oíche a chaoin Mary Harney
|
Nuair a cuireadh Robert Russell trasna an teorann ag scairteadh go raibh Ó
hEochaidh ina fhealltóir, cé fios nach raibh sé níos cóngaraí don fhírinne
ná mar a cheapadh ag an am
|
Barry Desmond bocht! Rachaidh sé dian air déanamh gan a thuarastal mar
chomhalta de Chúirt Iniúchóirí an AE. Tar éis sé bliana de bheith ag
tuilleamh £120,000 sa bhliain beidh air dul i dtaithí ar bhreathnú ar
thaobh na bpraghsanna den bhiachlár.
Ach is bronntanas é do Bertie go mbeidh folúntas Barry le líonadh aige.
Teastaíonn ó Mary Harney go bhfaigheadh Des O'Malley an post. Tá Mary ag
breathnú amach do cheapachán a d'oirfeadh don Bhuamadóir O'Malley ó theip
air sa toghchán don Pharlaimint Eorpach ceithre bliana ó shin. B'in an
oíche a bhfuaramar amach nár bhean chrua gan chroí í Mary. Chaoin sí deora
nuair a séanadh an ``pinsean'' Eorpach ar an mBuamadóir. Ní gá a bheith i do
iniúchóir leis an £120,000 sa bhliain a bhaint amach. D'fhéadfadh Des an
jab a dhéanamh agus cur faoi sa Bhruiséil rud a thabharfadh deis dó
champagne a ól go rialta i gceannáras ECAT agus comhairle a roinnt leis na
ginearáil.
Tá daoine ann a deir nach bhfuil an Chúirt Iniúchóirí ró-iniúchach.
Cleachtaítear camaistíl ar scála ollmhór sa Choimisiún Eorpach. B'in ba
chúis le turnamh Jacques Santer agus a chomhghleacaithe. Ba é an locht ba
mhó a bhí ag an bParlaimint Eorpach ar Santer agus a chuid nach raibh
smacht ag na Coimisinéirí ar fhoras an Choimisiúin. Níl aon sóirt
chomharthaí ann go bhfuil athrú le bheith air sin.
Níl aon ghné dhaonlathach ag baint le ceapadh ardfheidhmeannaigh an
Choimisiúin. Club féin-athnuachana é maorlathas na Bruiséile agus bíonn
buiséid ag na Stiúrthóireachtaí-Ghinearálta a sháraíonn a mbíonn ag cuid
mhór tíortha. Beag beann ar an gcaimiléireacht lom tuigeann an uile
ardfheidhmeannach go bhfuil an coimisiún ann le leas fhathaigh an rachmais
dhomhanda a chur chun cinn. Is fiú aird a thabhairt ar a bhfuil le rá ag
an Stiúrthóir-Ghinearál um Ghnóthaí an Mhargaidh Inmheánaigh agus um
Sheirbhísí Airgeadais, John Mogg, faoin ``ailtireacht airgeadais dhomhanda''
atá á pleanáil ag an G7. Deir Mogg maidir le haon chomhlacht nua a
dhéanfadh maoirsiú ar rialacha airgeadais ar scála domhanda go mba cheart
dó a bheith ionadaitheach de mhargaí caipitil idirnáisiúnta agus de na
mórbhloic thrádála. Teastaíonn uaidh go mbeadh an córas nua ``free from the
control of accountants and the domination of existing financial reporting
regulators.'' Ní hí an chaimiléireacht ná an géilleadh do leas na
dtrasnáisiúntán amháin is ceart a bheith ag déanamh tinnis don phobal agus
Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa á dtoghadh coicís ó amárach (11
Meitheamh). Is ceart gach iarrthóir a cheistiú faoin an seasamh atá acu
faoi ról míleata AE, go háirithe an tacaíocht a tugann sé do bhuamáil
bhrúidiúil agus mhídhleathach na hIúgslaive.
Ní hamháin gur féidir leis an bParlaimint Eorpach ardán a thabhairt do
dhaonlathaithe ach d'fhéadfadh sé a bheith ina fhóram ina ndéanfaí plé ar
threochtaí na hEorpa, idir an Eoraip bheag (an AE) agus an Eoraip mhór. Ar
ndóigh ní parlaimint í ó cheart mar ní comhlacht reachtais í go bunúsach.
Is é an Coimisiún neamhthofa a cheapann dlíthe an AE. Ní miste a bheith
soiléir céard is daonlathú ann i gcás institúidí an AE. Is céim i dtreo
daonlathais é aon bhogadh a thabharfadh cinnteoireacht níos gaire don
phobal. Ba threisiú ar dhaonlathas é aistriú cumhachta ón gCoimisiún
neamhthofa go dtí parlaimint thofa ach ba lagú ar dhaonlathas é aistriú
cumhachta ó pharlaimint náisiúnta go dtí foras den AE, fiú má bhíonn sé
tofa.
Colm de Faoite
Keane Tú Féin, a Fhealltóir
Fad is a bhí na tráchtairí polaitiúla ag caint agus ag scríobh faoi
bhéalscaoileadh Terry Keane an tseachtain seo chuaigh thart, agus an mhéad
a dúirt sí ar an Late Late agus in áiteanna eile faoina caidreamh le Cathal
Ó hEochaidh, bhí poblachtánaigh ag cuimhneamh, is dóigh liom, faoi
imeachtaí eile a tharla le linn réimis Uí Eochaidh a d'fhág rian
fadtéarmach ar an tsreachailt phoblachtánach agus saoirse in Éirinn.
Taobh amuigh de chaint adhairte Uí Eochaidh agus Keane faoin gheilleagair,
nó faoi straitéis tóghchánaíochta Fhianna Fáil nó faoin Buíon 22 agus
gluaiseacht frithEochaidh láistigh d'Fhianna Fáil, ar labhair siad faoi
impleachtaí a gcaidrimh ar neamhspleáchas Uí Eochaidh féin agus an oscailt
a bhí ann do dhúbhmháil?
Ná bac leis an bhéalchráifeacht dochreidte - agus domhaite - a bhain leis Ó
hEochaidh ag léachtóireacht faoi `chrois a fhaisceadh' agus é ag ithe
béiltí a chosnaigh breis agus £2000 in aghaidh na seachtaine; nó faoi
cholscaradh agus dlithe an teaghlaigh agus é ag maireachtail dé-shaoil,
`siad na himpleachtaí idirnáisiúnta a d'éirigh as sin ba cheart a scrúdú.
Cuimhnigh ar chuairt Uí Eochaidh ar Shráid Downing agus pota tae airgid
luachmhaire faoina bhacall aige mar bhronntanas do namhad na tíre seo,
Thatcher. An bhfuil éinne in ann a rá linn anois nach raibh a fhios aici
roimh reidh faoi iompar Cathal agus Terry? Do mheas nach raibh MI5 nó MI6
nó craobh eile de na seirbhísí rúnda ag cúléisteacht leis an bhréagadóir
agus a shearc, ag tap-áil an tap-adóir féin, nó nach raibh cóip ina seilbh
acu den ghrianghraf sin a foilsíodh an tseachtain seo de Keane ag pogadh Uí
Eochaidh, nó cé fios, grianghraf níos sóiléire fós den bheirt. Le
grianghraf mar sin, nó le cruthúnas den saol dúbáilte á bhí aige, nach
mbeadh tionchar iontach thar chinniúintí Thaoiseach na tíre nuair ba ghá?
Cinniúint faoin Tuaisceart, faoi chinnsireacht, faoi eiseachadadh agus
araile? Nuair a cuireadh Robert Russell trasna an teorann, go lámha an RUC
agus nuair a scairt sé leis na ceamaraí go raibh Ó hEochaidh ina
fhealltóir, cé fios anois nach raibh sé níos cóngaraí don fhírinne ná mar a
cheap muid ag an am. Bhí Ó hEochaidh comhgheallta, lag, ar fáil, agus de
réir dealraimh, saor don saghas dúmhála a ligfeadh do naimhde na tíre seo a
rogha polasaithe a bhrú fríd le toil drogallach an taoisigh. Is feall é gan
amhras post cumhachtach agus freagrach, lán de dhualgais, a ghlacadh nuair
is léir nach bhfuil tú neamhspleách don phost a dhéanamh.
Ach an raibh Ó hEochaidh ar a aonar san fheall seo? Nó an raibh a fhios ag
a dhóthain dá chomhleacaithe - i bhFianna Fáil agus i bpáirtithe eile - le
clúdach moralta a thabhairt dó nuair a bhí a fhios acu cad a bhí ar shiúl?
Deir Keane féin gur chaith sí deireadh seachtaine i dteach samhraidh Uí
Eochaidh i gcomhluadar Mhícheál Uí Chinnéide agus a bhean chéile. Cé mhéad
teachtaí eile a bhí eolach faoin chaidreamh `rúnda' agus a mhair an saghas
`bréagshaol' a's a mhair Ó hEochaidh féin. Cé mhead acu, fríd an
bhéalchráifeacht sin a lig agus a chuidigh le ceannaire na tíre é féin a
nochtadh do dhúbhmháil?
Tá go leor leor gnéithe de shaol Chathal Uí Eochaidh a chaithfear iniúchadh
go fóill, agus is fiú iad a ghrinnscrúdú. Tá seans, faraor, go dtiocfar ar
an toradh, ag deireadh an lae, go raibh an ceart ag Deasún ó Máille agus
Garret Fitzgerald tráth, nuair a dúirt siad a dúirt siad faoi Ó hEochaidh,
`flawed pedigree' agus `low standards in high places'. Má tá orm teacht in
aontas leis an bheirt sin, ní mhaithfidh mé Ó hEochaidh riamh as.