireamh go bhfuil cuid mhór den lucht spóirt sa saol ghairmiúil céanna féin. Ní le déanamh ach amharc siar ar chuid acu a bhí ag glacadh páirt sa chomórtas sacair agus sa chomórtas leadóige. Seachas na daoine sin, is leir go raibh brabús ollmhóra ag imreoirí ar leith a bhí ag feidhmniú mar áiseanna fógraíochta ar mhaithe le comhlachtaí móra. Ar ndóigh, is iad na lúthcleasaithe is fearr ar a dhíríonn na comhlachtaí céanna le conraithe a dhéanamh agus ní bhacann siad le daoine eile de ghnáth.

Ar ndóigh, is é an eiscacht a dhéanann riail. Feictear gur éirigh le Eric Moussambi ón Ghuine Mheánchriosach aird na cruinne a fháil nuair a shnámh sé sa linn Oilimpeach leis féin. Cinnte, bhí comhlacht mór sásta conradh a shíniú leis i ndiaidh dó an oiread sin airde a tharraingt air féin. Nach maith dó, is eisean mo laochsa óir tugann sé misneach dom go dtiocfadh le mo leithéid féin fiú a bheith páirteach sna Cluichí Oilimpeacha. Is deas daoine daonna a fheiceáil i gcomórtas l'imreoirí ollchumhachta.

Bheadh sé suimiúil staidéar pholaitiúil iomlán a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha. Maise, tuigtear go mbaineann an córas caipitleach an-úsáid astu le bolscaireacht a dhéanamh ar a son agus gach comhlacht ag déanamh a dhícheall brabús a dhéanamh leis. Tá an oiread sin béim curtha ar an bhua gur shílfeá nach raibh duine ar bith eile i gcomórtas leis an bhuaiteoir. Is maith leis na tíortha móra cuntas a choinneáil ar an mhéid bhoinn atá ag tíortha eile go gcaithfear a admháil go bhfuil níos mó ná raon den chiníochas le sonrú iontu. Rinne muintir Sydney gach iarracht a chruthú go raibh siad iontach cothrom ach thar a bheith trom ar úsáid drugaí ach chuaigh siad thar fóir leis an ghirseach 16 bliain d'aois ón Romáin a ghlac táibléid toisc go raibh slaghdán uirthi, an amhlaidh a bhéas an cás más poncánach a bhí i gceist?

In Éirinn, tá neart cluinste againn anois fá éachtaí Shonia Ní Shúileabháin agus neamhaird tugtha do mhuintir eile na tíre seo a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha. Tá a lán iriseoirí den tuairim go bhfuil barraíocht airgid curtha amú ar na daoine céanna ag na cluichí i Sydney. Is mór an trua nár cháin na hiriseoirí céanna an cur amú airgid san airm le blianta beaga anuas. Is léir go bhfuil díoma ar scaifte mhór daoine a bhí ag dúil go mbeadh níos mó boinn ag teacht abhaile ach caithfidh mé féin a rá nach bhfuil mise i measc an scaifte céanna.

Is é mo bharúil gur chóir comhghairdeas a rá le gach uile duine acu a ghlac páirt sna cluichí seo. Ba cheart iad a mholadh as a bheith i measc an lucht spóirt is fuinniúla ar an domhan. D'éirigh le gach aon duine acu thar barr le bheith cailíthe le paírt a ghlacadh sna cluichí. Cuimhnítear go bhfuil ceithre bhliain caite ag an chuid is mó acu ag ullmhú ar a son. Tá a sáith ama agus oibre caite acu uilig ag deanamh réidh don ócáid mhór agus is beag spreagadh a fuair an chuid is mó acu sa tír seo.

Aontaím go bhfuair siad uilig cuidiú airgeadais ón rialtas ach ní raibh deis ag mórán acu cleachtadh ceart a fháil ins an tír seo. Caithfidh a admháil nach bhfuil na háiseanna ar fáil in Éirinn l'ullmhúchán oiriúnach a dhéanamh. Mar aon leis sin, níl an traenáil ar fáil dóibh ach oiread.

Maidir le réimse na gcluichí féin, tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eadarthu. An bhfuil an luach céanna ar an bhonn óir i ngach comórtas? An bhfuil sé cothrom go bhfaigheann ionadaí sacair bonn óir toisc gur imir sé cúig bhomaite sa chluiche ceannais, agus is é an bonn óir céanna atá ag an té atá i ndiaidh 26 míle a rith le maratón a bhaint?

Molaim gur chóir do lúthchleasaithe dearmad a dhéanamh fána dtíortha dúchasacha a ainmniú, nach mbeidh imreorí ag déanamh fógraíochta do chomhlachtaí choíche, nár chóir do lucht gairmiúil freastal ar chor ar bith, deireadh a chur leis na cluichí foirne atá ann fá láthair agus na cluichí gaelacha a thabhairt isteach. Lena chois sin, is dócha gur chóir deireadh a chur leis na boinn ar fad agus teastas a thabhairt do gach duine a ghlacann páirt.

Mar fhocail scoir, tá mé den tuairim gur chóir don Aire Jim Mc Daid Cúchulainn is an Craobh Rua maraon le Fionn Mac Cumhaill is na Fianna a ullmhú mar fhoireann Oilimpeach má tá sé ag iarraidh Éireannaigh chun tosaigh i gcónaí in Athens.


Meallann Slógadh Shinn Féin 2000 na sluaite go Ráth Cairn

Tá an-suim go deo léirithe i Slógadh Shinn Féin a bheidh ar siúl i Ráth Cairn ar an 27, 28, 29 Deireadh Fómhair. De réir gach dealramh go dtí seo beidh Slógadh 2000 ar cheann de na Slógaidh is mó a bhí ann leis an blianta.

Léachtaí, díospóireacht, cultúr, ceol, damhsa, stair, spraoi agus seal a chaitheamh i nGaeltacht na Mí. Sin a bhfuil i ndán dóibh siúd a bheas ag freastal ar Shlógadh Shinn Féin - Slógadh na Mílaoise i Ráth Cairn, Co. na Mí ag deireadh na míosa seo. Ag breathnú ar aghaidh chomh maith le comóradh orthu siúd a cailleadh le linn na stailceana ocrais 20 bliain ó shin a bheas i gceist sa Slógadh seo. ``Oidhreacht na Stailceanna Ocrais - 20 Bliain ar aghaidh'' téama an tSlógaidh.

Events will commence on Friday night, 27 October in Áras Pobail Ráth Cairn with an exhibition of art and literature from the Hunger Strikes. This will be followed by highlights of the local successful summer show ``Seó Ráth Cairn'' which will be the first feature of an Oíche Cheoil. It is hoped that by starting Slógadh with a social event such as this will make visitors feel welcome and prepared for the following days' events

Maidin oibre a bheidh ann maidin Shatharn. Beidh Janet Muller (Pobal) mar Chathaoirleach ar imeachtaí na maidine. Ag labhairt ag an seisiún seo beidh Gearóid Mac Siacais (Foras na Gaeilge) Seasamh Ó Cuaig (Bord Údarás na Gaeltacht) agus Íte Ní Chionnaith (iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge).

The actual official opening and keynote speech will be made by Gerry Adams, MP, Uachtarán Shinn Féin, at 12.30pm on Saturday afternoon. The official Slógadh dinner will take place in the Darnley Hotel in Athboy with guest speakers Caoimhghín Ó Caoláin, TD, and Meath County Councillor and Sinn Féin general election candidate, Joe Reilly.

Ar ais ansin go Ráth Cairn, áit a chuirfear tús le Céilí Mór an tSlógaidh san Áras Pobail, leis an mbanna ceoil ``Cóisir''. Agus don té atá fós ag lorg comhluadar, caint agus ceol beidh Seisiún Ceoil i gClub Ráth Cairn i ndiaidh seirbhísí an Domhnaigh.

Tuilleadh Eolais, bróisiúir, áirithintí ó (00-353) (0)46 21345 nó ó Rúnaí an Chumainn i Ráth Cairn ag (00-353) (0)46 32652 nó ag crosson@clubi.ie nó cairdesf@iol.ie


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News