Republican News · Thursday 13 April 2000

[An Phoblacht]

Éiríonn cinsireacht a cheann ghránna sna áiteanna is aistí agus an tseachtain seo scrúdaíonn an Draoi Rua an sampla is déanaí de chosc ar shaorchaint an phobail.

Ardeaspag na Míchomhairle

Dá mbeadh `tráth na gceist' ar siúl nó á réachtáil ag duine, bheadh sé suimiúil fáil amach cá mhéad duine a mbeadh ábalta Ardeaspag na hÉireann a ainmniú. Is é Seán Ó Bradaigh an tArdeaspag ar ndóigh, ach ní thiocfadh le duine ar bith a rá go bhfuil clú agus cáil air. Bhuel, ní bhíonn an oiread sin le rá aige, go háirithe nuair a cuirtear é i gcomparáid leis na daoine a bhí ann roimhe.

Bhí an Cairdineál Cathal Ó Dalaigh le cluinstin agus le feiceáil ar an nuacht beagnach achan oíche. Caithfidh mé féin a adhmháil, áfach, nár chuala mé nó nach gcuimhním ráiteasaí ón Ardeaspag Ó Bradaigh a chluinstin.

Bhuel, `bhí go maith is ní raibh go holc...' mar a déarfadh an seanchaí, go dtí coicís ó shin.

Chuir an tArdeaspag Ó Bradaigh litreacha amach chuig na sagairt ina dheoise féin ag tabhairt ordaithe dóibh gan cead a thabhairt don gnáthphobal labhairt i seipeál ag Aifreann sochraide. B'é an moladh a bhí uaidh ná gur chóir don ghnáthmhuintir a leithéid a dhéanamh agus iad sa reilig nó bailithe l'aghaidh béile in óstán éigin a ndiaidh gach rud eile. Maise, ní féidir a bheith ag brath ar aimsir mhaith i reiligí na hEireann agus níl cumas ag gach teaghlach freastal ar óstán ach oiread. Dá bhrí sin, tuigtear cad chuige a mbíonn ar dhaoine áirithe ag iarraidh labhairt fán mharbhán sa tséipeál féin. Ar ndóigh, brathann sé seo ar na cairde is ar na gaolta óir níorbh é go bhfuil gach duine cleachtaithe le bheith ag labhairt go poiblí ná ag iarraidh óráid a chluinstin.

Creideann an tArdeaspag Ó Bradaigh go gcuirtear isteach ar naofacht na Liotúirge I gcásanna éagsúla nuair a labhrann gnáthmhuintir fán duine mharbh. Mar a luaigh mé cheana, brathann sé ar na daoine i gceist ach ba cheart go mbeadh sagairt ag freastal ar riachtanais na ndaoine cibé rud atá siad ag iarraidh a shocrú don duine bocht atá marbh. Níorbh é go mbíonn fonn ar dhaoine gabháil glan ar mire ar sochráid in am ar bith agus ní

creidim go mbeadh naofacht na Liotúirge i mbaol in aon chor.

Cinnte, má tá fonn ar dhuine labhairt go pearsanta fána athair, fána mháthair, fána mhac, fána iníon nó fá chara nó fá ghaol éigin ag sochráid, is dócha gur sa séipéal ar an áit is fearr a leithéid a dhéanamh nuair atá cluas l'éisteacht ag gach duine I láthair. Chomh maith leis sin, thiocfadh leat a bheith cinnte go mbeadh léargas ar leith ag cainteoir ar an chorpán sa chónra os a chomhair. Leoga, ní bhíonn aithne ag an sagart ar an mharbhán i gcónaí rud a chuireann náire ag ghaolta is ar chairde go minic.

``Is binn béal ina thost,'' a deir an seanfhocal agus gach seans go bhfuil an tArdeaspag Ó Bradaigh ag smaointiú gur chóir dó fanacht ina thost ar feadh tréimhse eile. Ní dóigh liom go mbíonn mórán daoine ag iarraidh seasamh sa chrannóg agus óráid a thabhairt ach déarfainn nach maith le duine ar bith glacadh le cosc eaglasta ach oiread. Ba cheart go mbeadh an rogha sin ag na daoine féin.

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News