Republican News · Thursday 10 Novemeber 2000

[An Phoblacht]

Saol an Iar-bháis

Tá rudaí rúnda i dtaobh Thír na nÓg a scaoileadh ón Draoi Rua na seachtaine seo.

Ós rud é go bhfuil Mí na Marbh, an Samhain, anuas orainn arís, chreid mé go dtiocfaidh liom trácht ar sheanchreideamh na gCeiltigh agus ar cad a shíl siad i dtaobh an tsaoil i ndiaidh a mbás.

Tá sé luaite agam cheana i sliochtanna go raibh creideamh san dúlra agus in ómós na gréine mar a bheadh bunfhréamh i reiligiúin ár sinsear fadó. Tuigtear go bhfuil tionchar ag a leithéid i nithe áirithe sa lá inniú go fóill; oilithreachtaí éagsúla a théann deiseal (i dtreo na gréine) agus i gcrosanna ceilteacha. I gcomhthéacs an dúlra a d'amharc ár muintir fadó ar an iar-bháis.

Tagann athfhás an Earraigh i ndiaidh dorchadas an Gheimhridh agus bíonn aiseirí na gréine gach maidin tar éis oíche. Cad chuige, mar sin nach mbeadh saol i ndiaidh an bháis? Níorbh é go mbíodh anamacha le taisteal i dtreo na spéire ach thar mhuir i dtreo an iarthar, leis an domhan eile seo a bhaint amach. Tuigeadh leis, gurb é guth a sinsear a bhíodh le cluinstin acu i gceol na mara. Creideadh go raibh an domhan speisialta seo le fáil ag an phointe a luíonn an ghrian. Tá scéalta áirithe ann a thráchtann ar anamacha ag taisteal i loing gloine mar a bheadh iascairí iontu. Ní amháin go dtiocfadh le duine an áit ar leith seo a shroicheadh thar fharraige ach is féidir geataí a aimsiú i locha, in aibhneacha, i rathanna, i ndúnta agus i liosanna ar fud na hÉireann. Níl gach anam in ann an áit seo a bhaint amach óir sula dtig teacht ar cheann scríbe, caithfidh gabháil anonn droichead atá chomh tanaí le ribín gruaige. Leoga, fiú dá mbeadh taithí oibre ag duine sa sorcas is iad na daoine córa amháin a bheadh ábalta an turas ar fad a dhéanamh. Caitheann neart anamacha eile an tsíoraíocht ag taisteal ag iarraidh teacht ar cheann scríbe nó i gcruthanna ainmhíthe éagsúla nó mar shíoga ag taisteal na tíre. Cinnte, bhí an `caoineadh' i gcónaí tábhachtach óir chuidigh sé go mór leis an anam an domhan eile a shroicheadh.

Is dócha gur chuala muid uilig tagairtí do leaganacha difriúla ar an domhan eile seo:

  1. 1. Tír na nÓg

  2. 2. Flaitheas (Flaith Inis - oileán na ndaoine maithe)

  3. 3. I Bhreisiúil (oileáin a bhfuil gach sa bhreis ar fáil)

  4. 4. Tír an bheatha.

  5. 5. Tír Tairngre

Cuirtear síos ar an domhan seo mar thír álainn ina bhfuil cúigí éagsúla ann ina bhfuil daoine den scoth ina gcónaí agus go mbíonn an ghrian ag soilsiú i dtólamh, scamaill geala bána, páirceanna glasa, sruthanna fíor-glana, plandaí agus crainn duilleogach faoi bhláth agus le torthaí de gach saghas....

Tá neart tagairtí againn sa litríocht ar an dóigh a raibh laochra agus filí áirithe meallta chuig an domhan eile; Oisín, Étain, an dia Créide, an tIarla Deasún, Art Mac Cumhaidh agus eile. Chuaigh Diarmuid ann ar mhaith le leigheas a fháil agus bhí ar Chúchulainn gabháil ann le páirt a ghlacadh i gcogadh idir na déithe.

De réir an chur síos a bhí ag Oisín in Agallamh na Seanórach le Naomh Pádraig, chaith sé saol measartha coitianta agus bhí beirt mhac agus iníon amháin aige le Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg. Dúirt sé, áfach, nár chaith sé ach trí mhí ann agus mar sin d'éirigh go maith leis triúr a thógáil taobh istigh den tréimhse sin. Maise, trí chéad bhliain a bhí sa trí mhí in Éirinn.

Sna seanscéalta, deirtear go dtagann an tIarla Deasún ar ais go Cill Chainnigh gach seacht mbliain. Mar aon leis sin, creidtear go mbíonn an domhan eile seo le feiceáil gach seacht mbliain thar chósta an Iarthair go fóill. Tá trácht sa bhéaloideas go bhfacthas an t-oileán draíochta taobh le cósta Thír Chonaill, siar ó na hoileáin Árainn na Gaillimhe, i mbá Lios Cheannúir i gContae an Chláir agus siar ó theas ó na Blascaoidí i gCiarraí. Leoga, chuala mé trácht ar Thír na nÓg mar logainm in úsáid ag iascairí i mBaile an Chaisleáin in Aontroim agus iad ag tagairt do thír fo thoinn taobh le oileáin Reachlainn. Is é an rud a deirtear ag gach uile áit ná go mbíonn tonnta farraige bána le tabhairt faoi deara thar an láithreáin áirithe.

Creidtear, áfach, má fheictear tír an bheatha, go mbeidh bua na tairngreachta tugtha don té sin agus cead isteach tugtha dó/di go Tír na nÓg ach is é an drochscéal a théann leis ná go mbeidh an duine sin marbh taobh istigh de sheacht mbliain.

Tá scéal íontach ó Chúige Mumhain a thráchtann ar an loch draíochta ina bhfuil `oileán an bheatha' agus `oileán an bháis' ann. Maise, ní mhair oiread is soipín féir ar oileán an bháis. Ar oileáin an bheatha bhí a mhalairt i gceist agus flúirse de gach sórt acu ach uaireanta bhí orthu cur suas leis an bhochtanas, le tart, l'ocras, le nimhneas, le tinneas, le tuirseacht, le seanaois agus le gcah uile fulaingt i mbeatha. Ar ndóigh, déirigh neart anamacha brán den tsíoraíocht seo ar oileán an bheatha agus anois is airís bheadh duine le feiceáil ag taisteal i mbád go oileán an bháis ar mhaithe le faoiseamh a fháil.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News