Fir Uaisle Naofa
Dé Domhnaigh seo chaite rinneadh naoimh dé dháreag eile san Eaglais
Caitliceach. Deirtear gurb iad seo an dream deireanach a bhéas
aitheanta oifigiúl faighte acu sa chéad seo. Tá suas le trí chéad
naoimh aitheanta ag Eoin Pól II anois, is é sin formhór na naoimh a
bhfuair aitheantas le cúig chéad bhliain.
Tugtar fá deara, áfach, gur fir uilig a bhfuair an t-aitheantas
ofigúil Dé Domhnaigh seo chaite. Caithfidh mé a admháil nach gcuireann
a leithéid de nuacht iontas ar bith orm agus tuiscint agam ar an
dearcadh atá ag údarás na heaglaise.
Tuigtear go bhfuil níos mó fir uaisle I measc na naoimh ná dream ar
bith eile. De réir foinsí eolais, is fir beagnach 80% de na naoimh
aitheanta. Lena chois sin, creidtear go bhfuil cúlra uasal-aicmeach ag
90% de na naoimh.
Ar ndóigh, más bean bocht thú, is beag seans a bhéas agat aitheantas
naofa a fháil ón Eaglais Caitliceach. Bhuel, ní dóigh liom go
gcuireann seo iontas ar mhuintir na tíre agus tusicint soiléir againn
ar an dóigh a bhfuil stadas na mban coinnithe faoi chois ag an eaglais
céanna.
Maidir lenár dtír féin a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain
mar oileán na scoláirí is na naoimh, níl ach triúr ina measc a bhfuil
aitheantas oifigúil na heaglaise bronnta orthu. Anois níl mise ag
gabháil a n-ainmneacha a lua ach fágfaidh mé é mar cluiche tomhais do
léitheoirí an ailt aeo. Tabharfaidh mé leid amháin; níl mná ar bith I
measc an triúr.
Má ndéanann duine ar bith againn iarracht smaointiú fá bannaomh
Eireannach, is dócha go mbeadh naomh Bríd ar bharr an liosta nó
congárach go leor don bharr. Ach, an ábhar iontais é nach bhfuil sí
aitheanta? Maidir le Bríd féin, tá cúlra iontach págánach aici. Ba
léir go raibh tionchar ollmhór ag reiligiún na draoithe uirthi, agus
creideann scoláirí áirithe gur bandraoi a bhí inti i ndáiríre. Tá
faisnéis cinnte againn go raibh bandia againn dárbh ainm Bríd ach níl
aon faisnéis iomlán ann le cruthú go raibh bannaomh ann leis an ainm
céanna.
Is é mo thuairim féein nach bhfuil an oiread sin naoimh aitheanta as
Eire ná go bhfuil cúlra ceilteach againn. Níl amhra ar bith ann go
bhfuil cúlra págánach ag an chuid is mó de na nósanna is na
traidisiúin a chleacht na sean-naoimh in Eirinn. Ar ndóigh, bhí
tionchar chomh mór sin ag an sean-reiligiún ná gur lean na Críostaithe
á cleachtadh. B'é an fhadhb a bhí ann, ná go raibh údarás na heaglaise
sa Róimh ag iarraidh smacht a choinneáil ar gach uile rud. Leoga, ní
raibh siad ábalta na seantraidisiúin ceilteacha a smachtú.
Tharla go raibh tréimhse I stair na heaglaise go raibh scoilt ag
forbairt I bhfad sula raibh trácht ar a leithéid de Martin Luther ná a
dháth
Bhí an oiread sin mainistreacha bunaithe ag mainigh Eireannacha ar fud
na hEorapa agus iad uilig ag cleachtadh seannósanna na Gaeil a bhí
bunaithe ar traidisiúin na gCeiltigh go formhór. Bhí údarás na
heaglaise sa Róimh i gcónaí ag iarraidh smacht a choinneáil agus a
nósanna féin a chur in áit na seantraidisiúin dúchasacha. Ar ndóigh,
tuigtear gur bhrúigh an Eaglais Caitliceach Laidin ar gach tír
dúchasach a tháinig faoina cumhacht. Ar aon nós, bhí coimhlint
cumhachta idir dream na Róimhe is an dream ceilteach a mahir roinnt
mhaith de bhlianta. Ní gá dom a rá ach gur bhuaigh scaifte na Róimhe
an achrann ag deireadh an lae.
B'íoranta an rud é ach cluintear ráitis anois is arís ó lucht an
údaráis go bhfuil dearcadh nua-aimseartha forbartha ag an eaglais
l'aird an phobail a mhealladh sa lá inniú. Cé go raibh moltaí is rúin
raidiceacha curtha chun tosaigh ag Vatican II, níor tháinig mórán
d'fhorbairt orthu thar tríocha bliain. Cad is fiú tuairimí eile a chur
os comhair mhuintir na tíre inniú nuair a leanann údarás na heaglaise
le seandearcadh coimeádach a chleachtadh?
Cibé ar bith, má táimid sásta glacadh le gach uile focal ó lucht an
údaráis, nil seans ar bith againn mar Gaeil Ceilteacha neamh a bhaint
amach. Bhuel, is dócha go mbeadh seans éigin ag na fir is saibhre atá
inár measc.
Draoi Rua.
Nirvana Oraisteach
Táinig Eoghan Mac Cormaic trasna suíomhanna in ómos dilseoireachais
agus é ag surfáil le déanaí, ach ní bhfuair sé móráon ionspráide
iontu...
Tá daoine a deirfidh nár chóir do phoblachtanach rá riamh `go raibh am
saor aige/aicí' agus an mhéad sin rudaí atá le déanamh i gcónaí agus
an easpa daoine leis an dua a chomhlíonadh. Bíodh sin mar atá,
chruthaigh mé `am saor' domh féin le déanaí le linn domh bheith ag
scríobh m'alt don pháipéar seo. Tharla go raibh mé ag iarraidh píosa
eolais áirithe a chinntiú don alt agus rinne mé amach nach bhfuil
eolaire níos foirleathaine, níos uilechumhachtaí ná an t-idirghréasan.
Shuigh mé síos os a chomhair ag súil go mbeadh freagra le fáil ann do
mo cheisteanna.
Bhí mé ag lorg eolais a bhain le dílseoirí, dáta áirithe a chreid mé
go mbeadh tagairt déanta air ar cheann de na `suíomhanna'
dílseoireachta. Chlóbhuail mé an focal `loyalist' sa bhosca ar leith a
dhéanann cuardach den idirghréasan agus i bhfaiteas na súile bhí
liosta fada de shuíomhanna leagtha amach domh, gach ceann acu ag
tabhairt fáilte romham, gach ceann acu ag céiliúradh gnéithe éagsúla
de dhílseoireachas. Nirvana Oraisteach.
Daoibh-se a thuigeann an t-idirghréasan, aithneoidh sibh an cineal
ainmneacha a bhí le féiceáil ann... Orangenet, orangeweb, loyalweb
agus mar sin de. Ní raibh mé ag smaoineadh faoi am ar bith a
chaitheamh ag surfáil a leithéid de shuíomhanna ach ina dhiaidh cupla
bomaite, `siúd mé, gnóthach ag léamh - agus ag gáire. Ní bheadh a
fhios agat an dairire nó ag magadh atá `údair' na suíomhanna seo
uaireanta agus an seafóid a chrochtar ann. Caithfimid glacadh leis go
bhfuil siad i ndáirire ach ag an am céanna bíonn siad ina gceap
magaidh mar gheall ar na tuairimí a bhíonn le léamh ann.
Ina measc na suíomhanna is mó suas chun dáta tá ULIS net. Seirbhís
Eolais Dílseoirí Ulaidh.
Eolas, ar dhúirt mé? Is suíomh é seo in ómos do Billy Wright cé go
bhfuil meascan de stuif eile ann chomh maith. Tá pictiúir bhrea de
Johnny Adair ann, mar shampla agus ar eagla go mbeadh aon amhras ort
faoi seasamh nó ceangail idir an LVF agus an Adair céanna tá amhrán
molta ann do Johnny freisin.
Ar ndóigh, níl aon srian nó smacht ar an idirghréasan agus dá bhrí sin
bíonn `suíomhanna scathan' ina bhfadhb mhór... `Seo iad suíomhanna a
chuireann le fios go bhfuil siad in onóir duine nó cúis ach le fírinne
go mbíonn ag obair ar chlár gnó dá gcuid féin. Tá ULISnet buartha faoi
láthair go bhfuil suíomh eile ann a chuireann le tuiscint go bhfuil sé
in ómos Wright ach atá báúil do phoblachtanaigh! Is léir go bhfuil `an
scoilt' leathnaithe amach anois don idirghréasan féin. Bheadh Brendan
Behan ana sásta leis an fhorbairt sin.
Ar na rudaí is greannmhaire faoin suíomh áirithe seo tá `clár na
bhfógraí', roinn ar leith inarbh fhéidir le `cuairteoirí' don tsuíomh
teachtaireachta a fhágáil. Faoin am gur tháinig mé féin air, bhí
teachtaireachtaí ann ó beagnach 240 duine ach ní raibh siad ar aon
intinne, ar chor ar bith, faoi theachtaireacht an tsuímh. Bhí go leor
leor teachtaireachtaí ann ó dhílseoirí ag moladh ciníochais, agus
náisiúnachais Breatánaigh agus go leor leor acu ag críochnú leis an
mana `Hail Billy Wright!' Ach má bhí siad ann, bhí fógraí eile ag
cáineadh na dteachtaireachtaí lán d'fhuath. Níor bhain mo rogha féin
de na teachtaireachtaí le rudaí chomh dáirire sin, áfach. B'iad
ainmneacha pinn na gcuairteoirí a thug cúis gáire domh: maslaí ó
Pádraig ó Maolchraoibhe agus Gerry Adams, dán in onóir Wright ó Crip
Mc Williams agus mar sin de. Nuair a léann cuairteoir na
teachtaireachtaí níorbh fhéidir an chuid eile den tsuíomh a ghlacadh i
ndáirire.
`Sí an fhadhb is measa faoin surfáil ná go gcaithfea uair a chloig i
ngan fhios duit féin ag cur d'ama amú agus mar a dúirt mé, tá daoin
ann a gheallann nach bhfuil am againn mar phoblachtanaigh chun chur
amú. Ach nach fiú an t-am é nuair a thagann tú ar sheoda mar seo, ó
shuíomh dílseoireachta eile a théann faoin teideal `Ireland Music',
agus atá lán d'amhráin dílseoireachta/ciníocha/lán d'fhuath. Cuimhnigh
go bhfuil siad i ndáirire faoi seo, agus iad féin a chuir an béime
ann.
Hello hello, (bellow loudly)
we are the Billy Boys
hello hello
you'll know us by our noise
we're up to our necks in fenian blood
surrender or you'll die
`cos we are the Billy Billy boys
(repeat until arrested)
Bellow loudly?. A la Paisley, b'fhéidir?