Tá cultúr na ngunnaí ana-fhoirleathan sna Stáit Aontaithe agus feachtais éagsúla á reachtáil ina choinne sin le tamall. Ach an mbeidh rath ar na feachtais: feachtais amhail le Mórshiúil na Máithreacha? `Sin í ceist an Draoi Rua ach, faraor, níl sé ró-dhóchasach go mbeidh.
Mórshiúil na Máithreacha
Bhí Lá na Máithreacha á cheiliúradh Dé Domhnaigh seo chaite sna Stáit Aontaithe agus réitigh na mílte acu feidhm a bhaint as an ocáid feachtas i dtaobh dlíthe gunnaí a léiriú.
Mar is eol dúinn uilig tá sé iontach furasta do mhuintir na Stáit Aontaithe teacht ar ghunnaí. Tá sé mar chuid den bhunreacht go bhfuil cead ag saoránaigh airm a bheith acu l'iad féin a chosaint. Leoga, ní gá domhsa a rá go bhfuil neart de phobal na tíre sin imithe thar fóir agus ar strae ar fad maidir leis an chosaint chéanna.
Is léir dúinn go bhfuil cultúr mór de ghunnaí sna Stáit Aontaithe. Is iomaí duine a bhfuil armlón mór pearsanta aige/aici féin. Cinnte, creidim go bhfuil a leithéid iontach contúirteach mar dhaoine má léiríonn siad an oiread sin suime i ngunnaí. Is dócha go mbíonn neart acu ag fanacht ar leithscéal éigin úsáid a bhaint as a gcuid gunnaí agus roinnt mhaith acu den tuairim go bhfuil Lá na gCinniúna ag teacht ina dtitfeadh an córas iomlán agus go mbeadh gá do gach duine a bheith ag troid le chéile le maireachtáil. Maise, creidtear gurb iad na daoine a bhfuil na gunnaí móra acu amháin a mhairfeas slán.
Mar aon leis an mhéid seo, is cinnte go bhfuil cultúr na ndrugaí chomh mór sin go maraíonn lucht drugaí a chéile go rialta. I ndiaidh tamaill glactar leis gur rud coitianta é a chluinstin ar an nuacht gur maraíodh méid áirithe de thairbhe coimhlint drugaí éigin. Ní bhíonn uafás ar dhaoine rudaí mar seo a chloisteáil agus glactar leo ar nós ba chuma leo.
Tá an argóint ann i gcónaí go bhfuil tionchar rómhór ag an teilifís ar dhaoine. Ar ndóigh tá an foréigean ar an siamsaíocht is mó sa teilifís agus le feiceáil go forleathan ann. Tar éis tamaillín glactar leis an fhoréigean sa tsóchaí mar rud nadúrtha de shaol an duine, Leoga, tá sé deacair do pháiste go haois áirithe an difir a aithint idir rudaí a tharlaíonn ar an teilifís atá fíor nó bréagach. B'fhéidir go dtiocfadh an meid céanna a rá fá dhaoine fásta leis, ní tuigeann a lán daoine na difríochtaí idir eachtraí Coronation Street agus Nuacht RTÉ.
De réir na staitisticí scaoiltear suas le 30 000 duine gach blian sna Stáit Aontaithe. As an mhéid sin maraítear 4 000 páiste le gunnaí in aghaidh na bliana. Tá a fhios agam go bhfuil daonra ollmhór sa tír sin ach ní leithscéal é sin agus is léir go bhfuil barraíocht daoine ag fáil bháis de bharr gunnaí ann.
Tá gunnaí chomh flúirseach sin sna Stáit Aontaithe go bhfuil sé ró-éasca do gach duine teacht orthu. Tá sé i bhfad níos fusa gunna a cheannacht ná chun deoch a fháil. Tuigtear gurb é an scian géar sa chistín ar cheann de na hairm is contúirtí in Éirinn ach is cinnte gurb é an gunna sa chistín ar an cheann is dainséaraí thall. Dá bhrí sin tá i bhfad barraíocht timpistí le gunnaí agus an iomarca duine ag cur lámh ina b(h)áis féin leo.
Nach íorónta an rud é an tUachtarán Clinton a fheiceáil ag tacú leis na máithreacha i Washington, áfach, nuair a thuigtear gurb iad na poncánaigh ar an dream ba mhó a dhéanann gunnaí agus a dhíolann iad do thíortha beaga thar lear.
Níl éilimh na máithreacha chomh raidiceach sin ar chos ar bith ach tá feachtas láidir ina gcoinne cibé. Níl uathu ach iarracht go dtiocfadh ceadúnas is clárú níos éifeachtaí i bhfeidhm, go mbeadh ar dhaoine fanach níos faide ar a gcuid gunnaí agus nach mbeadh cead ag daoine níos mó ná guna amháin a cheannacht le linn aon mhíosa amháin.
Beidh le feiceáil an mbeidh polaiteoirí na Stáit Aontaithe sásta éisteacht leis na máithreacha nó an mbeidh bodhar Uí Laoire orthu agus iad ag tabhairt cluas l'éisteacht do lucht an airgead is na gunnaí.
Draoi Rua
Tá Frank Dunlop ag iarraidh anois an t-athzonáil is cliste dá shaol a dhéanamh agus Talamh Ard Morálta a dhéanamh as Fasrach Polaitiúil an Fhiosrúcháin''
Rún Oscailte
Nach mise a bhí sásta an tseachtain seo nuachtán a oscailt de Domhnaigh agus ceannlíne a léamh go raibh an Pápa ina dhiaidh do chead a thabhairt an Tríú Rún d'Fhatima a fhoilsiú don domhan. Rugadh agus tógadh mo ghlúin-se ar a leithéid de phisreog, go raibh an Rún Mór seo faoi ghlas sa Vatican agus go dtiocfadh lá breá nuair a scaoilfeadh an Pápa linne an rún agus go dtiocfadh tuiscint níos fearr orainn mar dhaoine dá bharr. Pisreog, mar a dúirt mé, pisreog. An tseachtain seo, deichniú go leith i ndiaidh do Ali Acmed an Pápa a leagadh le pilear i gCearnóg Naomh Pheadair, foilsíonn an Vatican an scéal gurbh é an Tríú Rún d'Fhatima go scaoilfí an Pápa. Hindsight, mar a deireann lucht an Bhéarla, is a wonderful thing. De réir ráiteas Oifig Preas an Vatican, bhí an Rún féin i bhfocail fáidheoireachta Bioblach agus mar sin, bhí orthu míniúchán ceart a bhaint as. Is dóigh liom gurbh ionann an cás nuair a rinneadh `táirngreacht' i 1918 faoi Réabhlóidh na Rúise (1917) agus `tairngreacht eile i 1944 faoin Dara Cogadh Domhanda ( a thosaigh i 1939!). Is fearr mall ná choíche.
Ach má atá an Vatican féin mall tá sé intuigthe. Nach ndeireann an seanfhocal gur `mall muilleann Dé, ach cinnte'. Níl an `leithscéal' céanna ag an cuid eile againn, áfach cé go maithfí thú as creidiúnt, le seachtainí anuas, nach raibh tairngreachtaí sóiléire á dhéanamh ar chor ar bith faoi chursaí in Éirinn fiú nuair a bhí an ghaoth tiubh, uaireanta, le coinnleach,.
Le trí nó ceithre sheachtain anois tá tuairiscí thar a bheith scannalach ag teacht as na fiosrúcháin éagsúla i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath. Cé gur cheart go mbeadh fearg ar gach duine faoina bhfuil le cluinsint san Fhiosrúchán Fóla, faoin dóigh ar dheileáil an Stát agus na Bord Sláinte mura miste leat le iobartaigh agus teaghlaigh daoie a truaillíodh le fuil truaillithe, caithfear a admháil go bhfuil níos mó suime agus spéis ag daoine sna tuairiscí a thagann as na Fiosrúcháin eile: faoi íocaíochtaí do pholaiteoirí agus faoin chóras pleanála.
Nach scannalach é admháil Dunlop? Nach scannalach é admháil (nó leath-admháil) Redmond.
Duine amháin ag truailliú an chórais tríd íocaíochtaí agus bronntanais a thabhairt do pholaiteoirí, ag líonadh goile iad siúd a bhí toilteanach, agus ag cathú iad siúd nach raibh. Ní féidir a rá gur ndéarna Pat Rabbitt rud ar bith mídhleathach nuair a ghlac sé airgead Dunlop, agus ansin thug ar ais é coicís ina dhiaidh sin. Ach is féidir a rá go bhfuil rud ana-amhrasach faoina leithéid, a thabharann léacht do chách chomh minic sin faoi ionracas, nuair a nár inis sé faoin airgead agus an aisíocaíocht roimh ré don fhiosrúchan.
Is scannal é freisin, an liosta seo de pholaiteoirí a ghlac airgead agus nach dtug ar ais é, agus atá ag dul i bhfolach anois faoin sciath `costaisí tóghchánaíochta'.
Ach má's olc na polaiteoirí, is measa iad siúd a leag cathú rompu, dar liom. Tá Dunlop ag iarraidh anois an t-athzonáil is cliste dá shaol a dhéanamh agus Talamh Ard Morálta a dhéanamh as Fasrach Polaitiúil an Fhiosrúcháin agus é ag iarraidh a pheacaí féin a ghlanadh go poiblí. Ní minic a mhólaim príosún d'éinne ach mólaim dó é.
Mólaim a leithéid freisin don choirpeach poiblí eile sin George Redmond. Is uafásach é bheith ag éisteach lena bhréaga agus a chaimiléireacht agus a chur i bhfolach. Is scannal é gur ligeadh do a chuid fhortúin a thógáil trína chomhoibriú mídhleathach le lucht tógála na tíre agus ba cheart iad siúd, a d'íoc airgead dó, agus a thug airgead do Dunlop le tabhairt ar aghaidh do pholaiteoirí chun an córas daonlathas a thruailliú, ba chóir don bhuíon ar fad acu a dhísheilbhiú láithreach dá mhaoin drochfhaighte.
`Sé bhlian déag ó shin, timpeall an am go raibh Ali Acmed ag ullmhú don Phápa a scaoileadh, ní raibh eolaithe an Vaticain in ann `ciall' tairngreachta Fhatima a thuiscint agus beagnár maraíodh Eoin Pól a 2. Timpeall an ama céanna bhí iriseoirí mar Frank Mc Donnell ag foilsiú, don chéad uair, tuairiscí, faisnéise, scéalta agus tairngreachta go raibh rud éigin lófa i gcroílár na bpolaitíochtaí i mBaile Átha Cliath. Bhí a fhios ag níos mó daoine faoin Rún sin, an lófacht i lár an chórais, ná mar a raibh fios an Tríu Rún d'Fhatima acu ach níor éisteadh lena scéalta ar feadh i bhfad. Ligeadh do Redmond leanúint lena carnadh airgid mar sprionlaitheoir ag comhaireamh a choda gach seachtain. Ligeadh do lucht na gclúdach donna, Dunlop agus a leithéid agus drochthionchar a imirt ar vótaí.
I gcás Rún fatima tá leithscéal ag an Vatican go raibh an rún i dtéarmaí spioradálta agus go raibh sé deacair ciall a bhaint as na focail. I gcás rún Comhairle Chontae Baile Átha Cliath níorbh fhéidir an scéal a bheith níos sóiléire. Ní raibh aon gá do `hindsight'. Agus níor chóir dúinn ligint don chóras polaitiúil dul i bhfolach taobh thiar de `aineolas' anois.