Osclaíonn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a gcuid doirse do gach
aoinne
Ar an tseachtain deireadh de Iúil na bliana seo, reachtáileadh an
chéad Scoil Samhraidh Mhic Reachtain san Áras Pobail ar an Lóiste
Úr i mBéalFeirste. Ainmníodh an scoil samhraidh i ndiaidh Henry
Joy agus a dheirfiúr Mary Ann Mac Reachtain, beirt a thug a saol
ar son saoirse na hÉireann, chomh maith le bunú an chéad scoil
Domhnaigh do pháistí bochta i mBéal Feirste, os cionn dhá chéad
bliain ó shoin.
|
Tagann an dá fhadbh ón bunús céanna, ag iarraidh deighilt a
choinneáil idir daoine, thuaidh in aghaidh theas, Gael in aghaidh
Gall, dubh in aghaidh bán
|
Shílfeá, ar an chéad radharc, gur Gaeilge, stair agus cultúr
amháin atá faoi réir ag an scoil samhraidh nua seo. Tá rogha
agat idir dianchúrsaí Gaeilge, damhsa Gaelach, ceol agus amhráin
Gaelacha (bíonn an rang deiridh gach lá ag plé le ceol, na
micléinn ag foghlaim amhráin Gaeilge!), agus dráma Gaeilge.
Bíonn léacht difriúil gach tráthnóna do gach aoinne ar spéis leo
dhá traidisiúin an tuaiscirt (Gaelach agus Albanach), ar stair an
chultúir agus téamaí teangan. Bhí imeachtaí go leor agus
ranganna do pháistí chomh maith.
Tá an-taithí ag Máirtín Mac Cathmhaoil ar mhúinteoireacht, agus
dár leis, tá an scoil samhraidh ag leanacht sa traidisiún de
athbheochan na Gaeilge a bhí go láidir ag deireadh an naoí agus
tús an fichiú céad.
``Táimid ag iarraidh an ceangal a choinneáil leis an t-am atá
thart, agus ag an am céanna an Ghaeilge agus an chultúr a bhrú ar
aghaidh isteach sa 21ú aois'', a deir sé.
Ní haon rún é go bé an áit is láidre anois ó thaobh fás na teanga
Gaeilge ná an tuaisceart, seachas iarthar na hÉireann. Tá sí go
láidir in Iarthar agus Tuaisceart Bhéal Feirste go háirithe, áit
a bhfuil cúiseanna polaitiúla ag na daoine í a labhairt, ag
treisiú a bhféiniúlacht trín Ghaeilge. Tá suas le 30,000
cainteoirí Gaeilge I mBéal Feirste, agus 140,000 sa tuaisceart
trí chéile.
Dúirt duine des na múinteoirí ag an scoil samhraidh liom,
Fionntan De Brún, go bhfuil Art Hughes, an múinteoir is mó a
bhfuil tóir ar a chuid cúrsaí Gaeilge, ag múineadh ar an Scoil
Samhraidh. Is léachtóir ollscoile i mBéal Feirste é Art, áit a
bhfuil liosta feithimh dá chúrsa.
Ba mé an taon eachtrannach ag an chúrsa Gaeilge do thosaitheoirí
ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbliana, cé go raibh daoine
ann ó Doire, Ard Mhacha agus Co. an Dúin. Fuair mé fáilte agus
flaithiúlacht íontach ó na múinteoirí agus na micléinn, agus
fanfaidh sé i mo chuimhne go brách. Ceaptar gur teanga deacair í
an Ghaeilge, ach thóg mé cinneadh tamall ó shoin, mar go bfhuil
sé socruithe agam fanacht sa tír seo, gur cheart dom taithí a
fháil ar an teanga dúchasach, mar go dtugann sé tuiscint i bhfad
níos fearr dom ar na daoine, agus go gcuireann siad níos mó
fáilte romham chomh maith. Níl aon rud do-dhéanta dóibh siúd atá
ag iarraidh foghlam, go háirithe nuair atá atmasféar chomh maith
ann is a bhí ar an Lóiste Úr. B'shin Éire mar ba cheart di
bheith, dianchúrsa íontach, gan aon stró, an-bharúil, go leor
ceol, ag dul chuig an tabhairne i ndiaidh na ranganna, agus ag
iarraidh Gaeilge a labhairt i gcónaí, fiú muna bhfuil agat ach
cúpla focal.
Bíonn fáilte an-speisialta roimh eachtrannach a labhrann Gaeilge,
go háirithe i mBéal Feirste. Dar le duine de mo chairde nua
anseo, beidh buíochas síoraí ó Gaeil don duine sin. Sé an saol
ar mhaith le mo chara nua a fheiceáil ná Éire ilchultúrtha,
ildaite, áit a mbeadh na nÉireannach nua ón tSín, ón Rúis, nó ón
Nígéar líofa i nGaeilge, díreach mar a bheadh an sean-phobal.
Agus mé ag freastal ar an scoil, bhí áthas orm a fháil amach go
raibh téamaí i bhfad níos leithne ná cúrsaí Gaelacha amháin ann.
Bhí Lá Ilchultúrtha le féis agus bia eagraithe ag an scoil. Bhí
cead isteach saor in aisce don phobal áitiúil, agus dóibh siúd ar
fad ar spéis leo é. Níl pobal mór inimircigh ag Béal Feirste mar
atá ag Baile Átha Cliath, ach fós bhí tráthnóna íontach ann.
Siad an pobal inimircigh is mó ná muintir na Síne, le thart ar
8,000 duine. Tháinig siad ar dtús ó Hong Kong thart ar 1962.
Pobail eile a raibh grúpaí uathu i láthair ná Arabaigh, Africigh
agus fiú amháin lucht Rastafarian. Bhí a mbia féin ag gach
grúpa, le sestáin eolais agus daoine a thug léargas ar a gcúltúr
féin. Ag an deireadh bhí damhsa Gaelach ó na gasúr áitiúla,
chomh maith le ceol agus damhsa ó na cúltúir éagsúla, rud a
thaithnigh go híóntach leis an lucht féachana ar fad.
Daoine eile ar casadh liom agus iad ag freastal an an Scoil
Samhraidh ná bean ón Nígéar, Rúiseach agus grúpa daoine óga ón
Aifric Theas a bhí ag déanamh stáidéar ar an bpróiséas síochana.
Beidh grúpa daoine óga ón dá phobal ag tabhairt cuairt thar n-ais
ar an Aifric Theas sa bhfómhar. Tá an saol ag athrú, cé nach
raibh mórán fonn ar chuairteoirí dul go Béal Feirste, agus an
droch-iomhá a fuair muid go léir ón dteilifís, tá scéal nua anois
ann, agus fonn ag daoine teacht ar cuairt arís.
an oíche dheireannach dom fuair mé cuireadh freastal ar
bhainis a bhí ar siúl i mbaile beag tuaithe. Dochtúr ón Nígéar a
bhí ag pósadh bean áitiúil. Thaispeáin na daoine i láthair go
bhfuil iliomad bealaí ann chun cur in aghaidh seicteachas, agus
díreach mar a chéile a chaitheas muide i mBaile Átha Cliath cur
in aghaidh ciníochas. Tagann an dá fhadbh ón bunús céanna, ag
iarraidh deighilt a choinneáil idir daoine, thuaidh in aghaidh
theas, Gael in aghaidh Gall, dubh in aghaidh bán.
Tá sé thar am againne anseo i mBaile Átha Cliath scoil samhraidh
cosúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a reachtail saor in
aisce dos na inimircigh agus na teifigh ar mhaith leo eolas agus
taithí a fháil ar ár dtír ársa a bhfuil siad chun cónaí ann.
Arís ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le Scoil
Samhraidh Mhic Reachtain as an bpáirt atá acu i dtógáil an Éire
nua ilchiníoch atá amach romhainn.
Irina Malenko
(Éireannach agus Rúiseach)