Republican News · Thursday 06 April 2000

[An Phoblacht]

Tá ciníochas oscailte ag fás in Éirinn chomh scioptha agus atá líon na ndídeanaithe, dteifeach agus inimirceach ag dul i méad. Ach ní i gcónaí a bhíonn ciníochas ann mar rud d'aon ghnó. Uaireanta is de thaisme nó i ngan fhios a léirítear an mothúchán nimhneach. Agus, i mbealach amháin, is measa sin ná an ciníochas oscailte.

Ciníoch de Thaisme

Diaidh ar dhiaidh tá an tuiscint ag teacht i dtír ar dhaoine go bhfuil dualgas orainn ár gcuid a dhéanamh faoi fhadhb na ndídeanaithe in san Eoraip. Comhaimsiriúil le teacht na tuisceana sin, tá an tír féin ag athrú, go scioptha agus go ró-scioptha dár le go leor leor daoine, ó thír aonphobal go dtír iolphobal, ó aonchine go hiolchine. Cuireann sé sin imní ar roinnt mhaith daoine - ina measc sin ní mór a admháil, daoine nach bhfuil ciníochas mar fhealsúnacht nó creideamh acu, ach a bhfuil imní orthu go mbeidh déantús na tíre seo chomh athraithe sin nach n-aithneofar an tseanÉire a thuilleadh.

`Seo an cineal duine a ghlaonn isteach ar chláracha raidio ag oscailt a gcuid buairimh os comhair an náisiúin, a deireann, mar shampla, go bhfuil inimircigh agus dídeanaithe ag obair go fóirleathan in ostáin agus bialanna na tíre seo agus mar gheall ar sin go bhfuil an `fháilte thraidisiúnta Éireannach' ag dul as faisean. Ní féidir, dar leo, an `dreacht' nó `íomha' Éireannach a bhuanú mura bhfuil Éireannaigh ag obair sa tionscadal turasóireacht agus, dar leis an smaoineamh seo, tagann roinnt mhaith turasóirí inár dtreo gach bliain chun an fháilte Éireannach sin a mhothú. Má thagann turasóir den tsort seo go hÉirinn, bíonn sé ag súil le cáilín óg `Éireannach' (bán, folt rua, mionghaire draíochta agus an friotal dúchasach ar a beola) chun fáilte a chuir roimhe.

Má a cuirtear ceist ar daoine le tuairimí mar seo, nach mbeadh cáilín nó leaid óg ón Afraic nó an Romain nó tír /reigiún eile in ann fáilte chroíúil a chuir roimh turasóir freagraíonn siad go réasúnta le míniú nach bhfuil siad ciníoch ar chor ar bith: nach ceist `chroíúlachta' atá ann ach rud atá níos doimhne ná sin, an dtuigeann tú. Is ceist, cén chaoi a chuirimid í, is ceist íomha í.

Ach níl ann ach ciníochas de thaisme, ciníochas atá ag brath ar dhath an duine agus ní féidir an geal a chur ina dhubh ar sin.

Le déanaí, d'fhógair Cumann Lucht Tráchtála i nGaillimh postanna sa tionscadal turasóireachta ar shuíomh idirlíne i dTalamh an Éisc. Mar a tharlaíonn sé, ní talamh an éisc a thuilleamh, Talamh an Éisc má a thuigeann tú mé nó tá an tóin ina dhiaidh titim as an tionscadal iascóireachta agus mar thoradh ar sin tá an geilleagar thall i bponc. Dá bhrí sin, tháinig breis agus 700 iarratas ar ais ó lucht Thalamh an Éisc ag lorg postanna agus i mbliana beidh fostaíocht ann do 400 duine ón tír sin, cuid mhaith acu i bpostanna samhraidh, cuid eile i bpostanna conartha agus cuid eile fós i bpostanna fadtéarmacha. `Sé sin le rá, postanna i nGaillimh. Agus mar a mhíníonn Cumann Lucht Tráchtála na Cathrach, tá géarghá oibrí in Éirinn agus an iomarca dífhostaithe i dTalamh an Éisc mar sin cad chuige nach mbeadh fáilte rompu anseo don tionscadal turasóireacht. Agus tá siad bán.

Le seachtain anois tá caint ann foi na `flotels' seo atá á mbeartú do Port Láirge. Ostán ar bhá, ach má's fíor don na heolaithe faoi seo ní bheidh ann ach saghas El Rawdah, Argenta, nó Maidstone do dhídeanaithe. Ní thógfadh sé fáidh bheith in ann buille fa' thuairim a dhéanamh gur dhídeanaithe gorma, oirthearacha agus le craiceann dorcha a cuirfear orthu. Nach uafasach an scéal é go bhfuil na hostáin agus an tionscadail turasóireachta ag cuartú an domhain ag iarraidh lucht oibre fad a's go mbeidh dídeanaithe den chine mhí cheart faoi ghlas ar ostán ar bá, agus gan de leithscéal ag an tionscadail ach nach mbeadh na cimí seo in inmhe `Fáilte Uí Cheallaigh' ceart a thabhairt do thurasóirí.

`Sea, tá tuiscint ag teacht ar an tír go gcaithfidh muid ár gcuid a dhéanamh faoi fhadhb na ndídeanaithe. Nach trua gur i dtreo braighdeanas agus scaradh amach as an pobal atá na cumhachtaí ag bogadh in áit a bheith ag bogadh i dtreo oscailteachta agus comhtháthaithe?


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News