Republican News · Thursday 18 January 2001

[An Phoblacht]

Úránium sna Balcáin

Cuireann an seál seo maidir le raonta úráinium faighte ag saineolaithe timpeallachta sna Balcáin deistín orm. Is é an nuacht is mó atá le cluinstin sná meáin, áfach, ná go bhfuil tíortha na Náisiúin Aontaithe buartha fá shaighdiúirí s'acusan a chaith tréimhse thall. Cad fá mhuintir na háite atá ann ar fad?

 
Nach iontach an rud é go bhfuil an oiread sin suim ag an domhan idirnáisiúnta fána saighdiúirí féin ach gur cuma sa tsioc fá mhuintir na háite
Bhí cruinnithe móra ar siúl ag NATO agus an Comhphobal Eorpach an seachtain seo chaite agus iad ag plé an tionchar sláinte a bhí ag buamaí is deúracháin úráinium íslithe ar airm na hEorpa. Is í an tSualainn atá in Uachtaránacht na hEorpa fá láthair agus iad ag iarraidh an fhadhb áirithe seo a laghdú. De réir Bjoern Von Sydow, Aire Cosanta na Sualainne, ní féidir a bheith iomlán cinnte gurbh é an t-armlón úráinium íslithe seo a ba chúis le méadú cásanna ailse i saighdiúirí éagsúla a chaith tamaillín sna Balcáin. Ar ndóigh, is furasta dó a bheith ina shuaimhneas nuair nach raibh sé féin ann riamh.

Tuigtear anois gur thug NATO rabhadh do Roinn Cosanta na Gearmáine maidir l'úsáid armlón úráinium Iúil 1999. B'é an méid a bhí le rá ag NATO ag an am ná go dtiocfadh le contúirt tocsaineach a bheith leo agus gur chóir do shaighdiúirí agus oibrithe cabhraithe iad féin a chosaint dá bharr. Caithfidh a rá, áfach, nár tugadh aon treoir cinnte maidir l'iad féin a chosaint.

De réir mar atá fhios againn, d'úsáideadh ar a laghad 30,000 buama agus diúracán l'úráinium íslithe timpeall 112 suíomhaana difriúla i gCosobhó. Is tomhas é seo ar ndóigh toisc nach raibh NATO riamh sásta eolas cruinn a chur ar fáil ina thaobh. Leoga, muna raibh contúirt ar bith ann leo, cad chuige a mbeadh siad ag iarraidh an t-eolas a dhiúltiú uainn? As an 112 suíomh thuasluaite, rinneadh scrúdaithe raidighníomhaíochta ar 11 suíomh. As an 11 suíomh seo, bhí leibhéal raidíochta arda in ochtar acu.

Cinnte, d'éirigh le fórsaí NATO scrios uafásach a dhéanamh ar chan amháin tancanna na hIúgslaive ach ar na ceantracha ar fad ina raibh armlón úráinium íslithe in úsáid acu. Bhí `glanadh suas' le déanamh ag na saighdiúirí i ndiaidh an scrios ar fad agus is í sin an fáth a bhfuil tíortha na hEorpa buartha anois.

Mar atá a fhios againn tá deich dtír den Chomhphobal Eorpach ag cur trialacha radaíochta áirithe ar fáil dá saighdiúirí a raibh thall sna Balcáin. Fuair seisear Iodálach bás i ndiaidh dóibh leoicéime a fháil agus tá roinnt saighdiúirí Sasanacha tinn fosta. Tá John Taylor imníoch as sioscair go raibh 110 ball den RUC thall sna Balcáin. Maise, deir urlabhraí ar son an RUC nach gá dóibh a bheith buartha. Bheadh an t-urlabhraí seo ar aon intinn le rialtas SAM agus le rialtas na Breataine atá den tuairim nach bhfuil contúirt ar bith ins san armlón úráinium íslithe. Ar ndóigh, is iad na Meiriceánaigh a tháirgíonn na buamaí is na diúracáin úráinium íslithe seo.

In Éirinn deir an tAire Cosanta Michael Smith gur ar mhaithe le suaimhneas intinne agus sólás a thabhairt dona saighdiúirí agus dá ndaoine muinteartha atá scrúdaithe leighis curtha ar fáil.

Is beag suaimhneas intinne ná sólás atá curtha ar fáil don phobal áitiúil i gCosobhó. Tuigimid nach bhfuil saighdiúirí NATO ag ithe bia ar bith óna ceantracha éagsúla sna Balcáin toisc nach féidir leo a bheith cinnte fán uisce ná faoina glasraí áitiúla. Is beag saoirse atá bainte amach ag muintir Cosobhó i ndiaidh na cogaíochta ar fad nuair atá a dtír dúchais scriosta dá bharr. Nach iontach an rud é go bhfuil an oiread sin suim ag an domhan idirnáisiúnta fána saighdiúirí féin ach gur cuma sa tsioc fá mhuintir na háite.

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News