Republican News · Thursday 10 August 2000

Ó[An

Mair a chapaill is gheobhaidh tú féar!

Scaoileann an Draoi Rua le rúin capaill ach an gcuirfidh sé geall orthu?

 
Ní maith le lucht capaill bán de ghnáth óir creidtear go bhfuil drochádh leo. Nach capall bán a bhí ag Niamh Chinn Óir nuair a mheall sí Oisín go Tír na nÓg?
Tá an oiread sin trácht ar capaill na seachtaine seo agus Rásaí na Gaillimhe ar siúl gur chreid mé go mbeadh leithscéal agam féin tagairt a dhéanamh do bhéaloideas an ainmhí céanna.

Bhí clú agus cáil ar na Ceiltigh ar fud na hEorpa as mháistreacht ar chapaill. Ghlac na Rómhánaigh le dia chapall na gCeiltigh, Epona, mar íomhá cosanta dá saighdiúirí capaill féin.

In Éirinn, cé gur bandia talaimh atá i Macha is cinnte go bhfuil tréithe de chumhachta dhia na gcapall inti ar fad. De réir an tseanchais, bhí Macha pósta ar fheirmeoir Ultach darbh ainm Crunn. Tharla go raibh dualgas ar Chrunn freastal ar chruinniú na n-Ultach agus í trom, ag iompar clainne. Bhí rásaí capaill ar siúl ag an chruinniú seo agus bhuaigh capaill Chonchúir Mhic Neasa gach uile rás. Dúirt Crunn dá chomrádaí gur chreid sé féin go mbeadh a bhean chéile Macha níos gaiste ná capaill Chonchúir.

Níorbh fhada gur chuala Cochúr an ráiteas seo agus ghabhadh Crunn ar an toirt agus cuireadh gaiscigh amuigh le Macha a thabhairt chuige. Chuir Conchúr brú ar Mhacha rás a dhéanamh lena chapaill. Dhiúltaigh sí agus í a rá go raibh sí ag iompar. Níor tugadh rogha di óir dúirt Conchúr go gcuirfeadh sé Crunn chun báis muna rithfeadh sí. DÕéirigh le Macha sa rás ach thit sí i laige láithreach agus rug sí cúpla. Ansin, chuir sí mallacht ar na Ultaigh a rá go mbeadh na pianta céanna orthu agus iad i gcruachás. Fuair Macha bás díreach agus an mallacht curtha aici. Creidtear gur tháinig an tuar faoin tairngreacht agus na hUltaigh i gcruachás nuair a bhí arm Mhéabha ag teacht lena n-ionsaí le linn eachtraí ``Táin Bó ChuailgneÕ.

Leoga, feictear go raibh capall dílis ag gach laochra Ceileach agus gan naomh in Éirinn beagnach. Tugadh `Macha LiathÕ ar chapall a bhí ag Cúchulainn fiú.

Tá a lán daoine den tuairim go bhfuil tréithe daonna ag capaill agus gur chóir labhairt leo mar a bheadh daoine daonna iontu. Cinnte, tá scéal béaloideasa ón Bhíoblá a dhéanamh iarracht a leithéid a mhíniú. Nuair a bhí Noah ag ullmhú na hainmhíthe le gabháil isteach san Airc, thosaigh sé ag cur fearthainne sula raibh seans aige a chinntiú go raibh beirt de gach saghas ar bord. Le linn an Díle, tugadh faoi deara go raibh láir aige ach nach bhfuil stail leo. Thuig Noah tábhacht na gcapall don chine daonna agus dÕiarr sé ar dhuine dá mhac jab na staile a dhéanamh. Ní mór an t-ionadh é mar sin go mbeadh tréithe daonna ag capall.

Tuigtear go bhfuil tréithe ósnádúrtha ag capaill chomh maith óir is féidir leo teagmháil a dhéanamh le spioraid i ríocht na marbh. Is minic a stadann capall ag áit áirithe amháin gan fáth. De ghnáth is taibhse is cúis leis an stopadh tobann seo. Feiceann capaill níthe ar leith nach bhfuil le feiceáil ag daoine daonna. Deirtear áfach, nuair a stopann capall gur féidir don mharcach an taibhse a aimsiú má amharcann sé díreach os a chomhair idir dhá chluas an chapaill.

Ar ndóigh, tarlaíonn sé anois is arís go dtugann púcaí cruthanna capaill le daoine a chur ar mire. Is é an rud a dhéanann an púca ná rith idir dhá chos duine ar a b(h)ealach abhaile agus é/í a thabhairt ar shiúl leis ar feadh na hoíche. Is é seo caitheamh aimsire na bpúcaí agus iad ag cur daoine as a meabhair. Níos measa ná sin ná go mbaineann síoga locha úsáid as chruth capaill le daoine a thabhairt ar shiúl agus iad a bhá leis.

Tá scéal béaloideasa ann a chuireann síos ar capall a tháinig as loch. Tharla go bhfaca iascaire an capall ag teacht i dtír agus gur rug sé air. BÕiontach an capaill oibre é agus shaothraigh an t-iascaire neart airgid as dá thairbhe. Lá amháin, thug sé scúise don chapall gan fáth agus dÕfhill an capall ar an loch. De réir seanchaithe áirithe thángthas ar chorp an iascaire i bpíosaí sa loch céanna.

Gan amhras, cuireann na síoga spéis i gcapaill agus déanann said iarracht cinn maithe a thabhairt leo. Dá bhrí sin, cuirtear craobhóga/cipíní coill nó ríbín dearg thart ar an chapall lena chosaint ó dhraíocht na síoga. Leoga, deirtear go dtig le capall ruaig a chur ar an síoga nuair a ligeann sé le sraoth. Cé go ndéantar gach uile saghas rud le capaill a chosaint, éiríonn leis na síoga iad a thabhairt leo uairanta i ndoimhneas na hoíche. Is é an t-aon comhartha dena ngníomhartha a fhágann na síoga ina ndiaidh ná go mbíonn an capaill ag barcadh allais nuair a thagtar orthu go luath ar maidin.

Mar aon leis sin, bíonn capaill in úsáid ag síoga le linn a gcuid sochraidí. Tá scéal clúiteach ann fá bhean óg a fuair bás go tobann agus a tháinig ar ais le scéal a inse dá fear chéile. Dúirt sí leis go mbeadh na síoga lena anam a thabhairt leo agus go mbeadh sí le feiceáil ar dhroim capaill liatha. DÕfhan an fear uirthi agus chonaic sé neart do mhuintir mharbh na háite ag gabháil thart air ach chomh luath agus a chonaic sé a bhean chéile léim sé ina treo ach dÕimigh gach uile rud as radharc láithreach is fágadh mo dhuine leis féin.

Leoga, sula raibh gluaisteáin chomh flúirseach sin, bhíodh capaill in úsáid go railta ag sochraidí. Níor ligeadh riamh do láir a bhíodh trom ag iompar searraigh gabháil in aice leis an chorpán ar chor ar bith.

Nuair a bhí muintir na tíre ag iarraidh Ardrí na hÉireann a roghnú, bhí ar gach iarrthóir taisteal i gcarbhad tarraingthe ag dhá chapall ar a raibh an dáth céanna orthu. Chomh luath agus a tháinig an duine cóir a fhad leis na Lia Fáil, lig na seanchloch ársa scread as le cur in iúl do phobal na tíre ag raibh Ardrí roghnaithe dóibh.

Tá pisreoga éagsúla i dtaobh capaill fosta. Tá ádh ag baint lena mbróga mar is eol dúinn uilig ach is maith le daoine áirithe greim daingean a choinneáil ar adhastar capaill nuair a dhíoltar é ar mhaithe le rath éigin dóibh féin. Nuair a bhíodh síolta le cur i bpáirc, ba mhinic a mbeadh ar chapall siúl thar cuid de na síolta toisc gur chreideadh go mbeadh fás iontach orthu dá bharr.

Tá daoine pisreogach go leor fá dháthanna capaill go fóill. Ní maith le lucht capaill bán de ghnáth óir creidtear go bhfuil drochádh leo. Nach capall bán a bhí ag Niamh Chinn Óir nuair a mheall sí Oisín go Tír na nÓg? Is dócha, áfach, nár mhothaigh Oisín an drochádh leis go dtí gur fhill sé ar Éirinn. Mar aon leis sin, ní comhartha maith é ceithre chos bán a fheiceáil ar chapall óir de ghnáth is deacair a leithéid a dhíol. Caithfidh a rá go bhfuil ádh mór ag baint leis an dáth bán nuair atá spóta beag bán le feiceáil ar éadan chapaill.

Deir seanchaithe linn gur cheart na tréithe seo a leanas a bheith ag chapall mhaith:

1. Trí thréithe thairbh: siúlóid misniúil, muineál láidir agus éadan crua.

2. Trí thréithe ghiorria: súl géar, cluas cruinn agus ar luas lasrach.

3. Trí thréithe mhná: brollach leathan, coim caol agus droim gairid.

Cinnte, tá daoine áirithe a bhfuil `bua na gcapallÕ acu agus a thuigeann na tréithe éagsúla atá acu. Deirtear go bhfuil tuiscint ar leith acu ar na bolaidh difriúla a théann i bhfeidhm orthu agus an dóigh lena n-úsáid. Dá bhrí sin, is féidir leo capaill a smachtú, a shuaimhniú nó a spreagadh de réir mar is mian leo. Creidtear gur choinnigh a lán marcaigh ábhair bhéal searraigh nua-bheirthe agus gur iontach a leithéid le suaimhneas a thabhairt do chapall ar bith. Maise, ní scaoileadh marcach ar bith leis na nósanna seo agus dúradh i gcónaí gur luaigh siad focal rúnda i gcluas an chapaill lena shuaimhniú. Seá, bhí duine chomh iontach sin gur éirigh leis capall a chur ar a dhroim, a cheithre chos sínte díreach in airde agus gloiní lán dÕuisce beatha a fhágáil slán ar gach chos. Leoga, ba dochreidte an tionchar a bhí ag an fhocal rúnda sin.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News