Ard Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i Muineachán an deireadh seachtaine seo chuaigh thart. Thug Eoghan `mac Cormaic cuairt air agus cé go bhfuil cion agus meas aige don eagraíocht shíl sé go raibh rud éigin ar iarraidh ón Ard Fheis.
Molaim Easaontas!
Chuir mé aghaidh ó thuaidh an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, i dtreo an Ostáin Hillgrove i mbaile Muineacháin agus Ard Fheis Chonradh na Gaeilge. Tharla, le curaimí clainne agus eile nach raibh seans ann domh freastal ar imeachtaí oíche Aoine ach bhain mé an áit amach díreach i ndiaidh d'imeachtaí an lae a thosú maidin Dé Sathairn. B'é seo an chéad uair domh freastal ar Ard Fheis an Chonartha - ní raibh mé ann i dTrá Lí, fiú, aimsir an coup d'état ach chreid mé go raibh sé thar am go dtabharfainn cuairt ar phríomhimeacht ceann des na heagraíochtaí is sine agus is cáiliúla in Éirinn.
Is eaglais leathan atá i gConradh na Gaeilge. Ní raibh mé níos fuide ná foyer an ostáin nuair a chás mé ar Chomhairleoir Shinn Féin, an Gael uasal Seosamh Ó Raghaille as an Uaimh, a bhfuil a chuid agus níos mó déanta i bhforbairt na Gaeilge i gContae na Mí. Shuigh mé leis chun cupán tae a ól agus cé shiuil tharainn ach Breitheamh na hArdchúirte. Comh maith le sin bhí lucht Fianna Fáilann; agus chonaic mé duine a bhfuil léargas aige ar smaointe RSF i láthair in einneacht le duine eile ag moladh polasaithe oideachais Fine Gael; eaglastóirí, págánaigh, iarchimí (cuid mhaith acu sin caithfidh mé a rá, ó gach cearn den tír), scríobhnóirí - an Draoi Rua ina measc - fealsúnaithe agus gníomhaithe teangan. Bhí siad go léir ann.
Bhí aithne agam ar chuid de na daoine seo, seanfhondúirí, daoine a bhfuil a n-ainmneacha fite fuaite go deo le saol na Gaeilge in Éirinn. Daoine a bhí ann agus muid ag brath orthu nuair a nach raibh sé faiseanta ná brabúsach (mar a deir an nath cainte) chun Gaeilge a labhairt. Agus tá siad ann go fóill, fiú agus an teanga agus gluaiseacht na teangan, athraithe, athraithe ar fad. Ach, mór an trua, ní raibh mórán dá gcuid comharba le feiceáil san ostán.
De réir gach slat tomhas a luaitear, tá sé faiseanta anois Gaeilge a labhairt. Tugtar ainmneacha breatha gaelacha ar pháistí,; ainmnítear eastait nua le logainmneacha traidisiúnta (nó cumtha sa dóigh agus a cheapfa gur ainmneacha traidisiúnta iad) agus tá fás agus borradh ar líon na ndaoine óga ar fud fud na tíre a labhrann Gaeilge. Déanann amhránaithe amhráin Ghaeilge a thaifeadú agus tá staisiún trendy teilifís Gaeilge ann a n-amharcann go leor leor daoine air go rialta. Ba cheart, mar sin, go mbeadh borradh agus fás líon na ndaoine a mbíonn páirteach i ngrúpaí Gaeilge ach má tá, ní raibh sin le feiceáil ag an Ard Fheis. Gan breithiúnas a dhéanamh ar bhonn aois duine, ba léir go bhfuil na seanfhondúirí ina dtromlach suntasach san eagraíocht agus go bhfuil ganntanas daoine óga ann ag an Ard Fheis. Agus má's eiseamlar í an Ard Fheis de bhallraíocht na gcraobhacha, tá ganntanas daoine óga san eagraíocht iomlán.
Níor stop muid thar oíche agus dá bhrí sin ní féidir liom mórán a rá faoin taobh sóisialta den Ard Fheis ach dearfainn go raibh craic ann. Cairdeas. Comhluadar. Gan mórán cúis argóna idir na teachtaí. Déanta na fírinne, ní raibh mórán cúis argóna idir na teachtaí ar urlar na hArd Fheise ach an oiread. Chuir teachta amháin in aghaidh iriseoir a bhí i láthair nach raibh sé de cheart aige a scríobh go mbeadh an Ard Fheis `neamhacrannach', ach bhí. Is beag `díospóireacht' a bhí ann faoi na rúin: Cáineadh ar Joe O Toole agus INTO, moladh do Eamon Ó Cuív, bualadh bos don Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, treaslú as úsáid na Gaeilge sa Tionól ó thuaidh ach an rud ar fad sotto voce gan aon teannas le mothú idir tuairimí na gcainteoirí. An rud maith é sin? B'fhéidir go bhfuil ach d'fhág sé go raibh cuma tuirseach, spíonta ar an díospóireacht.
Ar chúl Clár na bliana seo bhí liosta mór fada d'imeachtaí, feachtais, agus obair a dhéanann Conradh na Gaeilge. Tá, mar shampla, 240 craobh den eagraíocht, tá trí fhoilseachán faoina stiúr, tá 12 áras, ceithre club le ceadúnas dí agus ranganna, coláistí, naíonraí agus araile gan tracht ar an tacaíocht a thugann an Conradh do dhrámaíocht, céilithe, féilte, feiseanna agus imeachtaí eile. Ní hé nach bhfuil siad gnóthach nó is léir go bhfuil ach an bhfuil an Conradh féin ag pleanáil don tódhchaí nuair atá na seanfhondúirí imithe?
Tá óige de dhíth, tá oibrithe fuinneamhacha ag teastail chun obair thábhachtach an Chonartha a chomhlíonadh agus caithfidh dóigh a fháil a mheallfaidh na daoine óga isteach. Tosóinn le makeover don Ard Fheis 2001.
Ard Fhéis an Chonartha Eoghan Mac Cormaic Eoghan Mac Cormaic