Republican News · Thursday 21 December 2000

[An Phoblacht]

Pisreoga Nollag

Ar ndóigh, ní comhtharlú go dtiteann ceiliúradh breithlá Chríost ag an tréimhse céanna ina bhfuil grianstad an gheimhridh. Mar is eol dúinn, rinneadh iarracht seilbh a ghlacadh ar an fhéile mhór phágánachta.

Tuigimid go bhfuil na laethanta iontach gearr agus dorcha ag an am seo den bhliain. Dá bhrí sin, ní mór an t-ionadh é go raibh béim mhór curtha ar shoilse agus ar chrainn is plandaí fíorghlasa. Nach raibh comharthaí den bheatha de dhíth i ndorchadas an gheimhridh?

 

Níl amhras ar bith ann go bhfuil tionchar mhór ag an Chríostaíocht in úsáid an cuilinn mar chomhartha na Nollag. Deirtear gur chomhartha choróin na dealga na duilleoga féin agus go bhfuil íomhá fhuil Chríost le feiceáil ins sna caora féin.


Coinníodh coinnlí lasta i rith Oíche Nollag ar mhaithe l'ádh mór a bheith sa teach i rith na bliana. Sa lá atá inniú ann, tá gach uile baile in Éirinn lasta suas le soilse ildaite.

Ba ghnách do `mhummers' a bheith i mbun spraoi de gach sórt is drámaí ar spioraid na déithe a dhéanamh acu. Leoga, is drámaí faoi bhreithlá Chríost a léiritear inniú.

Mar is eol dúinn, is nós Gearmánach an Crann Nollag féin, agus b'é Prince Albert a phós Banríon Victoria a thug an traidisiúin ón Ghearmáin go Sasana leis i 1841.

Rinneadh troscadh Oíche Nollag féin agus muintir ag dúil go mór le béile ollmhór an lá dár gcionn. Drabhlas iomlán atá sa tréimhse ar fad na laetha seo.

Níl amhras ar bith ann go bhfuil tionchar mhór ag an Chríostaíocht in úsáid an cuilinn mar chomhartha na Nollag. Deirtear gur chomhartha choróin na dealga na duilleoga féin agus go bhfuil íomhá fhuil Chríost le feiceáil ins sna caora féin. Creidtear go fóill, áfach, nár chóir crann cuilinn a bhaint ina iomlán óir bhí fíor droch-ádh lena leithéid a dhéanamh.

San am céanna, bheadh ar dhaoine a bheith iontach curamach ag baint craobhacha gan an crann féin a ghortú. Ní chóir ach craobhacha a bhailiú ó chrann uair amháin gach trí bhliain. Bhí an oiread sin measa ag daoine nár dhóigh siad na craobhacha agus iad réidh leo. Ní bheadh siad sásta duilleog beag amháin a thit a dhó. Bhí nós eile cosanta ag daoine ná duilleog cuillinn a fhágáil i ngach aon seomra sa teach ar mhaithe le cosaint ón olc.

Creidtear go raibh drualus in úsáid fadó ag na draoithe agus leigheasanna de gach saghas le fáil uaidh. Cinnte, tá draíocht ar leith ag leighseanna de gach saghas le fáil uaidh. Cinnte, tá draoícht ar leith ag baint leis an phlanda seo a fhásann go hard i gcrainn dáracha go háirithe. Níor thuig an ghnáthdhuine cad é mar ab fhéidir dona leithéid fás gan fréamhacha sa talamh.

Nuair atá duilleoga an chrainn marbh thart air bíonn caora gealbhána le feiceáil thart ar a dhuilleoga fhíorghlasa. Ní chuireann sé iontas orainn gur comhartha an tsíorbheatha a bhí ann. Ní amháin gur chuir sé ruaig ar an olcas is gur chosain sé ainmhíthe, torthaí is barrthaí, ach bhí bua na torthúlachta ann leis. Chaitheadh bean a bhíodh ag dúil le bheith ag iompar giota drualuis thart ar a coim nó ar caol a láimhe. In áiteanna ar leith, bhíodh giota ar chrochadh sna tithe i rith na bliana. Nuair a bhíodh píosa nua crochta, bhíodh an seanghiota curtha sa talamh agus é céachta.

Cé go raibh tréithe firinscneach bainte leis an chuileann, glacadh leis an eidhneán mar choimhartha baininscneach. Creidtear go bhfuil leigheasanna ann do fhaithní is d'aicídí coise agus chreid na ceiltigh go raibh cosaint speisialta ann do na ba, a mbainne is a gcuid ime. Maise, tugadh eidhneán do bheithigh breoite agus deirtear go fóill gur chóir do bheithigh feirme béile eidhneáin a ithe gach Lá Nollag. Dá mbeadh na béilte seo ite acu, bheadh siad uilig slán don bhliain. Ar ndóigh, ba chóir eidhneán a choinneáil faoi smacht, gan ligint dó greim in uachtar a fháil ar chrann agus é a mharú.

Bhí pisreog áirithe ann duilleog eidhneáin a fhágáil i soitheach uisce sa teach thar thréimhse na Nollag agus féach air arís ag deireadh an ama sin:

1. Dá mbeadh an duilleog glas ar fad, bheadh an duine slán sábháilte don bhliain.

2. Dá mbeadh an duilleog breacaithe le spotaí dubha, bheadh aicídí ag mo dhuiner in áiteanna léirithe ar an duilleog féin.

3. Dá mbeadh an duilleog dreoite, bheadh an bás i ndán do mo dhuine.

B'fhéidir gurbh fhearr i bhfad gan fios a bheith agat!

AN DRAOI RUA


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News