Republican News · Thursday 17 February 2000

[An Phoblacht]

Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán a deir an seanfhocal ach an tseachtain seo bhí cara an Draoi Rua sa chúirt agus gan punt sa sparán aige....

Posadh an Stáit leis an Chléir go daingean ar fad

Caithfidh mé a rá go raibh mé den tuairim nach bhfuil an oiread sin cumhachta ag an Eaglais chaitliceach agus a bhí roinnt blianta ó shin. Tharla go raibh cara de mo chuid den tauirim céanna go dtí go raibh cás cúirte aige i gcoinne sagairt an tseachtain seo chaite.

Is é an fáth a raibh an cás cúirte ar siúl ná go raibh timpiste bóthair eadarthu. Ní raibh amhras ar bith ag mo chara ná go raibh drochthiomáint an tsagairt a ba chúis leis an timpiste. Bhí an mhéad sin deifir ar an sagart go raibh air an suíomh a fhágáil láithreach. Tháinig an bheirt acu le chéile ag stáisiún na ngardaí ar ball beag. Faoin am seo bhí scéal iomlán nua cumtha ag an tsagart ar an dóigh a tharla an timpiste agus é ag rá anois go raibh mo chara ag tiomáint i bhfad róghasta. Ba chóir dom a léiriú nach raibh luas ar bith i gceist ag mo chomradaí óir bhí a bhean chéile leis agus í ocht mí ag iompar clainne.

Cibé ar bith, chloígh an sagart leis a scéal agus lean sé ar aghaidh leis an tuairim seo go dtí gur éirigh cás cúirte eadarthu. Anois, dá mbeadh mo chara ar dhóigh ar bith ciontach as an timpiste bheadh sé sásta sin a admháil ar an phointe. Shílfea go dtiocfadh leis an sagart a bheith chomh macanta chomh maith.

Pléadh an cás sa chúirt agus léirigh mo chara agus an dlíodóir a bhí leis an dóigh a tharla an timpiste. Bhí gach rud sóiléir go leor nach raibh tiomáint gásta i gceist ó tharla nár maraíodh duine ar bith; nár scriosadh na gluaisteáin go hiomlán agus ón dóigh a raibh na gluaisteáin taobh le taobh i ndiaidh an timpiste.

sin, chuir an sagart a lámh ar an Bhíobla agus mhionnaigh sé nach ndéarfadh sé tada ach an fhírinne. B'fhéidir gur chóir dó a rá nach ndéarfadh sé tada den fhírinne óir ní raibh le cluinstin aige ach bréag i ndiaidh bréige. Ní amháin sin ach d'éirigh leis an sagart na bréaga a chuir i bhfeidhm go héifeachtach agus é ag labhairt i nglór íseal naofa béalchráifeach. Nuair a ceistíodh an sagart faoin chaoi nár réitigh a scéal leis an fhaisnéis a bhí ós comhair na cúirte dúirt sé nár thuig sé nó nach raibh a fhios aige cén fath.

Ar aon nós, níor mhair an cás cúirte i bhfad agus níor ghlac an breitheamh mórán ama lena bhreithiúnas a thabhairt. D'aontaigh sé go hiomlán leis an sagart, dúirt sé go raibh mo chara ag tiomáint i bhfad ró-ghásta agus thug sé neamhaird den fhaisnéis a bhí léirithe os a chomhair. Ní amháin gur thaobhaigh sé leis an tsagart ach bhronn sé costaisí dlí dó chomh maith.

Ní gá domh a rá gur baineadh geit mhillteanach as mo chara agus as an dlíodóir a bhí leis. Níor chreid ceachtar acu go dtiocfadh le breitheamh a bheith chomh claonta sin agus aontú céad faoin chéad leis an sagart. D'iarr mo chara ar an dlíodóir arbh fhiú achomharc in aghaidh breithe a dhéanamh. Moladh dó gurbh fhéidir ach ba bheag an difir a dhéanfadh sé toisc nár mhaith le breitheamh amháin gabháil in éadán breithimh eile a bheadh mar chara leis.

Cinnte bhí cara sa chúirt ag an sagart sa bhreitheamh, `is ní raibh punt sa phóca ag mo chara. Caithfidh gur duine fíorchreidmheach é an breitheamh a raibh anmheas don chleir. An raibh sé den bharúil nach féidir le sagart bréag a insint, go háirithe agus an lámh ar an leabhar aige? Chomh maith leis sin, caidé mar is féidir le fear óg focal an tsagairt a cheistiú? Dá bhrí sin ba cheart píonós trom a chur ar a leithéid d'fhear óg agus a chinntiú nach rachadh sé i gcoinne an chléir choíche arís.

ois cad iad na ceachtanna atá le foghlam againn as scéal mo chara sa chúirt? Ar dtús, cuirtear an teachtaireacht amach nár chóir d'einne gabháil i gcoinne an chléir in am ar bith. Mar aon leis sin feictear go bhfuil tionchar láidir ag an eaglais Chaitliceach sa stat seo go fóill agus go seasann said an fód lofa le chéile ar fad. Lena chois sin tuigtear go bhfuil neart cleachtais éillitheacha ní amháin sa chóras dlí ach san eaglais fosta.

Caithfidh mé a rá anseo nach bhfuil mé den bharúil go n-insíonn gach sagart bréaga agus go bhfuil gach breitheamh claonta. Tá mé cinnte go bhfuil daoine maithe san eaglais agus sa chóras dlí. Tuigim gur cás aonar a bhí anseo agus nach féidir an córas iomlán a lochtú dá bharr. San am céanna, áfach, níor chóir go dtarlódh a leithéid go foirleathan ná go haonarach.

Tá seanfhocal a hagann ó Theileann i dTír Chonaill a deir:

`Na bí mór ná beag leis an chléir'.

Leoga, ní dóigh liom go mbeidh mo chara riamh mór leis an chléir as seo amach. Ní mhothaíonn sé beag rompu ach oiread as siocair go bhfuil sé brodúil gur sheas sé ar son na fírinne. Leoga, ní bheidh sé mór ná beag leo: tabharfaidh sé neamhaird dóibh - ach amháin nuair atá seanleaid acu ag tiomáint ar an bhóithrín céanna leis!


Seoladh tiuairisc ar aistriú príosúnaigh, ag an ICPO an tseachtain seo caite. Bhí Eoghan Mac Cormaic ag léamh tríd agus ag cuimhneadh ar cimí poblachtanacha a throid ar son an chearta sin.

Lína gan luas.

Seoladh tuairisc thábhachtach `Transfer of Sentenced Prisoners - a Human Right for Prisoners and their Families. ` an tseachtain seo chaite i mBaile Atha Cliath Foilsíodh an tuairisc seo ag an Irish Commission for Prisoners Overseas chun na fadhbanna a bhaineann le haistriú príosúnaigh a iniúchadh.

Tá a fhios ag poblachtanaigh, ar ndóigh, cé chomh dheacair agus atá sé do theaghlaigh phríosúnaigh nuair atá an príosúnach sin faoi ghlas thar saile. Ar ndóigh, i gcás cimí poblachtanacha bhíodh furmhór na gcimí sin faoi ghlas i Sasana, le dream beag eile faoi ghjlas i dtíortha eile ar an mhórroinn agus sna Stáit Aontaithe. Bhíodh ar poblachtanaigh - idir na teaghlaigh féin agus na cimí agus a lucht tacaíochta in Éirinn agus i gcéin feachtas a throid ar feadh na mblianta chun cinntiú go dtabharfaí na cimí abhaile. Aistríodh na cimí poblachtanacha deireannacha ar ais go hÉirinn anúraidh mar chuid den phróiseas síochána. Mar a deir an tuairisc seo, cuireadh na poblachtanaigh ar an `líne faoi luas' ag an deireadh, ach má a bhí luas ann ag an deireadh bhí na blianta fada roimhe sin nuair a nár ligeadh d'aon poblachtanach teacht abhaile.

Ní bhfuair siad go héascaí é. Cuimhneoidh poblachtanaigh ar ainmneacha mar Michael gaughan agus Frank Stagg a fuair bás ar stailc ocrais, ar Noel Jenkinson a fuair bás ina dhiaidh míosa de dhrochíde, ar Ghuiseppe Conlon faoi ghlas toisc gur Éireannach é a bhí san áit mícheart ag an am mícheart. Níos déanaí, ar ndóigh, cuimhnimis freisin ar Patrick Kelly a fuair bás in Éirinn mar gheall ar shéanadh leighis agus é faoi ghlas i Sasana. Is ceist é, mar sin, atá agus ar chóir a bheith cóngarach do chroíthe poblachtanacha.

Ach nuair atá feachtas ann do cimí polaitiúla, agus nuair atá rialtas toilteanach `líne faoi luas' a chrúthú ar bhonn straitéiseach do chimí polaitiúla, cé atá ann le beart a dhéanamh ar mhaithe na ngnáthphríosúnaigh? Is léir go bhfuil údair na tuairisce seo, an ICPO, Nuala Kelly agus a comhleacaithe sa túschadhnaíochta ar a laghad agus tá jab maith déanata acu ag cruinniú na sonraí agus na firicí le chéile don tuairisc seo.

Míníonn an tuairisc, mar shampla, gur chuir níos mó ná 200 príosúnach iarratas isteach cheana ag iarraidh aistriú. As an líon mór daoine sin tugadh 68 ar ais, ach cad a tharla don 130 iarratas eile? Diultaíodh cuid bheag acu, 12 go beacht, agus as an líon eile tá cuid acu ag fanacht fós, cuid a fuair bás sula ndearnadh cinniúint, cuid eile a tharraing a gcuid iarratais siar. Tá go leor leor constaicí i mbealach príosúnach a iarrann aistriú agus is minic iad fágtha gan dóchas go dtógfar ar ais go hÉirinn riamh iad.

Tá an míthuiscint choitianta ann go bhfuil an fhadhb a chuireann moill ar aistrithe ná easpa spás i bpríosúin in Éirinn féin. Ach ní hí sin an fhadhb in aon chor. `Sí an mhoill is measa ná an mhoill féin, nó bíonn ar gach cás de dhuine ag iarraidh aistriú tabhairt os comhair na cúirte in Éirinn agus an daoradh eachtrannach a athrú go daoradh Éireannach agus is próiseas é seo a thógann an iomarca ama dar le gach duine a bhfuil suim acu in aistriú príosúnach.

Ag deireadh an lae, is ceist daonna atá ann. Má's olc an rud é príosúnacht is measa fós é eifeacht na príosúnachta ar na clanna agus gaolta de phríosúnaigh faoi ghlas i bhfad óna muintir féin. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d'fheachtas i bhfabhar aistrithe agus `líne faoi luas' a dhéanamh den phróiseas ar fad.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News