Tea TG4 anabhrodúil as a sceideal nua - ach níl an Draoi Rua chomh cinnte sin faoin clár go dtí seo...
Rogha TnaG nó Togha TG4?
Bhuel , tá TnaG bunaithe roinnt blianta anois agus ag seasamh an fhóid go fóill. Tugtar fá deara go bhfuil ainm stáisiún theilifis na nGael athruithe anois go TG4 . Is dócha gurb é an fáth is mó a bhí taobh thiar den athrú seo ná gur mhaith le lucht bhainistíocht an stáisiúin a chur in iú1 do lucht fógraíochta gurbiad an ceathrú chomhlacht teilifíse sa tír a bhfuil lucht féachána measartha mór acu dá bharr.
Ar ndóigh , is é an cúspóir is mó atá ag lucht bainistíochta ná brábús a dhéanamh l'airgid a bhailiú ó na dreamanna fógraíochta. Maith go leor , tuigtear nach dtig leo dul chun dun a dhéanamh ar dheontaisí an stáit amháin ach creidim uaireanta go mbíonn siad ag craoladh cláracha ar mhaithe le lucht fógraíochta in ionad lucht féachána.
Tá claonadh againn mar Gaeil gan mórán gearáin a dhéanamh faoi chomhlacht teilifíse s'againne toisc gur ndeirtear linn go minic gur chóir dúinn a bheith buíoch go bhfuil a leithéid de rud againn agus stáisiún teilifíse. Leoga , sin an argóint a bhí le cluinstin ó naimhde na Gaeilge ná go raibh barraíocht airgid i gceist le TnaG a bhunadh agus imni orthu go mbeadh a thuilleadh cáin teilifíse le híoc acu . Caithfear a rá , áfach nach pribhléid é ach ceart dúinn stáisiún teilifíse a bheith againn agus bhí muid ag fanacht ró-fhada an ceart céanna a bhaint amach . Admhaím nach bhfuil an stáisiún ach óg go fóill ach sa dóigh céanna is nach mbíonn saoi gan locht níl TG4 gan locht ach oiread.
Tá le feiceáil anois go mbíonn TG4 ag craoladh idir seacht agus ocht n-uair a' cloig gach lá sa seachtain. Ní bheadh spéis agam an oiread sin ama a chur amú ag amharc ar theilifís agus caithfidh mé a rá nach raibh mé meallta ag cláracha a bhí acu le tamall anuas. Fá dheireadh , tá cláracha úrnua á thaispeáint acu ón 27 Meán Fhómhair.
Cé go bhfuil suas le ocht n-uair a' cloig acha'n lá craolta ag TG4 agus lucht bainistíochta ag iarraidh lucht feachána rialta a mhealladh ar mhaithe le lucht fógraíochta a shásamh , caithfidh mé an cheist a chur cad is fiú an oiread sin ama craolta má's ráiméis tromlach atá le feiceáil ar scaileán . Dúirt `Eoghaiinín na n-Éan' liom ar na mallaibh nach bhfuil sé scríofa in aon áit sa dreachtú faoinar bunaíodh TG4 go gcaithfidh siad craoladh i nGaelige. Is léir nach bhfuil polasaí acu in éadan an Bhéarla agus cluintear neart Béarla ar cláracha is ar scánnáin éagsúla.
Níor chuala mé lucht leanúna spóirt ag gearán fá TG4 riamh óir tá freastal iontach ar an dream seo. Ní amháin go mbíonn cluichí móra agus áitiúla de Chumann Lúthcléas Gael craolta ach bíonn neart sacair, cispheile agus eile ar thaispeáint fosta.
Ní miste liom a rá nach gcuireann sé isteach orm corrchlár a fheiceáil craolta arís ach le déanaí is dócha go raibh tromlach na cláracha craolta cheana féin. Ní amháin go mbíonn cláracha éagsúla athcraolta ag deireadh na seachtaine ach creidim go ndeachaigh TG4 thar fóir ar fad le sraitheanna cláracha ceoil a athcraoladh chomh maith. Anois, ní mórán de spreagadh é amharc ar chlár athcraolta arís ` s arís eile.
Tuigtear go bhfuil sé ibhfad níos saoire fuaimrian a chur le cláracha éagsúla ná cláracha úrnua a dhéanamh ach creidim gur cur amú airgid é fuaimrian a chur le ráiméis. Ráiméis a bhí ins sna cláracha seo sa chéad teanga agus ráiméis atá iontu i nGaellge fosta . Tá mé ag trácht anseo ar a leithéid de `Gairm na Cúrte' agus `Power Rangers'. Ní amháin sin ach creidim nar chóir clár mar `Power Rangers' a thaispeáint do pháistí ar chor ar bith . Tá an oiread sin troid is foréigeán sa chlár go gcuireann sé fonn troda ar na páisti féin agus tosaíoun siad ag déanamh aithris ar na laochra éagsúla agus iad den bharúil go bhfuil cumhachtai ósnádúrtha acu féin.
Ní fear mór sobaldhráma mé ná ní dhéarfainn gur de lucht leanúna `Ros na Rún' mé ach oiread. Chuir scéal i `bhFoinse' a léigh mé ag deireadh na seachtaine déistín iomlán orm . De réir an ailt áirithe seo bhí muintir scripte `Dallas' agus `Knots Landing' ag tabhairt comhairle do scríbhneoirí `Ros na Rún' maidir le forbairt scripteanna . B'fhéidir gur chuir sé iontas ar chuid de na screibhneoirí go dtiocfadh cosúlachtaí a fheiceáil idir Tadhg Ó Direáin agus JR Ewing ach ní chreidim go mbeidh dul chun chinn déanta I `Ros na Rún' dá bharr . Bíonn suíomh bréagach ag achan sobaldhráma agus, mo leán , níl éisceacht le feiceáil I `Ros na Rún'. Tá mé den bharúil gur chóir do scríobhaithe an chláir a bheith ag diriú a n-aird ar chúrsaí reatha na tíre seo idir cúrsaí talmhaíochta , timpeallachta , iascaireachta agus polaitíochta agus gan ligint dóibh féin a bheith faoi thionchar impiriúlachas cultúir ar fad.
Nuair a tugadh TG4 ar TnaG don chéad uair cúpla seachtaine ó shin tugadh gealltannas do pháisti faoi chúig bhliain d'aois go mbeadh freastal níos fearr orthu. Dúradh leo go mbeadh sceideal ar leith craolta achan lá ar a son. Ba cheart go mbeadh lucht stiúrtha an stáisiúin ag díriú ar an aoisghrúpa seo ó bunaíodh TnaG ach tá siad ag fanacht ar an sceideal seo go fóill . Cinnte , bainfeadh naíonra agus bunscoileanna lán táirbhe as a leithéid.
Mar a luaigh mé cheana thosaigh TG4 ag craoladh roinnt sraitheanna úra an seachtain seo. Cuirim fáilte roimh an fhorbairt seo agus guím gach rath ar na sraitheanna céanna. Feictear go bhfuil cláracha seachtainiúil dírithe ar cheol , ar chúrsaí reatha , ar shiamsaíocht, ar fhaisnéis Gaeltachta , ar dhúlra is ar chúrsaí gharraíodóireachta.
Gan amhras, tá caighdeán maith cláracha de dhíth ag TG4 le lucht féachána rialta a mhealladh. Is léir go ndéanann siad iarracht gach uile duine in Éirinn a shásamh . Is cuma, áfach, cá mhéad uair a cloig atá craolta acu , muna bhfuil an caighdeáu sásúil sna cláracha ní bheadh lucht feeachána deilis acu. Lena chois sin , nach mbeadh sé maith dá dtiocfadh linn a thuilleadh scannáin i nGaeilge a fheiceáil - agus iad déanta ar chaighdeán mhaith, ar ndóigh.
Draoi Rua
`The name of the state is Éire, or in the English language, Ireland and on the internet .ie'. Machnaíonn Eoghan Mac Cormaic ar an cheist `an bhfuil leasú eile de dhíth ag an Bhunreacht?'
Lúb ar lár i líne Eircom
Má a caitheadh an iomarca airgid ar athrú ainm TnaG go TG4 le déanaí (féach An Draoi Rua), nár caitheadh níos mó fós ag Telecom Éireann nuair a tugadh Eircom ar an tsaol, mí ó shin. Comhlacht agus logo nua don mhílaois nua mar a dúirt comradaí liom agus mé ag cáineadh an £6M a chaith Telecom ar an tsuaitheantas nua. Ní hé go raibh éad orm fa'n dream a fuair an £6M chomh éascaí sin ach shíl mé - mar a sílim i gcónaí - gur chur amú airgid a bhí ann, agus airgead, na déanaimis dearmad air seo, a íocann muid go léir as tríd na táillí gutháin gach ré mí.
Bhí mé sásta an cur amú sin a mhaitheadh, ar ndóigh, fad a's go raibh an seirbhís féin le feabhsú, nó le fágáil ar a laghad, mar a bhí. Níor fágadh. D'athraith Telecom Éireann ní amháin ainm na comhlachta ach an seoladh idirlíne a bhí ag an comhlacht chomh maith agus dá bhrí sin na seoltaí e-phost atá ag na custaiméirí go léir ó d'ainm@tinet.ie go dtí d'ainm@eircom.com.
Chaill mé mo sheoladh gan duine ar bith acu ceist a chur orm ach, níos measa ná an seoladh a athrú, athraíodh ainm an `domain' ó .ie go dtí .com chomh maith.
Fuair mé litir ó Eircom ag insint domh faoin athrú agus iad ag comhairliú domh go mbeadh bliain againn sula cuirfí deireadh iomlán le `tinet.ie' ach gur fearrda domh feidhm a bhaint as an leagan nua `eircom.com' feasta.
Caidé an difir, deirfidh tú, idir .com agus .ie? Bhuel, i dtéarmaí ríomhaireachta idirnáisiúnta is mór an difir. Seoladh comhlachta é an .com ach seoladh tíre é an .ie sin a bhaineas le hÉireann amháin. Cuimhneoidh léitheoirí an cholúin seo an bua amór a ghnóthaigh an feachtas East Timor bliain go leith ó shin nuair a chláraigh siad ainm domain nua do chríocha Tiomór Thoir `.tp'. (Timor Portuegese) Feasta ní bheadh orthu seoladh Indinéise a úsáid agus mar a mhól muid ag an am, bhí siad saor agus neamhspleách ar an idirlín dá bharr, fiú mura mbeadh bliain nó dó eile rompú sula mbeadh deireadh le riail Jakarta.
Go hidirnáisiúnta, aithnítear .ie mar ainm na tíre seo (nó an 26 chontae de ar a laghad). Is dócha go dtagann sé as meascan de Ireland/eEire nó mar a deir an Bunreacht: `The name of the state is Éire, or in the English language, Ireland' . Cé fios nach mbeidh orainn, amach anseo, leasú a chur leis an Bhunreacht go léifidh sé:
`The name of the state is Éire, or in the English language, Ireland and on the internet .ie'
Ó thuaidh tá fadhb ag go leor leor daoine go bhfuil orthu .uk a chur lena seoltaí idirlíne. Uaireanta tá fuascailt as seo tríd clárú le comhlachtaí príobháideacha mar @hotmail.com nó @compuserve.com mar shampla. Ach ó dheas, faoi stiúr comhlacht leathstat bheifea ag súil agus ag dual go mbeadh `.ie' riachtanach mar sheoladh ionas go n-aithneofaí é feasta mar thógraí Éireannach. Nuair a bhain Telecom .ie as ár seoltaí laghdaigh siad ár seasamh i súile an domhain, dár bhfágáil mar custaiméirí le .com in ionad saoránaigh .ie.
Bliain ó shin, d'fhoilsigh nuachtán tuairisc go raibh an rialtas ag iarraidh go mbeadh seoladh ephost ag gach Éireannach amach anseo. Tá an teicneolaíocht ann agus níl aon dabht ná go bhfuil líon na ndaoine ag baint triall as an ephost ag fás gach lá. Ach má tá an rialtas ag súil go mbeidh muid go léir páirteach i sceim mar seo an nglacfaidh siad le drochbheart Eircom ag treigeadh an .ie i bhfábhar an .com? Nár choir brú a chur ar Eircom filleadh láithreach ar an seoladh cuí d'Éirinn: .ie?
Ach caithfidh muid bheith praicticiúil chomh maith, agus go dtí go ndéanann siad amhlaidh chinn mé athrú demo chuid féina dhéanamh. Bhog mé mo chúntas ó Eircom go dtí Esatclear, comhlacht atá, ar a laghad, ag coinneáill an seoladh .ie. Má's maith leat teagmháil a dhéanamh liom feasta tá mé ar fáil ar: eoghan@esatclear.ie - le seoladh mar sin mothaím go bhfuil seoladh Éireannach agam agus chá bhfuil mé `fa' churam na comhlachta'.