Republican News · Thursday 8 June 1999

[An Phoblacht]

Ar ais, ar ais


Chaith taidhleoireacht de cheathrar ball déag ó Coiste na nIarchimí cúig uair a' chloig sna blocanna an tseachtain seo ag caint le cimí atá le scaoileadh saor ag deireadh na míosa seo chugainn. Bhí Eoghan Mac Cormaic i measc an tslua.

Filleann ceimí ar an Alma Mater ach ní tharlaíonn sé chomh minic sin go mbíonn deis ar chimí filleadh ar áit ar chaith siad blianta faoi ghlas. Nuair a fuair mé an seans sin, an tseachtain seo, thóg mé leis agus sásta. Agus maidin Dé Luain seo, d'fhill mé ar na Blocanna, agus chaith mé leathlá i mBloc H3 i gcomhluadar na gcimí deireannacha atá faoi ghlas ansin.

Tá a fhios agam go bhfuil a gcuid cuimhní cinn scríofa cheana ag iarchimí eile faoi chuairteanna a thug siad ar an áit. Dhá bhlian ó shin, mar shampla, d'fhoilsigh APRN alt le Laurence Mc Keown faoi lá a chaith sé ar thaidhleoireacht sna blocanna agus na cuimhneacháin a tháinig ar ais chuige. Ní dóigh liom go mbeadh aon rud nua le rá agam ar an taobh sin de, ná go mbeadh aon rud le rá agam nach mbeadh iarchimí in ann tuiscint, láithreach. Tá an Cheis' le dúnadh síos agus ba mhór an `pleisiúr' domh bheith abalta siúil isteach - agus amach - as sula ndúntar na geataí go deo.

Bhí muid i H3. Bhí go leor leor athraithe ach ag an am céanna ní raibh tada athraithe. Bhí na sean choimheadóirí imithe ach bhí na cinn nua díreach mar an chéanna. Bhí an áit níos lú ná mar a chuimhnigh mé é, níos ísle, níos cúnga, níos dorcha fiú.

Scaoileadh isteach go sciathán B muid, tá na poblachtanaithe i sciatháin A, B agus C agus cead a chinn acu le blianta anois dul ó sciathán go sciathán nuair is mian leo. Cuireadh fáilte romhainn ag an ceannfort, agus shuigh muid i seomra ranga - doras nua briste tríd ón bhialann anois - agus phléigh muid straitéis an lae. Tamaillín i ndiaidh sin, chruinnigh na cimí ar fad agus tugadh deis dúinn labhairt leo faoi na fathanna éagsúla a raibh na baill den taidhleoireacht i láthair. `Sin déanta, scaip muid idir na sciatháin chun labhairt le cimí éagsúla.

D'amharc mé timpeall, cá raibh mé, an raibh mé riamh sa sciathán seo? Níl a fhios agam. Trasna uaim bhí Sciathán D, an sciathán ina raibh mé nuair a chríochnaigh Agoid na Plúide, an cillín ina raibh mé nuair a bhris 38 as H7. Ach bhí na cilíní seo mar an céanna. Chuaigh mé ar ais, ar ais. Trasna, go sciathán B. Chaith mé trí nó ceithre mhí sa sciathán seo trath. Bhruigh mé mo shrón isteach cillín agus cillín eile agus cillín eile arís. Tá siad chomh bideach sin agus an cuma níos lú mar gheall ar cófraí, boscaí, teilifísí, Seinnteoirí CD agus fiú ríomhairí. Bhí sé deacair an seanchillín a shamhlú anois, lom, fuar, dorcha... is mór an bua a bhí ag na cimí ina sreachailtí thar na bliana agus na rudaí seo go léir bainte amach acu.

Clós. Bhí Dáithí ag iarraidh orm teacht amach go dtí an clós leis. Tá breis agus naoi mbliana ann ó rinne mé seo, agus cé go bhfuil athraithe ann, sconsaí imithe, geataí oscailte idir dhá chlós agus colúr ceansa i gcúinne amháin, is mar a bhí riamh an clós agus níor mhothaigh mé an t-am ag imeacht. Chuaigh mé trasna ansin chomh fad le Gaeltacht na Fuiseoige nó bhí lón reidh dúinn, socraithe ag na cimí féin. As na cimí poblachtanacha ar fad - 35 atá fágtha - tá 18 den ina gcónaí sa sciathán seo. Nach áit an rud níos mó Gaeil a bheith ann anois ná Béarlóirí?

`Ar mhaith leat leabhar as an leabharlann mar cuimhneachán' a deir duine liom. `Tá muid ag tabhairt na leabhar seo ar fad amach anois, ag bronnadh ar ghrúpaí éagsúla iad'. Tá an chuid is mó acu i seilbh Leabharlann Linenhall anois. Bhreathnaigh mé tríd na leabhair. Cuimhneacháin eile. Rev and Ev (Reabhlóid agus Eabhlóid), Cornforth, Díolaim Filíochta, Máire, Mo Shaol Féin... Phioc mé leabhar suas, Gramadach na mBraithre Críostaí. Cé mhéad rang a mhúineadh asat, a sheanleabhair? Cé mhéad Gaeil a d'fhoghlaim an teanga uait?

D'amharc mé trasna an liosta agus thóg cóip de Dhúchas as. Bhí sé sínithe ag an údar, Pádraig Ó Mathúna, as Caiseal Mumhan: `Bronntanas do Ghaeltacht na Fuiseoige, 1995. Is leis an duine deireannach a scaoilfear saor as an sciathán an leabhar seo...' a scríobh Pádraig. Titeann an crann sin ar an 28 Iúil, a Phádraig, agus tá do leabhar slán go fóill.

Bhí ceannfort na bhfear ag scairteadh orainn go raibh mionbus ag fanacht orainn, agus bhí an chuairt thart. Ní féidir liom a rá go raibh cumha orm don áit, nó ní raibh. Ní raibh deifir orm, ach an oiread, imeacht ach tá sin intuigthe. Bhí a fhios agam gur féidir imeacht am ar bith rud nach raibh fíor i rith na mblianta a chaith mé ann. Chroith mé lámh arís le cuid de na leaids, daoine acu ar chroith mé lámha leo an uair deireannach go raibh mé ag imeacht chomh maith, agus thug féachaint deireannach síos an sciathán. Ar ais, ar ais. Go leor leor athraithe, go leor leor nach féidir athrú riamh.


Francaigh agus Luchóga... agus Pangur Bán!


Tá an Draoi Rua ar laethanta saoire ach sular imigh sé chur sé cuid smaointe le chéile faoi francaigh. Do bharúil cá ndeachaigh sé ar shaoire?

Creidtear cheana féin go bhfuil ar a laghad trí fhrancach ann do gach duine in Éirinn. Tuigtear nach mbíonn an francach baineann ach ag iompar ar feadh trí nó ceithre seachtaine agus is féidir le dáréag a bheith aici in aon bhreith amháin. Cinnte, is féidir leis na francaigh cur lena ndaonra go gasta.

Ós rud é go bhfuil an oiread sin francaigh sa tír, shílfeá dá mbeadh maitheas ar bith i Naomh Pádraig go dtiocfadh leis an ruaig a chuir orthu. Maise, deirtear linn gur dhíbir sé nathracha nimhe as an tír toisc nár thug na Criostaithe faoi deara nach raibh siad riamh sa tír againn.

Is cuimhin liom gur inis seanbhean i mBaile Atha Cliath dom cúpla bliain ó shin fá eachtra ar léith a tharla di ar a bealach abhaile oíche. B'é an rud a bhí ann ná go raibh sí ag siúl léi sa dorchadas i ndoimhneas na hoíche agus thaitin léi siúl trí dhuilleoga an fhómhair go dtí gur chuimhnigh sí gurb é Mí Feabhra a bhí ann agus gur tús an earraigh an seasúr a bhí i réim. Cinnte, bhí sí fiosrach go leor fá na `duilleoga' a bhí faoina cosa agus dhírigh sí a lampa síos go dtiocfadh léi a fiosracht a shásamh. Gan amhras, ní raibh sí sásta na céadta francaigh a fheiceáil ag rith thart ar a chosa ach bhí uirthi leanstan ar aghaidh abhaile. Dúirt sí gurb é an t-aon rud a thug misneach di ar a bhealach abhaile ná gur lig sí uirthi féin gur duilleoga a bhí faoina cosa.

Ní ghá dom a rá nach bhfuil mórán measa againn ar na francaigh ach níl mé den bharúil go bhfuil meas ar bith tuillte aige. Tuigtear gur ainmhithe salacha iad agus go dtugann neart acu aicídí leo agus iad ag truailliú bia agus araile. Má tharlaíonn sé go bhfuil do lámh gearrtha agat agus go leagan tú an giota gearrtha ar áit ar an bhfuil mún francaigh scaoilte, beidh an bás i ndán duit muna réitíonn tú nimh an fhrancaigh. Chuala mé cheana gur chóir a bheith cúramach le cannaí beoir agus a leithéid toisc gur tharla sé go minic gur scaoileadh mún francaigh orthu agus iad ar stór. Seá, a leitheoir, gach seans go ghlanfaidh tú na cannaí as seo amach nó go n-ólfaidh tú as gloine.

Caithfidh mé a rá anseo, áfach, gur chuir sé iontas orm i gcónaí go raibh an focal céanna againn i bhfrancach do `luchóg mhór' agus do `dhuine ón Fhranc'. Seans gur chuir muintir na Fraince déistin ar na Gaeil na cianta ó shin. Cinnte, téann an déistin seo i bhfad siar roimh 1798 nuair nár tháinig cuidiú na Fraince chuig na hEireannaigh Aontaithe in am. B'fhéidir dá n-éireodh leo teacht i dtír Nollaig 1797 agus 15,000 d'arm acu go dtiocfadh linn focal eile a chumadh do luchóg mhór.

Chreid na Ceiltigh riamh go raibh sé i gcumas na draoithe is na filí an ruaig a chur ar francaigh in áiteanna ar léith. Ar ndóigh, bhí an ábaltacht céanna ag bhannaomh a dhíbir na luchóga móra as oileán Thoraigh nuair a cuireadh a corp ann i ndiaidh tubaiste farraige. Fiú sa inniú, níl francaigh ar bith le fáil ar an oileán. Má tá tú ag iarraidh fáil réidh le francaigh i do theach féin, ba cheart gabháil i dteagmháil le dream ríoga Thoraigh. Is féidir leo cuid de chré a uaigh a thógáil go dtig leat é a scaipeadh i do theach féin is ní thiocfaidh na francaigh ar ais le cónaí leat.

B'fhearr le formhór de mhuintir na hÉireann, áfach, nimh a fhágáil amuigh do na francaigh. Deirtear, áfach, go n-éiríonn siad cleachtaithe le nimh ar bith i ndiaidh tamaill agus bheadh sé chomh maith ag duine bia a bhronnadh do na francaigh ná airgead a chur amú ar nimh.

Chuala mé fán duine seo a bhí ag déanamh obair oíche i monarchan i mBéal Feirste roinnt blianta ó shin agus go raibh fadhb acu ann le francaigh. Ós rud é go raibh sé do dhualgas air a bheith ar obair san oíche, iarraidh air rud éigin a dhéanamh fá na francaigh. Chuir sé nimh do gach saghas síos agus leoga bhí cuid den nimh seo iontach láidir ar fad. Faraoir, bhí na franccaigh ann go fóill.

Réitigh mo dhuine ar phlean. Rug sé ar na francaigh i ngaistí go dtí go raibh beagnach fiche cinn aige. Chuir sé an t-iomlán acu i mbairille agus choinnigh sé iad ann ar feadh roinnt seachtaine agus é ag tabhairt bia dóibh i rith an ama. I ndiaidh roinnt seachtainí, níor thug sé a thuilleadh bia dóibh. B'é an rud a tharla ná gur ionsaigh siad a chéile as siocair go raibh siad chomh ocrach sin. Lig sé dóibh iad féin a mharú agus a ithe go dtí nach raibh fágtha ach an t-aon fhrancach mhór amháin. Cinnte, faoin am seo, bhí dúil ag an luchóg mhór seo i bhfeoil na bhfrancaigh. Scaoil sé saor leis an fhrancach mhór agus dhíbhir sé na francaigh eile amach as an mhonarchan.

Fiú roimh an Chríostaíocht bhí dearcadh ann go raibh diabhalacht de chineál éigin ag baint le luchóga móra agus beaga. De réir truairisc amháin a dtéann siar go aimsir Airc Noah, rinneadh iarracht gan cead taistil a thabhairt dona luchóga is dona franccaigh. Chuidigh an diabhal leo toisc gur gníomhairí s'aigesean a bhí iontu.

Tá scéal ann i dtaobh Thír na nÓg a deir go bhfuil sé de dhualgas ar mhadadh is ar chat aire a thabhairt ag na geataí agus gan ligean don dhiabhal teacht isteach. Rinne an diabhal iarracht teacht isteach i gcruthanna éagsula agus é ag ligint air gur ainmhithe difriúla a bhí ann. Cibé ainmhí a bhí ann, bhí an madadh ábalta cosc a chur air le troid fiochmhar a dhéanamh leis. Ní raibh ar an chat a dhath ar bith a dhéanamh ach amharc ar an mhadadh is é féin a ghlanadh. Faoi dheireadh, shocraigh an diabhal teacht isteach mar luchóg beag bídeach ach ní fhaca an madadh é. Chonaic an cat é agus rug sé greim air ar an toirt.

Cé gur iomaí uair a shábháil an madadh Tír na nÓg dúinn, caithfimid a bheith buíoch don chat fosta. Tá meas ar leith tuillte ag an chat i ndiaidh greim a fháil ar an luchóg. B'fhéidir gur sin an fáth a bhfuil an oireadh sin cait le feiceáil i Leabhair Cheannanais, do bhárúil?

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News