Republican News · Thursday 10 February 2000

[An Phoblacht]

`Dá dtiocfadh le duine teagmhail a dhéanamh le spiorad an chrainn, bheadh sé abalta cur lena chuid eolais ar mhaithe le tuiscint ar an tsaol nó le leigheasanna difriúla a fhoghlaim'. Tá barúil ag an Draoi Rua nach bhfuil a dhothain ráite aige go fóill faoi thábhacht na gcrann in Éirinn. San alt fada seo, pléann see stadas na gcrann i mbéaloideas na tíre.

Crainn Draíochta

Mar a luaigh mé seachtain ó shin bhí na crainn riamh naofa i measc na gCeilteach fadó. Níl le déanamh ach amharc ar logainmneacha na tíre seo le flúirse agus tábhacht na gcoillte a mheas. Ar ndóigh níorbh iad na Ceiltigh an t-aon dream amháin a thuig tábhacht na gcrann. Creidim go raibh agus go bhfuil gach saghas beatha naofa ar a bhealach féin.

Feictear, le teacht na Críostaíochta, gur lonnaíodh cuid mhór de na mainistreacha, clochair, agus tithe pobail i suíomhanna eagsúla ina raibh ómós mór do chrainn á chleachtadh.

Nuair a cumadh an aibitir Ghaelach, roghnaíodh gach crann dúchasach agus rinneadh litir den aibitir dó. Chreid na Ceiltigh go raibh spiorad ar leith i ngach aon crann. Dá dtiocfadh le duine teagmhail a dhéanamh le spiorad an chrainn, bheadh sé abalta cur lena chuid eolais ar mhaithe le tuiscint ar an tsaol nó le leigheasanna difriúla a fhoghlaim.

Ar ndóigh, tuigimid uilig go raibh an dair naofa riamh i measc na gcrainn in Éirinn. Cinnte, is crann breá cumhachtach é an dair a bhí le fail go fairsing ar fud na tíre trath. Is féidir le crann darach mairstean ar feadh míle bliain agus bíonn breis agus ceithre chéad nithe eile ag brath air le bheith beo.

Is ón dair a bhfaigheann muid an focal `dairaoi' (daoine a chónaigh sa dair) atá mar `draoi' againn sa lá inniu. Ba ghnách do dhaoine na dearcáin a ithe ach bhí an dearcán féin naofa chomh maith. Tá taobha firinscneach agus baininscneach i síol agus cupán an dearcáin. Mar aon leis sin, bhí an drualus go mór in úsaid ag na draoithe. Tuigeadh gurbh fhéidir le drualus duine a threoraigh chuig an saol eile. B'fhéidir nach mór an t-ionadh é go bhfuil áit ar leith ag drualus sa lá inniu aimsir na Nollag.

Bhí a lán leigheasanna éagsúla le fáil againn ón dair atá caillte againn anois. Deirtear gur féidir fáistine a dhéanamh le craobhacha daracha l'ór a fháil. Deirtear fosta gur bhaineadh úsáid as craobhóga leis an ruaig a chur ar olcas.

Gan amhras, is i an scéach ar an chrann is clúití maidir le draíocht na síoga. Tuigtear go mbíonn na síoga ag damhsa faoina chraobhacha go minic. Tá sé cluinste ag cách go bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis an scéach uaigneach, ar ndóigh. Sa tseanam cuireadh marbhghin faoin chrann seo go minic. Bíonn síoga ann leis an scéach a chosaint agus má dhéantar dochar don chrann tá sé mar dhualgas orthu díoltas a bhaint amach. Is féidir leo tinneas gealtacht, bochtanas, droch-ádh agus fiú an bás a ghearradh mar phíonós ar an té a ghortaíonn scéach. Ní amháin go dtig leo a gcuid cumhachtaí a úsáid ar an té a dhéanann an damáiste ach ar a mhuintir chomh maith.

Cé nach bhfuil an clú céanna ar an draighin is atá ar an scéach, creidtear go mbíonn síoga ann l'aire a thabhairt dó chomh maith. Thig leo píonós a ghearradh ar dhuine ar bith a dhéanann dochar don chrann. Is iomaí duine a thug neamhaird ar na síoga céanna is tháinig droch-ádh orthu dá bharr.

Tá draíocht an chaorthainn luaite i gcuid de na scéalta fiannaíochta agus bhí cumhacht riamh aige i gcoinne an olcais. Baineadh úsáid as adhmad an chaorthainn le cuinneog a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní bheadh cailigh ná síoga abalta an t-im ná an blaithe a ghoid ná a thruailliú. Lena chois sin, baineadh úsáid as eachlasc déanta as caorthainn le capall fiain a smachtú. I measc na ndraoithe, bhí tábhacht iontach ag baint leis an chaorthainn le tuar agus tairngreacht a dhéanamh. Lasadh tine le hadhmad caorthainn le spioraid a mhúscailt agus cuireadh ceisteanna orthu. Bheadh ar na spioraid na ceisteanna a fhreagairt agus sméara caorthainn caite ar chraiceann tairbh.

Lena chois sin, ba ghnách leis na draoithe fadó dul a chodladh ar slataí caorthainn as siocair gur chreid siad go raibh bua na tairngreachta ann. Bhíodh siad abalta an tairngreacht a thuiscint trina brionglóidi a bhíodh acu. Tá pisreog eile ann i dtaobh an chaorthainn ná gur choinnigh daoine slat chaorthainn sa teach i gcónai toisc gur chreid siad go raibh cosaint ann leis an teach a choinneail slan ó gabhail trí thine.

Bhí daoine áirithe i measc na seanceilteach a thug ómós speisialta don choll. Ar an abhar sin tugadh `Mac Cuill' orthu. Deirtear gur draoithe a bhí i dteaghlaigh `Mac Cuill'. Leoga, creidtear riamh go raibh bua feasa le fáil sa chollchnó ach ní shílim go raibh an bua seo ar dhóigh ar bith inchurtha leis an bhradán feasa. Mar aon leis sin, ba chomhartha torthúlachta an collchnó díreach mar a bhí sa dearcán.

Tuigtear go gcónaíonn cailleach i ngach aon crann troim. Déanann sí iarracht daoine a mhealladh lena caora agus ansin cuirtear faoi smacht iad. Dá bhrí sin, caithfidh duine a bheith an-chúramach agus na caora a bhailiú aige le fíon a dhéanamh. Maise, ba cheart a bheith múinte don chrann agus cead a iarraidh na caora a bhaint agus roinnt mhaith a fhágáil don chailleach fein. Fiú agus an crann marbh, ní chóir dearmad a dhéanamh go bhfuil cailleach ann. Má dhéantar iarracht an t-adhmad a thabhairt isteach le caitheamh sa tine, tá sé chomh maith cuireadh is fáilte a chur roimh an dhiabhal sa teach. Thar rud ar bith eile, ní chóir iarracht dá laghad cliabhan a dhéanamh as an trom. Níl dúil ar bith sna cailigh seo i bpáistí agus déanann siad iarracht iad a ghortú nuair a bhfaigheann siad an seans. Deirtear go dtugann siad búilli úafasacha do phaistí ina gcliabhain nó go ndéanann siad a sheacht ndícheall iad a thachtadh fiú.

Ní shílfea go mbeadh an oiread sin cumhacht ag an saileach. Deirtear áfach, gurb í an t-aon crann amháin atá in ann siúl. Is é an rud a dhéanann sí na leanann sí taistealaithe i rith na hoíche agus filleann sí ar a fód dúchais roimh mhaidin.

Ós rud é go mbíonn an fhearnóg ag fás taobh l'uisce de ghnath, bíonn síoga uisce ag tabhairt aire dí i rith an ama. Tá na cumhachtaí céanna ag na síoga uisce is atá ag `Liam na Lasóigé. Is féidir leo daoine a chur ar strae taobh 1'uisce ar bith, iad a bhá agus a n-anamacha a ghoideadh fosta.

Tá lámh ban an-fhada ag an bheith. Má leagann sí a lámh ná a méar fiú ar chloigeann duine, cuireann sí an duine sin as a mheabhair. Má éiríonn léi croí duine a mhothú, tá bas láithreach i ndán don té sin.

De réir mar a thuigimse, ba ghnath de na draoithe úsáid a bhaint as an fhuinseog le bataí draíochta a dhéanamh toisc go raibh bua an leighis ann. Bhí nós ann fadó do phaistí a leigheas a raibh géaga laga acu. B'é an rud a rinneadh ná go gcuireadh an páiste lag trí fhuinseog scoilte. Ansin ceanglaíodh an crann le chéile arís. Dá n-éireodh leis an chrann fás i gceart arís, tiocfadh biseach iomlán ar an pháiste.

Deirtear go gcaithfidh duine úll amháin ar a laghad a fhágáil ar an chrann úill sa dóigh is go mbeidh fómhair maith ann an bhliain ina dhiaidh. Níl ach síog amháin ag an chrann úill agus má thugann duine aire dó beidh sé thar a bheith flaithiúil don duine sin. Bíonn úll nó dhó de dhith ag síog an chrainn, ar ndóigh.

Ní fhagann síog an chrann úill nuair a bhfaigheann an crann bas, ach fanann sé leis cibé. Chuala mé féin fan duine seo a ghearr seanchrann úll ag deireadh an naoú haoise déag. Nuair a bhí an crann gearrtha aige shuigh sé ar an adhmad lena phíopa a chaitheamh. Le sin, bhí síog beag le feiceail ós a chomhair agus é ag fiafraí dó cad é a bhí ar intinn aige a dhéanamh leis an adhmad. Dúirt mo dhuine leis go raibh sé ag gabhail an t-adhmad a dhó toisc gur seanchrann marbh a bhí ann. D'éirigh an síog beag iontach feargach nuair a chuala sé seo agus impigh sé ar mo dhuine gan a áit cónaí a dhó. Ní raibh barúil ag an duine cad é ar chóir dó a dhéanamh leis an adhmad agus d'fhiafraigh sé tuairim an sí. Tar éis machnamh beag a dhéanamh mhol sé do mo dhuine cliabhan deas a dhéanamh as agus go bhéarfadh sé aire dá chlann. Gan amhras, rinne mo dhuine amhlaidh agus tháinig rath ar a mhuintir dá bharr. Leoga. Tá an cliabhán céanna ag an teaghlach go fóill.

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News