Remembering the Past
tAthair Eoghan O Gramhnaigh
Le Aengus O Snodaigh
Cuidigh Simple Lessons in Irish ag Eoghan O Gramhnaigh le na mílte nó b'fhéidir fiú na céadta míle duine a mhealladh i dtreo an Ghaeilge a fhoghlaim. B'iad, mar aon bunadh Chonradh na Gaeilge a chuir beocht isteach i nathbheochan na teangan agus a chothaigh athuair spiorad náisiúnta athuair. Is air na bunchlocha a bhí leagtha ag ) Ghramhnaigh, de hIde agus O Cíosóg a thóg an IRB gluaiseacht na Poblachta athuair ag tús an chéid.
fáthanna eile Rugadh Eoghan O Gramhnaigh i mBaile Fallúin, lámh le hAth Buí i gContae na Mí, ar an 24 Meán Fómhair 1863. Bhí cónaí air an gclann i teach beag a bhí ar chíos ón tiarna talún, Abraham Colles.
Ainneoin an cáil a tháinig ar Eoghan maidir leis an Ghaeilge, níor tógadh le Gaeilge é. Dár leis féin, ní raibh teangmháil aige le'n ár dteanga dúchais go dtí go raibh 14 bliain slánaithe aige. Baineadh preab as agus é amuigh sna páirceanna lá nuair a d'fheagair duine dena hoibrithe a bheannú i dteanga iasachta - Gaeilge a bhí ann. Spreagadh an suim ann, agus ó shin ar aghaidh dhéan tréan iarracht an teanga ársa Gaeilge a fhoghlaim. Agus é ag filleadh ó choláiste san Uaimh gach tráthnóna dhéanfaidh sé buaileadh isteach ar cainteoir dúchasach ón cheantair, Nannie Shiels, chun comhrá a dhéanadh léi.
Timpeall an ama seo chomh maith thosnaigh sé ag léamh Young Ireland agus nuachtáin eile poblachtánach an ré úd. Bhí an Chogadh Talún , na bhFíníní agus Parnell ag barr a réime ag an am. Minic Eoghan ag scríobh chuig na nuachtáin ag tacaíocht le haidmeanna na dreamanna réablóideach seo.
Chuaigh Eoghan go Má Nuad ar 1 Meán Fómhair 1882 agus dúirt scoláire amháin a bhí ann leis, Peadar Yorke faoi ina dhiaidh: ``Ní raibh d'aidhm aige mar mhac léinn ach a bheith ina scoláire Gaeilge agus ba bheag a b'fhiú sin sna blianta úd le do chumas a léiriú i Má Nuad...Blianta ina dhiaidh sin, d'adhmhaigh sé dom go raibh a intinn socruithe ó thús aige gan de staidéar a chur sna ghnáthábhair ach an mhéid a dhéanfdh cúis dó sa chaoi go mbeadh tuilleadh ama aige le caiteamh ar an nGaeilge.
Mar ábhar sagairt i Má Nuad níor dhéan sé dearmad ar a pholaitíocht poblachtánach agus lena chairde chuaigh siad ar oilithreacht go uaigh Wolfe Tone i mBaile Uí Bhuadáin, Contae Chill Dara.
Chaith sé gach samhradh i gceantracha Gaeltachta ag cuir snas ar a Ghaeilge. Agus is i nGaeltacht Thír Chonaill a d'éirigh an cairdeas idir é féin agus Dubhghlas de hIde. Déanadh sagart de i mí Meitheamh 1889 agus cuireadh go Muileann Cearr i dtús báire é agus i gceann dhá bhliana déanadh ollam le Gaeilge i gColáiste Má Nuad de ar 15 Deireadh Fómhair 1891.
Bhí ana-bhaint ag O Gramhnaigh le Conradh na Gaeilge ó lá a bunaithe 31 Iúil 1893 agus fuair go leor daoine spreagadh óna leabhair Simple Lessons in Irish a d'fhoilsigh an Chonradh. Díoladh 32,000 cóip bliain a foilsithe 1897.
Ach ní raibh an tsláinte ag O Gramhnaigh agus in anonn dul go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá ar mhaithe lena sláinte fuair sé bás i Los Angelus ar 18 Deireadh Fómhair 1899. Bhí cara mór na Gaeilge caillte agus níor tógadh a choirp abhaile go ceann ceithre bliana. Bhí sé curtha ar dtús i Reilg Calvery i Los Angelus, agus níos déanaí tar éis sochraid mór tríd Mheiriceá agus Éirinn, i Reilg Mhá Nuad.
B'iad Simple Lessons gaisce saoil Uí Ghramhnaigh. Ní fuarsta a thuiscint inniu chomh tábhachtach a bhí an leabhair beag glas sin. Dúirt an tAthair Dónall O Floinn fuatha:
``Cléir is tuath, íseal is uasal, fir léinn is lucht ceirde, bhídís gach duine acu agus a leabhrán beag glas ina phóca aige, an chéad leabhar agus an dara leabhar agus an triú leabhar... `I knew Irish once', arsa Frank Fay liom fadó, `I had done the Third Book of O'Growney'.''
Fuair Eoghan O Gramhnaigh bás 100 bliain ó shin an seachtain seo.