|
Dealbh Phádraig Uí Chonaire i nGaillimh
|
Ciontaíodh tríúr an tseachtain seo as damáiste a dhéanamh do dhealbh Phádraig Uí Chonaire i nGaillimh. Ach tá feall níos measa ná scrios a dheilbhe á dhéanamh ar an scríobhnóir le fada an lá. Míníonn an Draoi Rua an scéal.
Asal déanta de Phádraig
Cúisíodh tríúr as Contae Ard Mhacha i gCúirt na Gaillimhe Dé Luain seo chaite as damáiste a dhéanamh de dhealbh Phádraig Uí Chonaire níos luaithe i mbliana. Leag siad an cloigeann de agus gearradh fineáil de roinnt míle punt ar an tríúr.
Rinneadh cúis magaidh de Phádraig Ó Conaire (1883-1928) i rith an tsamhraidh de thairbhe an eachtra seo. Ós rud é nach raibh deis ag Comhairle na Cathrach i nGaillimhe an dealbh a dheisiú láithreach, tharla go raibh suíomh eile iontach ag turasóirí griangrafanna a thógail i lár na Faiche Móire i gcroílár na Gaillimhe. Bhíodh nós ag Gaeil agus Gaill a gcloigne féin a chur san áit a ba chóir ceann Phádraig a bheith.
Ar an drochuair, caithfidh mé admháil nach bhfuil mórán measa ag formhór de mhuintir na hÉireann ar Phádraig Ó Chonaire. Is léir dom nach bhfuil an oiread beime curtha ar ár gcúlra féin sa chóras oideachas sa lá inniu agus is traidisiún lárnach é an saibhreas liteartha a d'fhág ár sinsir dúinn. Dá bhrí sin, tuigtear go bhfuil níos mó eolais ag an ghnáthscoláire ar ghnéithe atá ag titim amach in Old Trafford le Man Utd nó ar MTV ná atá aige ar nithe a bhaineann lena shloinne, lena cheantar nó lena thír féin.
Is beag tagairt a dhéantar do Phádraig Ó Conaire i dteagasc na Gaeilge fiú. Tá clú agus cáil air mar dhuine a scríobh scéal beag greannmhar, `M'asal Beag Dubh' ach seachas sin ní dhéantar mórán trácht ar a shaothar. Tá gach seans ann go gcreideann lucht an oideachais go bhfuil a chuid scríobhnóireachta ró-réabhlóideach don lá inniu go fóill.
`Ní féidir capall rása a dhéanamh d'asal' a deir seanfhocal ach is dócha gur chóir a admháil go ndearna asal beag dubh go minic de Pádraig Uasal Ó Conaire.
B'fhéidir gurbh é saibhreas ard ar an leabhar is coitianta sa tír don ardleibhéal sa Ghaeilge ina bhfuil cúrsa iomlán leagtha amach ann. Mar chuid den chúrsa, caithfidh mic léinn stair na Gaeilge a fhoghlaim ach tá caibidil amháin ann i dtaobh `Scríobhnóirí tábhachtacha'. Mo bhrón, ach is léir nár chreid lucht eagarthóireachta an leabhair áirithe seo go raibh an oiread tábhachta ag baint le Pádraig Ó Conaire, le Seosamh Mac Grianna, le Myles na gCopaleen agus le roinnt eile óir ní dhéantar trácht ar bith dóibh sa leabhar. Is é sin sampla de laigeacht sa chóras agus mé ag trácht ar an chaighdeán is airde atá le fáil sna meánscoileanna. Caithfear a admháil gur féidir le dálta a rogha próis a léamh don Ardteistiméireacht ach fiú ansin, thiocfadh le duine dul tríd an chóras iomlán gan aithne a chur ar Phádraig s'againne.
Is mór an trua nach mbíonn seans ag dáltaí na tíre seo aithne ceart a chur ar a gcúlra féin. Bhí Pádraig iontach díograiseach le Conradh na Gaeilge cé gur chreid an eagraíocht céanna go raibh sé ró-chonspóideach dóibh in amanta. Bhí dearcadh sóisialach agus réalach le sonrú ina chuid scríobhnóireachta ina raibh idir daonnacht agus greann le fáil. Sheachain sé an stíl romansach a bhí á chleachtadh ag a chomhaimsirigh. Léirigh sé an t-olc, an ghránnacht chomh maith leis ana maitheasaí a bhí le fáil i saol na hÉireann. Bhí taithí aige ar shaol na tuaithe agus ar shaol na cathrach agus thuig sé an bochtanas agus fadhb an óil fosta.
Is dócha gurb é Pádraig Ó Conaire ar an chéad scríobhnóir gairmiúil a tháinig chun tosaí le linn Athbheochán na Gaeilge ag tús an chéid. Bhí a chroí sa litríocht seachas rudaí eile. Bhí daoine eile sa Chonradh tógtha le cúrsaí oideachas, cúrsaí polaitíochta agus araile ach thuig Ó Conaire tábhacht an fhocail scríofa i slánú na teangan. Chum sé roinnt drámaí, leathdhosaen cnuasacht de ghearrscéalta agus úrscéal amháin, Deoraíocht. Céim mhór chun tosaí a bhí san úrscéal seo inar bhris sé na sean-nósanna litríochta a bhí faoi réim agus é ag reitiú an bealach nua liteartha a bhí le teacht. Cuirtear síos ar dheoraí ó Éirinn ina chónaí i Londain san úrscéal seo agus, mar atá le cuid is mó dá shaothar, is fiú agus is oiriúnach é a léamh inniu.
Tá mé cinnte gurbh fhearr le Pádraig ó Conaire go mbeadh tuiscint ag muintir na hÉireann ar a chuid scríobhnóireachta ná fios a bheith acu go raibh dealbh ann in ónóir dó i gcathair na Gaillimhe. Lena chois sin, rinneadh teach tábhairne den áit inar rugadh é ag na duganna i nGaillimh agus cé go bhfuil ceadúnas speisialta foscailt ar a seacht a chloig ar maidin chreidfinn go fóill, gurbh fhearr le taibhse Phádraig go mbeadh Deoraíocht léite agat ná pionta luath caite siar do scornach. Seans, áfach, go mbeadh an pionta tuillte agat i ndiaidh don leabhar a léamh!
Foilsíodh leabhar ag iarbhall den RUC, Alan Simpson, an tseachtain seo ag inseacht a leagan den fhirínne faoin phéas. Le himeacht Gay Byrne, cé eile a thugfadh ardán poiblíochta dó ach Pat Kenny
Bolscaireachta Dubh...
Sílim gurb é Breandán Ó hÉithir, leaba sna flaitheas dó, a tháinig ar an choinciap faoin `dubhchrónach cairdiúil' nó an `Friendly Black and Tan'. Ar ndóigh, bheifeá ag cuartú go fada chun an cinéal d'ainmhí a aimsiú, ach ba mhaith an smaoineadh mar eiseamláir d'athscríobh staire na tíre seo. Tá daoine ann a mhaithfeadh gach uile peaca a rinneadh orainn ag fórsaí na Breataine agus a smaoinfeadh go raibh siad ag déanamh mar a ba cheart, agus nach fiú cuimhneamh ar a leithéid.
Bhí seans againn duine dena dubhchrónaigh chairdiúla seo a chluinsint, an tseachtain seo nuair a chuireadh agallamh ar iarbhall den RUC, Alan Simpson atá ina dhiaidh leabhar a fhoilsiú faoina laethanta mar bhall den fhórsa. Le himeacht Gay Byrne, cé eile a thugfadh ardán poiblíochta dó ach Pat Kenny. Ní gá domh a rá gur agallamh bog, lag, neamhfhiosrach a cuireadh air: ní hé seo an chéad uair a thaispeán an Pat Kenny céanna go bhfuil bá ar leith aige don RUC.
D'inis Simpson scéalta faoi ionsaithe ar Arasáin an Aontais i 1969 agus breis agus 2000 `skinheads' páirteach ann. Bhí siad ar a mbealach ar ais ó chluiche sacair ina raibh Linfield páirteach. Níor mhínigh sé, áfach, cad chuige gur ligeadh don slua seicteach dul an treo sin, agus níor mhínigh sé nó níor chuir Pat ceist ach an oiread, cad chuige nach raibh ach 18 mball den RUC (mar a chuimhnigh sé féin) i láthair chun stop a chur orthu agus iad ag ionsaí ar náisiúnaithe na n-arasán.
I ndiaidh an eachtra sin, bhí Simpson lonnaithe i Sraid Tennant go dtí gur ceapadh é ina bhall de Rannóg A, grúpa bleachtairí, dar leis, a thiocfadh isteach chun `cabhair' a thabhairt don CID áitiúil ina n-iarrachtaí chun cúisithe a chinntiú agus faisnéis a mhealladh as príosúnaigh faoi cheist ag an RUC.
Is cuimhin liom an Rannóg A. Déanta na firínne, is cuimhin liom údar an leabhair seo agus é ina bhall de rannóg A. Is cuimhin liom, agus déarfainn gur chuimhin le go leor leor agaibh, módhanna oibre agus cur chuige na Rannóige úd. Is masla don fhirínne é go ndéarfadh aon duine gur `bleachtairí' iad na baill de. Níor lean siad aon phatrún fiosrúcháin, ná iniúchaidh. Thiocfaidís isteach go ceanntar áirithe gléasta le `fianais' ó bhrathadóirí nó ó dhaoine a bhí faoi cheist nó ó raflaí agus béalscaoileadh nó ó bharúla na bpéas áitiúil. Faoin am go dtiocfaidís isteach sna beairicí áitiúla bheadh baicle príosúnaigh gafa i ruathair go móch ar maidin sin. Seans go mbeadh na príosúnaigh seo gortaithe cheanna ag na saighdiúirí a ghabhfadh iad nó seans go mbeadh na príosúnaigh ag fanacht ar tús an tréimhse ceistiúcháin nuair a thosódh an bualadh i gceart. Agus ansin, trí, ceithre, nó b'fhéidir seacht lá ina dhiaidh sin d'imeodh an Rannóg A, sásta leo féin dá mbeadh ráiteas sínithe ag príosúnach de bharr an bhualaidh, an bhrú, na mbagairtí, na foiréigne nó na mbréaga a d'imródh an Rannóg A le linn na seachtaine.
Agus ní raibh, i Rannóg A, ach tús an scéil. Bhí E4A agus an SPG, agus Shoot to Kill, cásadh, an Coiste agus eile mar chomharbaí air, gach glúin ag éirí níos measa ná an gluin a chuaigh roimhe.
Is dóigh go bhfuil foilsiú an leabhair seo tráthúil don RUC. Ní féidir a shéanadh ná gur saothar bolscaireachta atá ann, agus an t-údar ag iarraidh damáiste Thuairisc Patton a theorannú. In insint a scéil dó `siad an RUC an líne in aghaidh na n-olc agus níl Simpson chun admháil lochtanna, cóireanna agus dlíbhriseadh an RUC. Déanta na firínne ar chlár Kenny chosaint sé cosra Chaisleán an Rí, fiú, cé gur cáineadh an t-ionad ceistiúcháin/céasta go láidir ag Amnesty International as ucht an bhruidiúlachais le linn na seachtóidí - an tréimhse céanann céanna go raibh Simpson ann.
Bímis réidh do thionscnamh leabhar amach anseo ag moladh an RUC. Tá an fórsa ina laethanta deiridh ach ag troid dá thódhchaí go fóill. Scríobhadh a leithéid de Simpson a chuid bolscaireachta ach nach mór an masla d'íobairtí an RUC go bhfuil RTÉ agus Pat Kenny sásta poiblíocht neamhchriticiúil a thabhairt dó?