Republican News · Thursday 20 January 2000

[An Phoblacht]

Uaireanta, ní binn béal ina thost.


Tá an Ard Fheis ag tarraing orainn arís agus mothaíonn Eoghan Mac Cormaic an bhliain ag éalú ón Ard Fheis deireannach. Féile mhór daonlathach ar chóir a bheith in Ard Fheis, dar leis agus chan Lá na bhFurby Polaitiúla...

Tempus fugit, mar a deir na Románaigh agus tá cruthúnas ann den mhana áirithe sin an tseachtain seo agus na litreacha faoi Ard fheis Sinn Féin 2000 ag teacht tríd na doirse do thithe poblachtanacha ar fud na tíre agus muid ag léamh an pháipéir seo. Fuair mé mo cheannsa cupla lae ó shin: sraith foirmeacha i gcomhair moltaí, foirmeacha do chuairteoirí, baill den chumann, teachtaí agus ainmniúcháin d'Ard Chomhairle Shinn Féin. Caithfear admháil, ó thaobh dáileadh na litreacha seo de, go bhfuil na daoine uaisle seo in Ard Oifig ana-eagraithe i gcónaí. Tuigeann siad nach dtarlaíonn Ard Fheis gan eagrú, agus nach dtarlaíonn Ard Fheis mhaith, torthúil gan an obair agus an réamhobair le cur isteach.

Ní fada uainn anois spriocdáta dona foirmeacha a chur ar ais, áfach, agus is ag an pointe sin a cuirtear eagar na heagraíochta ina iomlán faoi scrúdú ceart. Is dóigh liom go mbeidh Pat bocht i 44 ag fáil na bhfoirmeacha seo ar ais suas go dtí dáta na hArd Fheise féin... is nós é, i bpolaitíocht na tíre seo ligint do spriocdátaí dul thart.

Ba cheart, gan magadh a dhéanamh faoi, na foirmeacha a sheoladh ar ais láithreach. Ansin is féidir an clár a eagrú, na rúin a aistriú, agus na liostaí a ullmhú. Agus beidh saol suaimhneach ag chuile duine.

Ach cad faoi leibheal na díospóireachta ag Ard Fheis na bliana seo? Cad iad na téamaí a bheidh muid ag plé? Is cinnte go mbeidh stat agus suíomh an phróisis síochána faoi chaibidil agus faoin am go dtagann an Ard Fheis thart is cinnte go mbeidh go leor leor ina leith a chuirfidh fonn díospóireachta ar na teachtaí. Is cuí agus is ceart go mbeidh díospóireacht faoi - cé nach mbeidh an díospóireacht sin chomh lán de mhothú a's a bhí an díospóireacht le cupla bliana anuas, ach sin ráite, níl an próiseas ar an téad amháin ar chlairseach an pháirtí.

Beidh ábhar eile díospóireachta ann, ábhar nach bhfuil chomh `suimiúil' `s atá próiseas na síochána ach atá chomh tábhachtach leis i saolta agus todhchaí gach duine ar an oileán seo. Ach tá na díospóireachtaí sin ag brath ar na moltaí agus rúin chearta ag teacht chun tosaí, ar ndóigh. I mbliana, tcím go bhfuil treoir ar fáil ó Ard Oifig ar an saghas rúin a bheadh fóirseteanach do pháirtí radacach poblachtánach. Níl na daoine in Ard Oifig ag insint dúin cad iad na rúin - caithfidh muid féin teacht suas leis na focail sin - ach tá roinnt leideanna ar na téamaí nach mór dúinn, mar pháirtí, bheith ag plé. `Seo bunus an daonlathais i bpáirtí, gur féidir le ball de chumann, a tuairim nó a thuairim a thabhairt go lár an pháirtí agus an tuairim sin a dhéanamh ina pholasaí má's féidir go leor tacaíochta a earcú dá cúis. Má a ghlacann daoine páirt sa díospóireacht agus má thabharann daoine smaointe úra leo ar théamaí nua.

Is imeacht í an Ard Fheis arbh fhéidir bheith ina heachtra iontach nó ina heachtra fíor leadranach. Brathann sé ar na rúin agus brathann se ar na cainteoirí. Má's ionann na rúin ó bliain go bliain ní bheidh athrú ar an díospóireacht. Má's ionann na cainteoirí ó bliain go bliain ní bheidh ann ach na tuairimí céanna. Tá Ard Fheiseanna ag brath ar nuaíocht agus fuinneamh, chan ar codladh agus daoine a faightear i bpáirtithe eile atá níos cosúla le Furby a mhusclaíonn in am le rud a rá ag an Cruinniú Cinn Bliana agus a chodlaíonn an chuid eile den bhliain.Caithfidh muid bheith ag smaoineadh faoi rudaí nua, dúshlánacha i gcónaí, rudaí a spreagann suim agus a griosann ballraíocht an pháirtí chun oibre.

`Sí an Ard Fheis an deis is fearr chuige sin. Tempus fugit. Nach maith an rud é go bhfuil sé ag tarraing orainn arís.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News