Republican News · Thursday 07 December 2000

[An Phoblacht]

Is cosúil nach bhfuil tuiscint ná trua ag déagóirí do theifigh sa tír seo a insíonn an Draoi Rua dúinn.

Teifigh Tréigthe

 
Is cosúil go bhfuil déagóirí Bhaile Átha Cliath ar aon intinn leis an aire stáit. An bhfuil aois óg na tíre seo chomh faisisteach sin?
Feictear ar na mallaibh, gur bhrúigh an tAire Stáit John O'Donoghue dlíthe úra fríd an Dáil agus iad ag tabhairt cumhachtaí breise do na gardaí i mbun fiosrúcháin ar teifigh in Éirinn. Níl mórán measa ins sna dlíthe seo i gcearta na dteifeach agus gach cuma orthu nach bhfuil iontu ach dóigh leis an chóras a fhorbairt le ruaig a chur orthu ar fad.

Sa seachtain céanna is a tháinig an diansmacht seo i ndlíthe i dtaobh teifigh sa tír, leigh mé alt san Irish Times a scanraigh mé maidir le dearcadh déagóirí fúthu. Tuigtear as an mhéid atá le léamh go bhfuil tuairimí iontach coiméadach ina measc.

De réir an suirbhé a bhí déanta i mBaile Átha Cliath i measc daltaí idirbhliana i gceithre meánscoil, is cosúil nach bhfuil tuiscint ná trua ag déagóirí do theifigh atá in Éirinn fá láthair. B'í Anna Keogh a rinne an staidéar seo agus í ag nochtú tuairimí úafásacha aois óg na tíre.

Ar dtús, is léir ón tuairisc seo nach dtuigeann na déagóirí go mbeadh ar dhuine a t(h)ír d(h)úchais a fhágáil de thairbhe cúiseanna polaitiúla ná sóisialta. Creideann siad nach bhfuil brú ar bith i gceist ach go bhfuil rogha ag daoine a dtíortha féin a fhágáil agus teacht go hÉireann toisc go bhfuil an oiread sin saibhreas sa tír seo. Síleann siad más gá dóibh imeacht as a dtíortha féin, go bhfuil fáthanna cóiriúla leis.

Mar aon leis sin, má fheictear duine gorm gléasta go maith, tá na daltaí den bharúil go bhfuil sé/sí tógtha le cóiriúlacht go fóill nó go bhfuil caimiléireacht ar siúl leis na Roinn Sóisialta is Leasa. I ndáiríre, ceapann na scoláirí go bhfuil teifigh anseo ar mhaithe le mí-úsáid a bhaint as an chóras ar gach dóigh is féidir leo.

Deir daltaí go bhfuil siad buartha go mbeadh sé ar intinn ag teifigh cur fúthu in Éirinn toisc go gcreideann siad nach bhfuil cúrsaí eacnamaíochta seasmhach go leor agus go mbeadh sé ró-chostasach glacadh leo. Tá na déagóirí seo den tuairim nach bhfuil an spás sa tír do na teifigh agus go mbeidh `an fhadhb' níos measa nuair atá linbh úra ar an tsaol agus méadú sa daonra.

Níl tuiscint dá laghad léirithe ins sa tuairisc seo go dtiocfadh le teifigh cuidiú le forbairt ar bith sa tír. Ní thuigtear gur féidir foghlaim ó scoileanna agus ó thraidisiúin daoine eile. Ar an drochuair, a mhalairt atá fíor. Tá na déagóirí seo den tuairim go mbeidh tionchar ag teifigh ar chultur na tíre is go bhfuil ár bhféiniúlacht i mbaol dá bharr.

Fiú, nuair a ceistíodh iad faoi Éireannaigh ag gabháil thar sháile, is beag tuiscint a léirigh na daltaí i dtaobh na cúiseanna taobh thiar den imirce ná fán tionchar a bhí ag an mhuintir ar thíortha eile. Agus iad ag trácht ar Mheiriceá go háirithe, is cosúil go raibh na déagóirí den bharúil `gur oibrigh na hÉireannaigh' nó `gur chuidigh siad le tógáil na tíre'. Maise, níor thuig siad cén fáith a d'fhág ná cén tionchar a bhí acu ar an dhaonra dhúchasach thall.

Nuair a cuirtear tuairimí na ndaltaí seo i gcomhthéacs na dlíthe úra atá i ndiaidh teacht i bhfeidhm ón Aire John O'Donoghue, is scanrúil an cás é ar fad. Is cosúil go bhfuil déagóirí Bhaile Átha Cliath ar aon intinn leis an aire stáit. An bhfuil aois óg na tíre seo chomh faisisteach sin?

Mar aon leis na dlíthe diansmachta a tháinig i bhfeidhm, níl cead ag iriseoirí tagairt a dhéanamh do chásanna teifigh ar leith gan cead speisialta a fháil ón aire stáit. Thiocfadh leis an duine a bheith curtha chun báis dá gcuirfear ar ais é/í, ach níor mhaith leis an stát sna sé chontae is fiche aird a tharraingt ar cruachás dhaoine; b'fhearr leo an tír ar fad a ghlanadh de theifigh agus gan ligint do na meáin móran raic a thógáil ina gcoinne.

Sílim gur chóir ceisteanna a chur fá cad chuige a bhfuil tuairimí coiméadacha a léiriú ag aois óg na tíre. An é go bhfuil teipthe glan ag an chóras oideachais na níthe seo a theagasc? B'fhéidir go nglacann siad le bolscaireacht na teilifíse gan cheist? Nó seans nach bhfuil an cumas sin iontu gach rud a chloiseann siad a cheistiú? Níl na freagraí agam ach is léir go bhfuil neart le foghlaim ag na déagóirí céanna.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News