Republican News · Thursday 27 April 2000

[An Phoblacht]

Croí Cáidheach an Chaipitleachais

Caithfidh a admháil nach minic a bhfuil poncánaigh le feiceáil amuigh ar an sráideanna. Leoga, ní bheadh mórán dóchais agam féin sa chóras pholaitiúil thall ansin agus dhá thaobh den eite dheis le sonrú sa Pháirtí Daonlathach agus an Pháirtí Phoblachtanach.

Gan amhras, thug sé ábhar mhisnigh dom an oiread sin daoine a fheiceáil i mbun agóidí i gcoinne pholasaithe Banc na Cruinne agus an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta.

Bhí agóidí síochánta eagraithe ag grúpaí áirithe agus níor tugadh cúis achrainn do na péas in am ar bith. Cibé ar bith, baineadh úsáid as gás agus ionsaíodh lucht agóide le lámh láidir chomh maith. Creidtear go raibh suas le míle go leath daoine gafa ag na péas i Washington ach ní dhearna troid ó lucht agóide i gcás ar bith.

De réir mar a thuigtear, bhí na péas ag ullmhú le haghaidh na n-agóidí seo i Washington le tamall anuas agus caitheadh $1 milliúin ar clogaidh nua agus éadaí cosanta nua go háirithe don ócaid. Ní amháin sin ach bhí cumhacht ag an seirbhís slándála speisialta cur isteach ar na mórshiúlta le linn na cruinnithe seo ag Banc na Cruinne agus ag an Chiste Airgeadais Idirnáisiúnta.

Muna raibh ach mórshiúlta agus agóidí síochánta eagraithe, cén fáth mar sin a raibh na péas chomh trom sin ar na daoine seo? Bhuel, mar is eol dúinn go maith sa taobh seo den domhan, nuair nach n-aontaíonn an stát leis an mhéid atá le rá ag daoine, is fearr leo an lámh láidir a úsáid. Dá bhrí sin, bhí pictiúirí Washington na seachtaine seo chuaigh thart an-chosúil le heachtraí an Bhóthar Ormeau nó Bóthar Garbh Achaidh.

Is iad na rialtais is saibhre ar an domhan ná na Stáit Aontaithe, Ceanada, an tSéapán, an Bhreatain, an Ghearmáin, an Fhranc agus an Iodáil atá i gceannas ar Bhanc na Cruinne agus ar an Chiste Airgeadais Idirnáisiunta.

Cén dochar atá déanta ag Bhanc na Cruinne agus ag an Chiste Airgeadais Idirnáisiúnta? Go simplí, thiocfadh linn an locht a chur orthu as bhochtanas sa domhan agus as gortaí ag tarlú ann go fóill. Is trí pholasaithe s'acusan a bhfuil tíortha an Tríú Domhan faoi dhiansmacht acu ar fad. Leoga, nuair atá na milliúin punt ag gabháil chun na Etóipe ó ghrúpaí charthannachta ar fud na cruinne agus iad ag iarraidh cúidú éigin a thabhairt do muintir na tíre sin, tá Banc na Cruinne agus an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta ag iarraidh na mílte milliúin punt a tharraingt astu ag an am céanna. Mar sin de, ní bheidh seans choíche ag a leithéid de thíortha na hAfraice éirí as an bhochtanas nuair a ligtear dóibh a bheith faoi órdóg na institiúidí ollchumhachtacha seo. Maise, is féidir leo na rialacha a leagadh síos de réir mar is mian leo.

Ní amháin gurb iad Banc na Cruinne agus an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta is cúis le fiacha ollmhóra an Tríú Domhan ach chruthaigh siad drochhoinníollacha oibre i gcuid mhór monarcháin ar fud na cruinne fosta agus iad ag ligint do fhostóirí a rogha rudaí a dhéanamh ar mhaithe le brabús a dhéanamh. Leoga, níor chuireadh smacht riamh ar fhostóirí éagsúla agus ligeadh dóibh leanstan ar aghaidh ar déanamh airgid.

Mar son leis an mhéid thusasluithe, is féidir Banc na Cruinne agus an Ciste Airgeadais Idirnáisiunta a lochtú as truailliú millteanach don timpeallacht. Rinneadh ` forbairtí' áirithe ag baint úsáid as achmhainní nádúrtha an domhain agus neamhaird tugtha don tionchar ar an dúlra. B'í an príomhchuspóir a bhí ag na institiúidí idirnáisiúnta seo ná airgead a dhéanamh, ba chuma cén dochar a dhéanfadh siad. Nach é sin príomhaidhm an caipitleachais fosta?

Faoi dheireadh, tá seasamh a dhéanamh ag daoine i gcoinne pholasaithe lofa an chaipitleachais. Cé go bhfuil siad ag déanamh seo go síochánta is léir go bhfuil eagla ag ollchumhtachtaí na cruinne sa mhéid is atá le rá acu: Ba chóir deireadh a chur le fiacha an Tríú Domhan, Banc na Cruinne a chur as feidhm agus an t-airgead a ghlacadh ón Chiste Airgeadais Idirnáisiúnta. Dá n-éireodh linn an héilimh sin a fháil, bheadh tús mhaith curtha le fadhbanna an domhain a réiteach, nach mbeadh?

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News